Baile     

Talmhaíocht, Gairneoireacht & Foraoiseacht

TALMHAÍOCHT

Nuair a smaoinímid ar Thalmhaíocht de ghnáth is ar fheirmeoireacht a bhímid ag smaoineamh. Dar leis an Daonáireamh is déanaí tá ardú de 10% tagtha ar líon na ndaoine ag obair in earnáil na feirmeoireachta, agus is ionann sin agus 80,084 duine san iomlán. Níl ach 6% de dhaoine a bhfuil cáilíocht sa talmhaíocht acu agus atá dífhostaithe, agus is céatadán maith é sin má chuirtear é i gcomparáid leis an ráta foriomlán dífhostaíochta sa tír – is é sin 19% ar bhonn náisiúnta.

Tá níos mó ná feirmeoireacht i gceist leis an talmhaíocht -  bíonn baint ag an talamhaíocht leis na héadaí a chaithimid (jíons cadáin agus t-léinte, geansaithe olla, bróga agus cótaí leathair) agus an bia is deoch a ithimid agus a ólaimid. Is fiú €24 billiún an earnáil seo d’eacnamaíocht na tíre gach bliain. Bímid ag úsáid seirbhísí fhostaithe na hearnála Talmhaíochta nuair a théimid ar saoire nó fiú nuair a bhímid i mbun ár gcaitheamh aimsire.

Dar le Tuarascálacha Fostaíochta an Rialtais meastar go laghdóidh an líon daoine fostaithe i ngairmeacha traidisiúnta na talmhaíochta, mar shampla feirmeoireacht, ach go mbeidh deiseanna nua san earnáil mar shamplagairmeacha cosúil le hEolaí Bia, Póraitheoir Capall, Oifigeach/Bainisteoir Comhshaoil agus Taighdeoir Talmhaíochta.

Cé go bhfuil roinnt den obair san earnáil seo an-fhisiciúil, is stíl bheatha shláintiúil í. Sula dtosófá ar ghairm san earnáil seo bheadh ort a bheith cinnte de gur mhaith leat a bheith ag obair lasmuigh leis an dúlra.

Gnó Talmhaíochta

I measc na ngnóthaí a bhaineann le talmhaíocht tá siad seo: Soláthraithe d’fheirmeoirí - i.e. déantús bia d’ainmnithe agus é sin a dhíol; innealra agus fiú árachas; margaíocht a dhéanamh ar tháirgí feirme - i.e. dáileadh, próiseáil agus miondíol na dtáirgí talmhaíochta agus gairneoireachta le tomhaltóirí. Faoi láthair tá breis is 50,000 duine fostaithe sna réimsí seo. 

Agrathurasóireacht

Tá borradh faoi chaithimh aimsire amuigh faoin aer agus dá bhrí sin tá deiseanna á gcruthú do dhaoine a chuireann seirbhísí gairmiúla turasóireachta ar fáil i suíomhanna tuaithe – mar shampla marcaíocht ar chapall, iascaireacht, galf, seoltóireacht, cnocadóireacht agus lóistín.Tá a lán feirmeoirí anois ag oscailt a bhfeirmeacha do thurasóirí. Cuireann an cineál seo agrathurasóireachta idir ghairmeacha lánaimseartha agus ghairmeacha páirtaimseartha ar fáil.

Is é an Saineolaí Earnála Teagasc an príomhsholáthraí de chúrsaí breisoideachais sa talmhaíocht, sa ghairneoireacht, san fhoraoiseacht, agus i staidéir bhia agus eachaí. I roinnt mhaith de na cúrsaí déantar staidéar ar chleachtais bhainistíochta agus baintear úsáid as teicneolaíochtaí ar an bhfeirm bhaile, agus déantar maoirseacht ar obair thionscadail agus ar phléghrúpaí. Amharc ar chúrsaí Teagasc anseo

GAIRNEOIREACHT


Is éard atá sa ghairneoireacht ná an ealaín agus an eolaíocht a bhaineann le saothrú plandaí. Déanann gairneoirí obair agus taighde sna réimsí seo: síolrú agus saothrú plandaí, pórú plandaí, innealtóireacht ghéiniteach, bithcheimic plandaí, agus fiseolaíocht plandaí. Mar chuid den obair sin bítear ag obair le torthaí, caora, cnóite, glasraí, bláthanna, crainn, toir agus móin. Bíonn gairneoirí ag obair chun feabhas a chur ar tháirgeacht, cáilíocht agus luach cothaitheach na mbarr agus ar a bhfrithsheasmhacht i gcoinne feithidí, galar agus strus eile sa chomhshaol. 

Conláistí Gairneoireachta

Is éard atá i gceist leis seo ná garraíodóireacht, tírdhreachú, dearadh agus a lán eile. Ar dtús déantar na limistéir áineasa a dhearadh agus a thógáil. Ina measc tá páirceanna, limistéir chaomhantais dúlra, gairdíní fiadhúlra, agus plandú ar thaobh an bhóthair.

Is féidir gur limistéir phoiblí iad na limistéir chonláiste, mar shampla páirceanna an údaráis áitiúil, agus an plandú ar thaobh an bhóthair. Tá na limistéir sin thar a bheith tábhachtach don fhiadhúlra. I gcásanna eile is limistéir phríobháideacha iad, mar shampla tithe móra agus blocanna árasán.

Má imríonn tú spórt, ní miste a mheabhrú gur dócha gur gairneoir conláistí a dhear, a thóg agus a chothaíonn an pháirc imeartha, an chúirt leadóige, an rian reathaíochta, an fhaiche bhabhlála nó an cúrsa gailf ar a bhfuil tú ag imirt.

Gairneoireacht Tráchtála

Is éard atá i gceist leis seo ná bia nó plandaí maisitheacha a fhás agus a dhíol. Ó thaobh táirgeadh bia de, bíonn ar an ngairneoir aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le torthaí agus glasraí a fhás. Dar leis an Roinn Talmhaíochta na réimsí is mó ina bhfuil daoine fostaithe san earnáil seo ná fás prátaí agus fás beacán.

Is é an gairneoir a fhásann na bláthanna agus na plandaí pota a úsáidimid chun ár dtithe agus ár spásanna poiblí a mhaisiú.Tá gairneoireacht anois ar cheann de na príomhchaithimh aimsire agus bíonn gairneoirí amaitéaracha ag éileamh cineálacha nua plandaí ar chaighdeán níos airde sa lá atá inniu ann. Gnó thar a bheith teicniúil é na plandaí sin a chur ar fáil, agus bíonn gá le córais uathoibrithe, rialaithe ag úsáid teicneolaíocht ríomhaire úrscothach, chomh maith leis na scileanna traidisiúnta gairneoireachta.

Tá bláthadóireacht agus gairneoireacht mhiondíola ina bhfo-earnálacha den ghairneoireacht tráchtála. Gairm dhúshlánach san earnáil seo ná bheith ag obair i siopaí gairneoireachta agus tá sí ar cheann de na roghanna is suimiúla is dócha ná aon chineál eile oibre san earnáil – bíonn gá taispeántais éifeachtacha a chruthú a mheallfaidh siopadóirí, bíonn gá margaíocht a dhéanamh ar phlandaí, agus bíonn gá déileáil le fiosruithe ó dhaoine.

Tá deiseanna maithe fostaíochta san earnáil seo mar go bhfuil Éireannaigh níos feasaí anois ar an gcomhshaol ná mar a bhíodh agus tá suim níos mó acu ina ngairdíní, i bhfás a mbarr féin, agus sa saol lasmuigh i gcoitinne.

FORAOISEACHT

Is éard atá i gceist leis seo ná an ealaín, an eolaíocht agus an cleachtas a bhaineann le foraoisí agus fáschoillte a bhainistiú. Ceann de na buntáistí a bhaineann le bheith ag fás crann in Éirinn ná go bhfuil ceann de na haeráidí is oiriúnaí ar domhan sa tír seo d’fhás crann. Tá tuairim is 10% de thalamh na hÉireann faoi chrann agus tá an rialtas ar a dhícheall cur leis an gclúdach crann sin. Tá breis is 11,000 duine fostaithe go díreach i réimse na foraoiseachta in Éirinn, i ngníomhaíochtaí amhail cur crann, leagadh crann agus iompar is próiseáil adhmaid. Tá sé beartaithe ag an Rialtas an figiúr sin a dhúbailt thar an gcéad 10 mbliana eile. 

Bileoga Úsáideacha faoi Ghairmeacha ó STEPS to Engineering [comhaid pdf]

 
 

Innealtóireacht Bithchórais

 
 
Biosystems Engineering
 

BIA AGUS DEOCHANNA

Gnó Agraibhia

Ar cheann de na réimsí rathúla in eacnamaíocht na hÉireann le blianta beaga anuas bhí earnáil an ghnó agraibhia. Tá isteach is amach le 160,000 post nasctha leis an earnáil seo, agus tá nuálaíochtaí ag tarlú de shíor trí mheán na straitéise gnó agraibhia Food Harvest 2020, a bhfuil mar aidhm leis 30,000 post breise a chruthú sa réimse seo. Tá breis is 50,000 duine fostaithe go díreach i bPróiseáil Bia agus Dí agus tá 85,800 duine (measta) breise fostaithe sa táirgeadh príomha, sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus san iascaireacht.

D’ardaigh luach na n-easpórtálacha bia agus dí as Éirinn go dtí beagnach €10 mbilliún in 2013 agus bhí sin ar an luach is airde riamh. B’ionann é agus méadú de 9% ar an mbliain roimhe sin.

Tá cáil dhomhanda ar Éirinn mar “Oileán an Bhia” agus tá an tír i suíomh oiriúnach chun bia a tháirgeadh, go háirithe táirgí féar-bhunaithe – mairteoil agus táirgí déiríochta. Tá déantús táirgí bia agus dí ar cheann de na tionscail is dúchasaí in Éirinn agus éiríonn thar barr leis an tionscal cé go bhfuil sé in iomaíocht le tionscail chomhchosúla ar fud an domhain i mbeagnach 170 margadh. Tá Éire ar an soláthraí bia gus dí is mó don Ríocht Aontaithe agus ar an nglaneaspórtálaí is mó de chomhábhair déiríochta, de mhairteoil agus d’uaineoil chuig an Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin, táirgeann Éire 15% den bhainne foirmle do naíonáin a chuirtear ar fáil ar fud an domhain.

Tá láithreacht mhaith ag corparáidí príomha ilnáisiúnta ó earnáil an Bhia agus na Dí anseo in Éirinn – ina measc tá Cadbury, Unilever, Nestle, Northern Foods agus Heinz. Tá roinnt gnólachtaí faoi úinéireacht Éireannach atá rangaithe i measc na 50 gnó ilnáisiúnta is mó bia agus dí ar fud an domhain. Seo a leanas roinnt de na cuideachtaí agraibhia dúchasacha anseo: na comharchumainn, Cuisine de France, Glanbia, Kerry Foods, Greencore, Kepak, Fyffes, Carbery, Silver Hill, C&C, Gleeson's agus Cooley Distillery.

Eolaíocht an Bhia

Is éard atá i gceist le heolaíocht an bhia ná gach gné theicniúil a bhaineann le bia, ó bhaint na mbarr nó marú na n-ainmhithe, go cócaireacht agus tomhaltas. Áirítear an eolaíocht seo i measc na n-eolaíochtaí talmhaíochta, agus de ghnáth déantar idirdhealú idir í agus réimse an Chothúcháin.

Leithdháileadh €641 milliún ar thaighde agraibhia – agus is ionann sin agus 11% den maoiniú iomlán atá ar fáil faoi láthair don eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht. I measc na ngníomhaíochtaí a mbíonn eolaithe bia ina mbun tá:

  • Forbairt táirgí nua bia
  • Dearadh na bpróiseas chun an bia sin a tháirgeadh
  • Ábhair don phacáistiú a roghnú
  • Staidéir seilfré
  • Meastóireacht chéadfach ar tháirge le painéal de shaineolaithe oilte nó le custaiméirí ionchasacha
  • Tástáil mhicribhitheolaíocht agus cheimiceach

D’fhéadfadh eolaithe bia in ollscoileanna a bheith i mbun staidéar a dhéanamh ar fheiniméin níos bunúsaí atá nasctha go díreach le táirge bia áirithe agus le saintréithe an bhia sin. Tá dhá réimse beartais taighde a bhfuil tús áite á dtabhairt dóibh faoi láthair: Táirgeadh Bia Inchothaithe agus Bia don tSláinte. Rinneadh infheistiú mór in eolaíocht an bhia le haghaidh céimithe tríú leibhéal – mar shampla an chomhpháirtíocht idir Kerry Group agus Roinn Taighde UCD .

Cé go raibh a lán dóchais léirithe le haghaidh Earnáil an Bhia agus na Dí sa tuarascáil Harvest 2020, luaigh cuideachtaí go raibh deacrachtaí acu foireann theicniúil a earcú. Luaigh Forfás go raibh easnaimh scileanna ann san earnáil. I measc na n-easnamh sin bhí: Eolaithe Taighde agus Forbartha; Teicneolaithe Bia; Scileanna i bhForbairt Táirgí Nua; Teicneoirí Saotharlainne le haghaidh réimsí nideoige; Díolacháin/Margaíocht Idirnáisiúnta le teangacha; agus easnaimh i mBainistiú Táirgeachta/Maoirseachta le haghaidh innealtóireacht bogearraí rialaithe próiseas, scileanna breise a chur ar fáil do chomharchumainn agus foireann ag leibhéal an maoirseachta.

 

Easnaimh Scileanna

Ní bhfuarthas aon cheann

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe