Baile     

Ailtireacht, Foirgníocht & Maoin

Tógáil, Foirgníocht agus Réadmhaoin

Le 10 mbliana anuas bhíodh craenacha ar fud na háite sna bailte móra, fianaise den rath a bhí ar an tír le linn bhlianta an tíogair cheiltigh, agus bhí tionscal na tógála ar an tionscal le bheith ag obair ann. Cibé scéal é, bhí tionchar an-mhór ag an gcúlú eacnamaíochta ar an earnáil seo agus ba iad na hoibrithe tógála is mó a chaill amach dá bharr.  

Tá ról déach ag earnáil na tógála i ngeilleagar na hÉireann:

  • Mar earnáil ann féin, cuireann an earnáil seo 96,300 post díreach ar fáil ar bhonn réigiúnach ar fud raon gairmeacha agus ar leibhéil éagsúla scileanna, agus déanann sé sin suas 5.2% d’iomlán na fostaíochta sa tír agus 6.4 faoin gcéad den Olltáirgeacht Náisiúnta. Cuirtear 48,000 post breise indíreach ar fáil tríd an earnáil. (Forfás, Iúil 2013)
  • Chomh maith leis sin, cuireann an earnáil seo an bonneagar fisiceach agus na foirgnimh ar fáil a bhíonn ag teastáil d’earnálacha tionscail eile, agus bíonn an pobal ag brath orthu. 

Faoi láthair tá earnáil na tógála déanta suas de bhreis is 40,500 fiontar, beagnach 34% níos lú ná mar a bhí ann sa bhliain 2006. D’ainneoin gur
laghdaigh an líon fiontar, tá an phróifíl méide beagnach mar an gcéanna, lena bhformhór mór (96.7 faoi gcéad) ag fostú níos lú ná deichniúr. Le haghaidh eolas sonrach faoi chúrsaí mar atá faoi láthar san earnáil seo ó thaobh deiseanna fostaíochta de téigh chuig "Sector Expert". 

GAIRMEACHA IN EARNÁIL NA TÓGÁLA, NA FOIRGNÍOCHTA AGUS NA RÉADMHAOINE

Bíonn gairm in earnáil na foirgníochta ag brath go mór ar cé mhéid obair fhisiceach nó theicniúil is féidir leat a dhéanamh. Chun obair a dhéanamh in aon cháil ar láithreán tógála is gá duit an deimhniú seo a bheith agat Safe Pass certificate.

Bileoga Úsáideacha Gairmeacha ó STEPS to Engineering [comhaid pdf]

Seirbhísí Foirgníochta

Innealtóireacht Shibhialta  

Engineering Life

Féadtar gairmeacha in earnáil na foirgníochta a roinnt i gceithre réimse:

  • Oibrithe nó Saothraithe  
  • Ceardaithe (Printíseachtaí ceithre bliana a chuireann FÁS ar fáil)
  • Innealtóirí agus Suirbhéirí Cainníochta.
  • Ailtirí

Cosúil le haon réimse eile oibre is iontach an raon gairmeacha spéisiula atá ann ach roinnt bheag taighde a dhéanamh.

Gairmeacha Inneatlóireachta – Íoslódáil 2016 Engineering Sector Overview ó gradireland.com. 

Nuair atá tionscadal idir lámha nó ag céim na réamhphleanála, tugtar tionscadal tógála air. Bíonn tionscadail tógála éagsúil lena chéile agus áiríonn siad tógáil tí, tógáil scoileanna agus ospidéal, líonraí soláthair uisce, córais iompair agus stáisiúin chumhachta.

Chun an leibhéal ard cáilíochta a bhaint amach a bhfuil gá leis chun feidhmiú sa tionscal foirgníochta bíonn gá le pearsanra ardoilte atá in ann déileáil le teicneolaíochtaí nua. Tá an tionscal seo múnlaithe go maith ag struchtúr bainistíochta sa lá atá inniu ann agus bíonn céimeanna tríú leibhéal ag formhór na mbainisteoirí. Éacht chomhordúcháin iad formhór mór na mórthionscadal foirgníochta agus bíonn gá le raon daoine a bhfuil scileanna speisialtóireachta acu. Na gairmithe sa tionscal foirgníochta ná na hailtirí a dhéanann pleanáil agus dearadh ar an bhfoirgneamh féin; na hinnealtóirí sibhialta a dhéanann meastóireacht, taighde agus bainistiú ar scéimeanna móra innealtóireachta sibhialta; na suirbhéirí foirgneamh a dhéanann iniúchadh ar réadmhaoin agus a chuireann comhairle ar fáil maidir le haon mháchail a bheadh ar an bhfoirgneamh sin; na suirbhéirí cainníochta a ríomhann an costas a bhainfeadh le tionscadal foirgníocht agus na bainisteoirí foirgníochta a dhéanann pleanáil agus bainistiú ar oibríochtaí.

I gcás na ngairmithe go léir seo tá roinnt blianta caite acu ag fáil oideachais tríú leibhéal agus is gá dóibh cloí le ceanglais ar leith a leagann a n-eagraíochtaí gairmiúla síos. Bíonn gairmithe eile ag obair le teicneoirí i gcomhar le gairmithe. Cuireann teicneoirí i gcrích roinnt dualgas faoi mhaoirseacht na ngairmithe a bhaineann leis an réimse ina bhfuil siad ag obair. Is minic a bhíonn cúrsa 3ú leibhéal curtha i gcrích ag na daoine seo freisin (Leibhéal 6 nó 7) i gceann de na Coláistí TF ar fud na tíre.

Agus gan amhras tá a lán ceardaithe ag obair san earnáil seo. Áirítear i measc na gceirdeanna sa tionscal foirgníochta

  • Leictreoirí
  • Siúinéirí
  • Bríceadóirí
  • Pluiméirí
  • Péintéirí/Maisitheoirí
  • Tíleoirí
  • Feisteoirí Trealaimh Foirgníochta
  • Feisteoirí

Na ceardaithe sna ceirdeanna seo cuireadh oiliúint orthu mar phrintísigh faoin Scéim Ceirdeanna Ainmnithe arna heagrú ag SOLAS.

Oibríonn breis is 40,000 duine mar oibrithe ginearálta. Thugtaí saothraithe ar na daoine ag obair sna poist thuasluaite agus bhíodh an dearcadh ann gur poist neamhoilte iad. Tá na poist ar an láthair seo éirithe níos speisialaithe. I gcás Oibrithe Cruach, Feisteoirí Píopaí, Scafallaithe, Tiománaithe Feithiclí Earraí Troma, Oibrithe Meaisín agus Oibrithe Scartála bíonn gá le roinnt mhaith oiliúna agus ardscileanna. Is minic a chuirtear oiliúint ar fáil ‘sa phost’ ach de ghnáth sa lá atá inniu ann bíonn cúrsa creidiúnaithe déanta ag duine. Mar gur tharla an cúlú eacnamaíochta in earnáil na tógála tí meastar nach mbeidh aon mhéadú ar an méid fostaíochta d’oibrithe ginearálta sa réimse anseo agus go deimhin féin ar líon na bprintíseachtaí atá ar fáil.

Tríd is tríd, ámh, agus d’aineoinn gur tharla an cúlú eacnamaíochta, beidh deiseanna ann amach anseo go háirithe dóibhsean a bhfuil scileanna speisialtóireachta agus gairmiúla acu.

Réadmhaoin: Tá a lán gairmeacha in earnáil na Réadmhaoine agus mar sin tá rogha ann maidir leis an réimse speisialtóireachta  - idir réadmhaoine tráchtála is bhainistiú cistí. -

Réadmhaoine tráchtála:
Is éard atá i gceist sa réimse seo ná seirbhísí a bhaineann le húinéireacht agus áitriú foirgneamh a úsáidtear le haghaidh cúrsaí tráchtála, mar shampla oifigí, siopaí agus trádstórais. Tá sé seo ar cheann de na hearnálacha is mó agus is mó éileamh – agus ar cheann de na réimsí is iomaíche. D’fhéadfá obair i réimse amhail gníomhaireacht ghairme, infheistíocht nó tiarna talún agus tionónta.  

Réadmhaoin Chónaithe: D’fhéadfadh teach mór an mhilliúnaí a bheith i gceist nó forbairtí tithe inacmhainne. Áirítear i measc na seirbhísí a bheadh á soláthar luacháil, forbairt, margaíocht, bróicéireachta morgáiste agus comhairle infheistíochta. Bíonn a lán éagsúlachta ag baint le haon phost sa réimse seo – bíonn cineálacha éagsúla réadmhaoine i gceist agus bíonn idir chliaint phríobháideacha is fhorbróirí réadmhaoine. Éilíonn formhór mór na bpost sa réimse seo oideachas tríú leibhéal, agus is minic a fhaigheann céimithe obair mar shuirbhéirí Luachála, mar shuirbhéirí forbartha Réadmhaoine, mar bhainisteoirí Réadmhaoine, nó mar chomhairleoirí Infheistíochta.

Suirbhéirí

Cad ó thalamh an domhain atá i gceist le suirbhéireacht? Físeán ag míniú cad atá i gceist le gairm sa tsuirbhéireacht talún agus réadmhaoinet:

Gairmithe ardoilte iad na suirbhéirí a bhíonn fostaithe d’fhormhór i dtionscal na Foirgníochta, na Talún agus na Réadmhaoine. Oibríonn siad ar fud gach gné den timpeallacht thógtha agus nádúrtha d’fhostóirí éagsúla, lena n-áirítear ceantálaithe, luachálaithe, forbróirí, gnólachtaí foirgníochta, saoráidí bainistíochta, chomh maith le comhairlí contae agus gníomhaireachtaí stáit. De ghnáth bíonn speisialtóireacht acu i gceann de na réimsí seo a leanas:

Foirgníocht:                                                                       

  • Suirbhéir Cainníochta –cuireann an suirbhéir cainníochta comhairle ar fáil maidir leis an gcostas a bheadh ar gach cineál foirgneamh agus bonneagar.
  • Suirbhéir Foirgníochta – déanann an suirbhéir foirgníochta suirbhéireacht ar fhoirgnimh agus cuireann seirbhísí bainistíochta agus comhairleoireachta dearaidh ar fáil..

Talún:

  • Suirbhéir Geomaitice –déanann an suirbhéir geomaitice mapáil ar an timpeallacht thógtha agus nádúrtha chun sonraí spásúla a chur ar fáil chun éascú a dhéanamh ar phleanáil, ar fhorbairt agus ar chaomhnú.
  • Suirbhéir Mianrach –cuireann an suirbhéir mianrach saineolas ar fáil maidir le timthriall iomlán na forbartha mianrach.

Réadmhaoin:

  • Suirbhéir do Ghníomhaireacht Chónaithe – cuireann an suirbhéir seo sainchomhairle ar fáil maidir le luacháil, bainistiú, cur ar cíos agus díol réadmhaoine cónaithe.
  • Suirbhéir do Ghníomhaireacht Tráchtála - cuireann an suirbhéir seo sainchomhairle ar fáil maidir le luacháil, bainistiú, cur ar cíos agus díol réadmhaoine tráchtála.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na cineálacha éagsúla suirbhéirí cliceáil anseo.

Cé gur chúlaigh earnáil na foirgníochta le blianta beaga anuas, measta go mbeidh deiseanna níos fearr ann do chéimithe. Bíonn cláir ag a lán gníomhaireachtaí móra réadmhaoine do chéimithe agus is deis iontach é traenáil a fháil i ngach gné d’earnáil na réadmhaoine – idir réadmhaoin tráchtála (oifigí, miondíol, tionsclaíoch), is chónaitheach agus áitribh ar cíos, seirbhísí gairmiúla agus bainistiú réadmhaoine.  

Amach anseo, beidh céimithe ag dul isteach in earnáil réadmhaoine agus foirgníochta a bheith i bhfad níos rialáilte agus a mbeidh caighdeáin i bhfad níos airde oideachais agus cáilíochta ag teastaíl dóibh, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Fianaise í ballraíocht ghairmiúil le Society of Chartered Surveyors Ireland  de na caighdeáin arda gairmiúlachta atá in earnáil na foirgníochta, na talún agus na réadmhaoine. Áiríonn roinnt cúrsaí socrúchán tionsclaíoch bliana, mar ar féidir le mic léinn an méid ata foghlamtha acu sa láthair oibre a chur chun feidhme, taithí phraiticiúil a fháil agus teagmhálacha a ghnóthú sa tionscal. I measc na gcoláistí a chuireann oiliúint ar fáil tá IT BÁC Shráid Bolton agus na hInstitiúídí Teicneolaíochta eile.

Pleanáil Bhaile

Bíonn pleanálaithe i mbun cinntí fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a dhéanamh faoi bhainistiú agus faoi fhorbairt cathracha, bailte, sráidbhailte agus faoin tuath. Oibríonn Pleanálaithe Baile sa tseirbhís phoiblí le húdaráis áitiúla ach d’fhéadfaidís róil chomhairleoireachta a bheith acu i réimsí na hailtireachta agus na foirgníochta.

Is réimse leathan oibre é an pleanáil a éilíonn a lán scileanna éagsúla. Bíonn roinnt pleanálaithe ina speisialtóirí i réimse áirithe oibre. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá siad seo:

  • Taighde agus beartais maidir le dearadh mar threoir don fhorbairt
  • Réitigh chruthaitheacha, nua phleanála a fhorbairt chun freastal ar gach páirtí
  • Dul i gcomhairle le páirtithe leasmhar agus le páirtithe eile agus idirbheartú le forbróirí agus le gairmithe eile, mar shampla suirbhéirí agus ailtirí
  • Measúnú a dhéanamh ar iarratais phleanála agus forfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh ar thorthaí de réir mar is gá
  • Taighde agus anailís a dhéanamh ar shonraí mar bhunús d’fhorbairtí straitéiseacha
  • Leagan amach a dhearadh agus straitéisí dearaidh a dhréachtú
  • Úsáid a bhaint as córais teicneolaíochta faisnéise dála CAD (dearadh ríomhchuidithe) nó GIS (córas faisnéise geografaí)
  • Freastal ar bhoird bhainistíochta agus ionadaíochta a dhéanamh ar a son ag fiosrúcháin phoiblí
  • Fanacht ar an eolas faoi reachtaíocht a bhaineann le húsáid talún
  • Oideachas agus feasacht faoin gcomhshaol a chur chun cinn
  • Tuarascálacha a scríobh, a bhíonn casta go minic, ina bhfuil moltaí nó a mhíníonn idirbheartaíocht shonrach

DIT

Tá dioplóma sa Phleanáil agus Bainistiú Comhshaoil a chuireann DIT ar fáil mar a gcuirtear oiliúint ar theicneoirí sa phleanáil uirbeach agus tuaithe.

Tá roinnt cúrsaí éagsúla a ritheann Institute of Professional Auctioneers and Valuers. Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil anseo

Ceantálaíocht

Bíonn Ceantálaithe agus Gníomhairí Eastáit i mbun réadmaoin a dhíol, a chur ar cíos, a bhainistiú agus a luacháil. De ghnáth, oibríonn siad i gcomhpháirtíochtaí nó i gcleachtas dá gcuid féin. Tá an ghairm seo oiriúnach dóibhsean a bhfuil suim acu i ndaoine agus i réadmhaoin. Sa mhéid go gcuimsíonn gairm na réadmhaoine raon chomh leathan de ghnéithe maoinbhaineachta, d’fhéadfadh céimithe a bheith ag obair réimsí chomh héagsúil leo seo a leanas:

  • Díolacháin trí cheant, trí thairiscint nó trí chonradh príobháideach ar thalamh nó ar réadmhaoin chónaitheach/tráchtala/infheistíochta
  • Luacháil don díolachán, ceannachán, cur ar cíos, morgáiste, rátáil, árachas, cáin nó chun críocha eile
  • Ceannach réadmhaoine nó talún a láimhseáil
  • Gach cineál réadmhaoine agus talún a chur ar cíos agus a bhainistiú
  • Díol agus luacháil ar mhínealaín/ seandachtaí, innealra, beostoc, agus earraí eile
  • Ordú ceannaigh éigeantaigh/ diúscairtí agus éadálacha, pleanáil bhaile agus cúiteamh
  • Feidhmiú mar eadránaithe agus mar luachálaithe saineolacha ar mhaithe le athbhreithniú cíosa a dhéanamh
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar thiarnaí talún nó ar thionóntaí in athbhreithnithe cíosa, nó i ndáil le hathnuachan cíosa faoin reachtaíocht tiarna talún agus tionónta

Tá réimsí nua cosúil le ceantálaíocht ar líne a bhfuil tuar maith ann dóibh don todhchaí. Tá cúrsaí ag DIT, IT Luimnigh agus IT na Gaillimhe-Mhaigh Eo sa réimse seo.

Tá a lán deiseanna nua san earnáil agus roinnt mhaith céimithe ag obair i réimsí cosúil leis an mbaincéireacht agus árachas. Chun obair mar ghairmí sa réimse seo is gá duit a bheith láncháilithe i ngach gné de thaobh dlíthiúil, teicniúil agus eile den ghnó. Chomh maith leis sin, beidh ort a bheith cairdiúil, go maith ag obair le daoine eile gach lá agus go maith ag idirbheartú le scileanna maithe cumarsáide. Chun obair mar cheantalaí is gá ceadúnas speisialta a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim. Is gá duit a bheith os cionn 21 bliain d’aois, taisce €12,700 a liostaí, agus deimhniú iniúchóra a fháil agus cur isteach ar dheimhniú Cáilíochta ón mBreitheamh Cúirte Dúíche. Is gá an ceadúnas seo a athnuachan gach bliain. Téigh chuig suíomh gréasáin an Institute of Professional Auctioneers and Valuers le haghaidh tuilleadh eolais.

 

 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe