Baile     

Bia & Deochanna

Níl aon cheist ach go bhfuil bia agus deoch bunriachtanach dúinn chun a bheith beo, ach thairis sin caitheann daoine a lán dá n-acmhainní ar bhia agus ar dheoch ar leith, chun an saol a dhéanamh níos taitneamhaí. Tá an earnáil seo faoi bhláth ag gach céim den phróiseas táirgthe, agus dá bhí sin tá an iliomad deiseanna ar fáil ag gach céim, ón bhfeirm chuig an bhforc. D’fhéadfá a bheith ag obair i monarcha ag ullmhú bia, le búistéir nó le báicéir ag díol bia úr nó mar phríomhchócaire i mbialann ardchaighdeáin, ag caitheamh an-dua agus cúraim le hullmhú béilí.

Bia

Tá an-cháil ar Éirinn ag gach céim i dtionscal an bhia. Cuireann earnáil na feirmeoireachta táirgí úra ardchaighdeáin ar fáil ní hamháin do thomhaltóirí Éireannacha ach le go ndéanfaí iad a easpórtáil freisin. Bíonn raon mór cineálacha bia á dtáirgeadh acu. Tá borradh faoi earnáil an bhia ceirde a dhíolann a dtáirgí ag margaí feirmeoirí, le siopa-shlabhraí móra agus thar lear. Tá ár n-earnáil bialann an-tarraingteach do thurasóirí, idir thithe tabhairne is bhialanna ardchaighdeáin.

Tá a lán cuideachtaí éagsúla i mbun tháirgeadh bia na hÉireann. Ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí den earnáil sin in Éirinn tá comharchumainn feirmeoireachta a bhfuil dlúthnasc acu le feirmeoirí áitiúla. Cuireann na comharchumainn sin a lán tairbhí ar fáil do phobail feirmeoireachta, chun a dtáirgí a chur chun cinn agus na praghsanna is fearr a fháil, nó trealamh agus saineolas a sholáthar. Tá roinnt mhaith cuideachtaí Éireannacha a bhfuil próifíl ard idirnáisiúnta acu, mar shampla Glanbia, Kerry Foods agus Greencore.

Bia speisialtóireachta agus bia ó cheardaithe

Mar is amhlaidh le haon rud eile, is breá le daoine go mbeadh éagsúlacht ann, agus ní haon eisceacht é an bia. Bíonn tomhaltóirí níos mó is níos mó ag lorg raon níos leithne bia, agus tá an margadh le haghaidh táirgeoirí speisialtóireachta agus ceardaithe ag leathnú amach i gcónaí. Mar gheall ar an éileamh méadaithe seo ó thomhaltóirí tá a lán deiseanna ann d’fhiontraithe, agus líon na gcuideachtaí beaga bia ag dul i méid.

Is minic gur ar bhonn teaghlaigh a ritear na cuideachtaí sin agus ní bhíonn ach líon beag daoine fostaithe iontu. Is mínic a bhíonn na daoine a oibríonn le haghaidh na gcuideachtaí sin an-oilte ar a gceird agus paiseanta faoin obair, bíonn spéis acu go minic na comhábhair is fearr a fhoinsiú go háitiúil agus bíonn siad ar a ndícheall an traidisiún a choinneáil agus cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn. Mar gheall ar an méadú ar an éileamh ar mhargaí speisialtóireachta bia agus bia ó cheardaithe tá a lán deiseanna ann dóibhsean a bhíonn ag iarraidh a dtáirgí a chur chun cinn.

Dhá ghné ar leith a bhaineann leis an earnáil ná an dlúthnasc atá aici leis an bpobal áitiúil agus an dlúthchaidreamh le siopaí a dhíolann a dtáirgí, ar gnólachtaí neamhspleácha beaga iadsan go minic freisin.

Bialanna agus Siamsaíocht Oíche

Tá bialanna agus an tsiamsaíocht oíche ina gcuid mhór den saol in Éirinn. Is fostóir mór an earnáil seo agus meallann sí turasóirí. De ghnáth bíonn na daoine a oibríonn san earnáil seo an-sóisialta agus iad ag obair ag luas gasta, go minic istoíche agus ag seasamh agus ag siúl timpeall ar feadh tréimhsí fada.  

D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ag baint leis an cúraimí a bheadh ort, mar shampla cócaireacht, freastal ar bhoird, manglaim a ullmhú, foireann a bhainistiú nó biachláir a dhearadh. Éilíonn na gairmeacha sin scileanna sóisialta den chéad scoth mar go mbíonn na daoine ag obair go dlúth lena chéile agus leis an bpobal.

I gcás a lán daoine a oibríonn san earnáil seo, d’fhoghlaimíodar a gceirt sa phost féin, ach dóibhsean ar mhaith leo na leibhéil is airde a bhaint amach agus gairm a chruthú dóibh féin tá deiseanna oideachais ann gan amhras freisin. Díol suntas é an raon leathan de chomhchéimeanna a thugann an deis do mhic léinn ábhair ghaolmhara a staidéar, ag cur lena n-eolas agus lena scileanna. I measc na n-ábhar a dhéantar i gcomhar lena chéile tá Fáilteachas agus Margaíocht, Turasóireacht agus Bainistíocht nó Teanga agus Fáilteachas.

Deochanna

Tacaíonn earnáil na ndeochanna leis na mílte post ar fud gheilleagar na hÉireann, agus sciar sách beag díobhsan sa déantúsaíocht. Is mór-easpórtálaí an tír seo ar bhainne foirmle do naíonáin agus tá a lán brandaí de dheochanna a tháirgtear agus ndéantar buidéalú orthu in Éirinn, ag fostú na mílte daoine.

An chuid d’earnáil na ndeochanna is dócha a samhlaítear an nasc is dlúithe a bheith aici le hÉirinn ná grúdaireacht agus driogaireacht. Ar cheann de na mórcheisteanna don earnáil tá cothromaíocht a bhaint amach idir a dtáirgí a chur chun cinn agus cur chuige sláintiúil agus freagrach i leith an alcóil a chur chun cinn.

Eolaíocht an Bhia

Is réimse i bhfad níos fairsinge eolaíocht an bhia ná mar a cheapfá ó ainm na heolaiochta sin, agus cuimsíonn sí gach céim de thimthriall an bhia. Tá idir innealtóireacht, bhitheolaíocht agus cheimic i gceist leis an staidéar chun ár mbia a fhómhar, a mharú, a phróiseáil agus a thomhailt.

Tá roinnt cúrsaí ann in eolaíocht an bhia a chuireann oiliúint speisialtóireachta ar fáil sa réimse. I bhfianaise a ildisciplíneach is atá sé is bealach maith isteach san earnáil é réimsí atá an-ghaolmhar a staidéar, amhail eolaíocht na talmhaiochta nó bitheolaíocht.

Iadsan a oibríonn san earnáil, bíonn siad ag obair i gceann de dhá thimpeallacht. Mar eolaí bia ag obair d’ollscoil d’fhéadfá tabhairt faoi thaighde ar bhuncheisteanna, fad is a bheithfeá níos baintí go díreach leis an táirgí san earnáil phríobháideach. Cibé scéal é, tá forluí suntasach ann idir an dá thimpeallacht oibre.

Is measc na samplaí de na gníomhaíochtaí a mbíonn an t-eolaí bia ina mbun tá siad seo: táirgí nua bia a fhorbairt, próiseas a dhearadh chun na táirgí sin a tháirgeadh, staidéir maidir le seilfré, meastóireachtaí céadfaíoch maidir le táirge le painéil de shaineolaithe oilte nó le tomhaltóirí féideartha chomh maith le tástáil mhicirbhitheolaíoch agus cheimiceach.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe