Baile     

Stair, Cultúr & Teangacha

San earnáil seo tá eagraíochtaí cosúil le músaeim, gailearaithe ealaíne, suíomhanna oidhreachta agus áiteanna stairiúla, chomh maith le húsáid ghairmiúil teangacha san aistriúchán nó san ateangaireacht.

Bíonn a lán den phobal i mbun gníomhaíochtaí ealaíon nó cultúrtha mar chaitheamh aimsire. Gach bliain, freastalaíonn na sluaite ar choirmeacha ceoil, ar cheoldrámaí, ar bhailéanna agus léirithe damhsa eile. Tugann siad cuairt ar ghailearaithe ealaíne, agus ar thaispeántais freisin. Is fostóir mór go leor an earnáil seo, le tuairim is 170,000 duine i mbun ealaíon, cultúr agus réimsí cruthaitheacha.

EALAÍONA CLASAICEACHA

San áireamh sa réimse ‘ealaíona clasaiceacha’ tá ceoldrámaí, bailé, damhsa, amharclann, ceol clasaiceach, péintéireacht, dealbhóireacht agus litríocht. Seo i gcomparáid le cineálacha nua-aimseartha ealaíne i réimsí an cheoil (i.e. rac is roll, hip hap), réimse na meán (i.e. scannáin, raidió, teilifís), nó i réimse na n-ealaíon agus na ceardaíochta amaitéaraí. 

Roimh an 20ú haois, bhíodh ealaíontóirí i mbun thraidisiún na ceardaíochta agus an deartha, a bhí ag fás is ag forbairt le breis is 2000 bliain – agus príomhchuspóir an chleachtais sin ná scéalta a chur in iúl mar phictiúir nó i múnlaí tríthoiseacha. Tá athrú mór tagtha anois ar shaol na healaíne le céad bliain anuas agus tá an Nua-Ealaín ag imeacht ón traidisiún agus ó theicnící na healaíne clasaicí. Bíonn saoirse anois ag ealaíontóirí stíleanna nua a úsáid chun iad féin a chur in iúl.

Tá a lán daoine fostaithe chun oidhreacht na healaíne clasaicí a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain. Seo a leanas roinnt de na gairmeacha sa réimse seo: Coimeádaí Músaeim; Cartlannaí; Cúntóir Gailearaí; Caomhnóir Péintéireachta; Ársaitheoir; Stiúrthóir Músaeim/Gailearaí; Staraí Ealaíne.

TEANGACHA

Níl ach 6.5% de dhaonra an domhain ar cainteoirí dúchais Béarla iad, agus ní féidir ach le 25% de dhaonra an domhain Béarla a labhairt. Cé nach féidir a shéanadh gurb é an Béarla teanga dhomhanda an ghnó, is buntáiste mór é a bheith líofa, nó a bheith inniúil, i dteanga eile seachas an Béarla. De réir mar a éiríonn an domhan níos lú agus de réir mar a thagann níos mó cuideachtaí ilnáisiúnta ar an bhfód, tá gá níos mó le scileanna maithe teanga. Is maith le fostóirí an lae inniu go mbeadh teangacha breise ag céimithe.

Na daoine a bhfuil teangacha breise acu, is dócha gur chaith siad tréimhse thar lear, agus go bhfuair siad léargas ar chultúr eile. Bhí orthu iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht agus do dhaoine nua, bíodh sin agus iad ag obair nó ag staidéar leo.

Bíonn a lán deiseanna ann do dhaoine in Éirinn a bhfuil staidéar déanta acu ar theangacha ag an 3ú leibhéal. Ar an gcéad dul síos tá méadú tagtha ar an méid eolais a aistrítear idir Éirinn agus ballstáit eile ó leathnaíodh amach an Comhphobal Eorpach. Tá dlíthe ag an Aontas Eorpach a thugann cosaint agus comhionannas do theangacha na mballstát. Tá sé seo tar éis deiseanna breise a sholáthar in earnáil an aistriúcháin Ghaeilge.  Ar an dara dul síos tá Éire anois ina geilleagar idirnáisiúnta le líon mór de chuideachtaí ilnáisiúnta lonnaithe anseo. Feictear Éire mar a bheadh geata isteach i dtíortha nach labhraítear Béarla iontu sa chuid eile den Eoraip. Tá a lán lárionad glaonna lonnaithe anois in Éirinn mar go bhfuil na scileanna teanga seo ar fáil go háitiúil.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Rialtas le déanaí maidir le Scileanna Amach Anseo luadh go raibh saineolas teangeolaíochta ina phríomhscéil riachtanach má táthar chun forbairt leanúnach eacnamaíochta a bhaint amach. Seans go  mbeadh gá le meascán de theangacha agus de cháilíocht eile chomh maith le le heolas ar an tionscal chun post a fháil sa réimse seo. Mar shampla, bíonn an-tóir ar dhaoine le teangacha agus scil eile cosúil le Teicneolaíocht Faisnéise, dlí, airgeadais nó scileanna díolacháin.

Gairmeacha speisialtóireachta teanga

I measc na ngairmeacha seo tá aistritheoir, ateangaire, múinteoir teanga nó teangeolaí. Do na chéad trí ghairm luaite bheadh gá agat le heolas domhain ar theanga iasachta amháin ar a laghad. Ní gá go mbeadh teanga eile ag teangeolaí ach seans go mbeadh sin ina chabhair chun post a fháil i roinnt earnálacha.

Aistriúchán



Aistriúchan don Eoraip 

Aistríonn aistritheoirí ábhar scríofa ó theanga amháin go teanga eile. I measc na n-ábhar a bhíonn le haistriú bíonn lámhleabhair, tuarascálacha gnó, comhfhreagras, cáipéisí dlí, suíomhanna gréasáin, fotheidil do scannáin, focail d’amhráin agus litríocht.

Chun a bheith i d’aistritheoir is gá go mbeifeá in ann scríobh agus tú féin a chur in iúl go han-mhaith sa sprioctheanga, de ghnáth do mháthairtheanga, agus go mbeadh eolas maith agat ar an teanga fhoinseach/na teangacha foinseacha, de ghnáth teangacha iasachta.

Ateangaireacht

Oibríonn ateangairí leis an bhfocal labhartha ag comhdhálacha, ag cruinnithe, ag trialacha dlí, in ospidéil agus in áiteanna eile a bhfuil ateangaireacht ag teastáil. Bíonn a lán ateangairí féinfhostaithe agus aimsíonn siad na cliaint iad féin agus/nó oibríonn siad le haghaidh gníomhaireachtaí, a aimsíonn cliaint dóibh agus a láimhseálann cúrsaí íocaíochta. Bíonn poist ann d’ateangairí i roinnt eagraíochtaí móra, mar shampla na Náisiúin Aontaithe, eagraíochtaí AE agus ranna Rialtais.

Múineadh agus oiliúint teanga Tá a lán bealaí ann isteach sa mhúineadh teanga: déanann roinnt daoine céim in ábhar is spéis leo, ansin baineann siad cáilíocht iarchéime sa mhúinteoireacht amach. Téann a lán céimithe le teangacha le gairm sa mhúinteoireacht dara leibhéal. I gcásanna eile leanann céimithe orthu ag staidéar teanga tar éis dóibh an chéim a bhaint amach agus múineann siad i gcoláiste tríú leibhéal nó in eagraíocht oiliúna. Is éard atá i gceist le Múineadh an Bhéarla mar Theanga Iasachta (TEFL) ná Béarla a mhúineadh do mhic léinn nach é an Béarla an mháthairtheanga acu. Bíonn an-tóir ar Éirinn mar shuíomh don mhúineadh TEFL.
Tá a lán scoileanna teanga nó campaí samhraidh ann a bhíonn ag feidhmiú in Éirinn. Bíonn a lán daoine óga, de ghnáth a bhfuil céim acu agus cáilíocht TEFL, i mbun an chineáil seo teagaisc ar fud an domhain. Oibríonn siad i gcóras scoileanna an stáit nó i scoil phríobháideach teanga i dtír eachtrach. 

Teangeolaíocht Is éard atá sa teangeolaíocht ná staidéar eolaíoch teanga. Déanann an teangeolaí staidéar ar shaintréithe na teanga daonna. Bíonn teangeolaithe ag obair d’eagraíochtaí éagsúla, mar shampla d’ollscoileanna agus do choláistí, do chuideachtaí ardteicniúla, d’institiúidí taighde agus do ghnólachtaí comhairleoireachta. Tá roinnt cúrsaí ar fáil in Ollscoileanna na hÉireann a chuireann oiliúint ar dhaoine sa sainréimse speisialtóireachta seo.

CULTÚR  

Dá mbeifeá ag obair sa réimse seo bheifeá ag obair le déantáin agus le míreanna cultúrtha atá tagtha chugainn ó ghlúnta a d’imigh romhainn. Áiríonn seo foirgnimh agus áiteanna stairiúla, séadchomharthaí, déantáin agus araile. a meastar gur fiú iad a chaomhnú do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Mar shampla, míreanna suntasacha seandálaíochta, ailtireachta, eolaíochta nó teicneolaíochta a bhaineann le cultúr ar leith.

Tá an oidhreacht nádúrtha ina cuid thábhachtach den chultúr, agus cuimsíonn sin an tuath agus an timpeallacht nádúrtha, flóra agus fána san áireamh. Is minic a bhíonn na suíomh oidhreachta seo thar a bheith tábhachtach do tionscal turasóireachta na tíre, mar go meallann siad cuairteoirí eachtracha agus cuairteoirí Éireannacha araon. Ní bheidh fáil ar na míreanna seo ón stair arís, agus dá bhrí sin tá freagracht mhór ar an nglúin seo na míreanna sin a chaomhnú. Déantar míreanna beaga, mar shampla saothair ealaíne agus mórshaothair chultúrtha, a bhailiú le chéile i músaeim agus i ngailearaithe ealaíne. Rinne eagraíochtaí éagsúla agus grúpaí polaitiúla obair nach beag thar na blianta chun an oidhreacht a chaomhnú i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.

Is ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúla atá an fhreagracht ár n-oidhreacht a chaomhnú. Déantar formhór na ndaoine a bhíonn i mbun na hoibre seo a fhostú sna hÚdaráis Áitiúila, go háirithe daoine a bhfuil cáilíochtaí speisialtóireachta acu in ábhair mar stair, seandálaíocht, ársaíocht, socheolaíocht, oidhreacht, cultúr agus teangacha.

 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe