Baile     

Árachas

Is éard is árachas ann ná bealach chun tú féin a chosaint ar riosca. Más rud é go bhfuil drochrud éigin a d’fhéadfadh a tharlú, má íocann tú árachas déanfaidh sé tú a chosaint ar chaillteanas airgid má tharlaíonn an drochrud sin. D’fhéadfadh gur árachas breoiteachta é nó árachas ag aonach siamsaíochta áit a bhféadfadh timpiste tarlú. Tá roinnt cineálacha árachais éigeantach, mar shampla árachas gluaisteáin. Sna príomhphoist in earnáil an árachais déantar an riosca a ríomh go dtarlódh drochrud agus ríomhtar an costas dóchúil a bheadh ag baint leis sin, ionas gur féidir praghas don pholasaí árachais a ríomh go beacht.

Conas a oibríonn árachas?

Ullmhaíonn an t-árachas tú le haghaidh riosca, mar shampla an riosca go ndéanfaí rud é a ghoid ort, nó i gcoinne na gcostas a bheadh i gceist dá dtarlódh timpiste ghluaisteáin nó géarchéim le do shláinte. Is é an bunchoincheap ná go n-íocann méid áirithe airgid ar bhonn rialta le soláthraí árachais chun tú a chlúdach i gcás go dtarlódh an rud sin, agus má tharlaíonn, clúdóidh an chuideachta árachais an costas. Go bunúsach, tá níos lú á íoc ach anois ionas go mbeidh tú in ann teacht aniar uaidh má tharlaíonn an rud is measa. Is bealach é chun tú féin a chosaint ar chostais ollmhóra.

Is féidir le cuideachtaí árachais an tseirbhís seo a sholáthar trí ríomh a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh rud agus an t-árachas a phraghsáil dá réir sin. Mar shampla is féidir leo leas a bhaint as dlí na dóchúlachta má atá líon mór daoine i gceist, abair an líon mór daoine a cheannódh árachas tí, cé nach ndéanfaí damáiste do gach teach ná ní dhéanfaí goid ó gach teach. Mar sin, má íocann gach duine as an líon mór daoine méid áirithe chun an riosca a chlúdach, beidh na cuideachtaí árachais in ann méid a íoc amach do na daoine a dtarlaíonn sé sin dóibh.

Cineálacha árachais

Tá a lán cineálacha árachais ann, ag clúdach daoine aonair agus eagraíochtaí ar eagla go dtarlódh caillteanas, goid nó gortú. Seo a leanas roinnt samplaí:

  • Árachas gluaisteáin: tá sé éigeantach árachas gluaisteáin a fháil chun tiomáint ar bhóithre na hÉireann. An cineál atá éigeantach ná árachas tríú páirtí, a bhfuil coinníollacha ag gabháil leis. Sa chineál sin árachas, más tusa is cúis leis an timpiste ní chlúdófar ach an páirtí eile sa timpiste agus do phaisinéirí, cé go mbeadh ort díol as do chostais féin. Ar na fachtóirí a ndéanann cuideachta árachais iad a mheas agus an riosca á ríomh acu tá d’aois agus aois do ghluaisteáin, cé mhéid taithí atá agat mar thiománaí, cad dó a mbeidh tú ag úsáid an ghluaisteáin agus má tá aon stair agat éilimh a dhéanamh le haghaidh timpistí.
  • Árachas sláinte: Má tá árachas sláinte agat beidh fáil agat ar chóireáil in ospidéil phríobháideacha agus ó ghairmithe sláinte príobháideacha. Ach ní bhaineann tairbhe an árachais sláinte le héigeanálaí leighis amháin. Níos mó agus níos mó sa lá atá inniu ann clúdaíonn an polasaí árachais sláinte rudaí eile cosúil le tacaíocht do stíl mhaireachtála shláintiúil, ranníocaíochtaí i dtreo ballraíochta le clubanna spóirt, fisiteiripe, trealamh gleacaíochta agus scagthástálacha réamhchúraim
  • Árachas taistil: Is féidir a lán rioscaí a bheith ag baint leis an taisteal, mar shampla an riosca go mbeadh ort cóireáil leighis a fháil thar lear nó go gcuirfí taisteal agus lóistín ar ceal agus tú thar lear. Má tá polasaí árachais taistil agat, is féidir leat dul ar laethanta saoire níos baolaí, agus cuairt a thabhairt ar chinn scríbe níos iargúlta gan imní a bheith ort.
  • Árachas gnó: Tá árachas bunriachtanach do ghnóthaí. Cuireann árachas dliteanais ghairmiúil cosaint ar fáil do ghnóthaí ar dhaoine ag éileamh nach raibh an obair a rinne siad sásúil nó imleor agus tá sé ina cheangal dlí an cineál seo árachais a bheith agat in earnálacha áirithe. Tá árachas dliteanais phoiblí cosúil leis sin freisin, ag cosaint shealbhóir an pholasaí árachas má ghortaítear daoine nó má bhíonn caillteanas i gceist mar thoradh ar ghníomhaíochtaí do ghnó. Má tharlaíonn rud éigin a chuireann bac ar do ghnó ó bheith ag feidhmiú, clúdóidh an tÁrachas um Chur Isteach ar Ghnó na caillteanais a thabhaítear sa tréimhse sin. Cé go mbíonn gá mórchostas tosaigh a íoc i leith na gcineálacha seo árachas, an tairbhe a bhaineann leo ná gur féidir leis an ngnó a bheith ag feidhmiú gan a bheidh imníoch go dtarlódh rud éigin, agus roinnt den riosca á mhaolú aige ionas gur féidir le gnóthaí a bheith níos nuálaí agus a n-oibríochtaí a leathnú amach. 

Éilimh, Frithghealladh agus Tacaíocht Dhíreach don Chustaiméir

I bhfianaise fhairsinge earnáil an árachais, is dócha go bhfuil ról éigin a bheadh ag teacht le do spéiseanna agus tá a lán deiseanna don fhorbairt phearsanta ann. Mar shampla, d’fhéadfá a bheith i do fhrithgheallaí, ag meas an riosca a bheadh ann don chliant agus ag praghsáil an pholasaí árachais dá réir sin.

Ról éagsúil ná na héilimh féin a láimhseáil, áit a mbeifeá ag obair go díreach le sealbhóirí polasaithe árachais chun a chinntiú go bhfaigheann siad an íocaíocht amach atá ag dul dóibh nuair a dhéanann siad éileamh árachais.

Mar thionscal a bhíonn ag plé leis an bpobal, bíonn an-bhéim aige ar an tacaíocht do chustaiméirí, obair le daoine a bhíonn ag iarraidh polasaí árachais a cheannach, nó a bheith ag déileáil le sealbhóirí polasaí a bhíonn ag iarraidh éileamh a dhéanamh, chun a chinntiú go bhfaigheann siad an pacáiste atá oiriúnach dóibh. Tá táirgí árachais casta mar tháirgí, mar sin bíonn an-tóir ar ionadaithe seirbhíse custaiméara ar féidir leo na pacáistí éagsúla a mhíniú do chustaiméirí ar bhealach atá éasca le tuiscint.

Measúnóirí Árachais

Ar na ceisteanna is tábhachtaí a chuirtear nuair a bhíonn éileamh á dhéanamh tá ‘cá mhéid damáiste a rinneadh don ghluaisteán’ nó ‘cén luach a bhí ar an seodra sin a goideadh’. Is féidir leis sin a bheith ina mheasúnú thar a bheith casta, mar shampla cé mhéid ioncaim a chaill gnó agus an cur isteach ar an ngnó ar siúl.

An ról atá an Measúnóir Árachais nó ag an gCoigeartóir Caillteanais ná sonraí na n-éileamh a mheas agus a dhearbhú. Ar na nithe a mbíonn siad ag faire amach dóibh tá cibé acu an mbaineann an polasaí árachais leis an gcaillteanas nó leis an damáiste atá á scrúdú nó nach ndéanann agus an bhfuil an méid ceart airgid á éileamh. De ghnáth, bíonn Measúnóirí Árachais ag obair ar son na n-éilitheoirí, fad is a bhíonn an Coigeartóir Caillteanais ag feidhmiú ar son na cuideachta árachais.

Is féidir gairm mar choigeartóir caillteanais a bhaint amach ar roinnt bealaí éagsúla. Cuireann Institiúid Árachais na hÉireann Teastas Gairmiúil san Árachas (APA) ar fáil agus Dioplóma Gairmiúil san Árachas (CIP) dóibhsean ar mian leo dul le gairm i réimse an árachais. Dóibhsean ar mhian leo scileanna gairmiúla a fhorbairt sa choigeartú caillteanais is féidir leo dul ar aghaidh agus Dioplóma Deimhnithe sa Choigeartú Caillteanais a dhéanamh.

Cáiliú agus Obair mar Achtúire

Is éard atá san Eolaíocht Achtúireach ná cur i bhfeidhm modhanna staitistiúla i staidéar an riosca. In earnáil an árachais, bíonn achtúirí i mbun iniúchadh a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlódh rud. Ar an gcaoi sin is féidir leis an gcuideachta árachais polasaí a phraghsáil chun an tarlú sin a chlúdach go cuí. Chuige sin, tarraingíonn siad ar réimsí éagsúla, mar shampla matamaitic, anailís sonraí agus ar ríomheolaíocht ardfheidhmiúil.

An cur síos is fearr ar Achtúire ná speisialtóir a éascaíonn gné ríthábhachtach den ghnó ach nach ndéanann suas ach mionlach beag de líon iomlán na n-oibrithe sa tionscal sin. Dé ghnáth, beidh achtúire atá i gcleachtas tar éis eolaíocht achtúireach a staidéar agus creidiúnú a bhaint amach ó Chumann na nAchtúirí.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe