Baile     

Leigheas & Cúram Sláinte

Leigheas agus Cúram Sláinte

Tá stair fhada ann in Éirinn i réimse an leighis agus an chúraim sláinte. Bhí comóradh trí chéad bliain ag Scoil an Leighis i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 2011, agus ar an ábhar sin tá sí ar cheann de na scoileanna leighis is sine san Eoraip. Bunaíodh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI) san 18ú haois.

Tá Éire na linne seo ina hionad domhanda don taighde cliniciúil, agus tá ionaid taighde ann i roinnt de na mór-ospidéil teagaisc i mBaile Átha Cliath – Ospidéal S. Uinseann, Ospidéal San Séamas, Ospidéal an Mater agus Ospidéal Beaumont ina measc.

Tá Earnáil na bhfeistí Leighis tar éis fás agus forbairt agus tá sé anois ina thionscal suntasach in Éirinn. Is éard atá i gceist le feistí leighis ná raon leathan táirgí, mar shampla bindealáin, cathaoireacha rothaí, lionsaí súl agus roinnt de na táirgí teicniúla is tábhachtaí a choinníonn daoine ina mbeatha.

Tá ról tábhachtach ag an earnáil seo i ndiagnóis, i gcosc, agus i gcóireáil galar agus i bhfeabhas a chur ar cháilíocht an tsaoil a daoine atá faoi mhíchumas. Tá dlúthbhaint ag an earnáil seo le hEarnáil na nEolaíochtaí Ceimiceacha, Bithleighis agus Cógaisíochta .

AN EARNÁÍL CÚRAIM SLÁITNE IN ÉIRINN

Is í Feidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) tá freagrach as seirbhísí sláinte agus sóisialta a sholáthar do dhaoine i bPoblacht na hÉireann. Déanann HSE bainistiú ar sholáthar na seirbhíse sláinte iomláine mar aonán náisiúnta amháin agus fostaíonn an eagraíocht isteach is amach le 120,000 duine. [Eolas sonrach ónár ‘Sector Expert’ HSE anseo

Tá an córas cúraim sláinte in Éirinn ina mheascán de sheirbhísí uilíocha sláinte poiblí agus de chóras príobháideach táille-bhunaithe. Tá 47 ospidéal poiblí géarchúraim ann agus tá 19 n-ospidéal phríobháideacha ann, chomh maith le 22 ospidéal dheonach. 

Le blianta beaga anuas bhí borradh mór faoi thionscal an Chúraim Sláinte san Earnáil Phríobháideach mar ar oscail roinnt ospidéal mór príobháideach agus tá roinnt eile le hoscailt amach anseo.

Sa Chúram Sláinte Poiblí táthar ag dul i dtreo shamhail do sholáthar an Chúraim Phríomhúil, mar a gcuirtear Foireann Cúraim Phríomhúil le chéile ar a bhfuil altraí, cnáimhsigh, dochtúirí agus foireann bhainteach cúraim sláinte, agus iad ag obair as lámha a chéile in Ionaid Cúraim Phríomhúil sa phobal. Tá ról tábhachtach ag Altraí Sláinte Poiblí agus ag Cnáimhsigh ar fhoireann an Chúraim Phríomhúil.  

GAIRMITHE LEIGHIS

Táthar ag cothú na sláinte agus ag cur le fad saoil an duine in Éirinn, os cionn mheán an AE, a bhuíochas d’fhormhór le gairmithe oilte díograiseacha inár n-ospidéil agus inár n-ionad cúraim sláinte. Tá a lán disciplíní páirteach i mbainistiú a dhéanamh ar othair in earnáil an chúraim sainte.

Dochtúirí, altraí, fiaclóirí, saineolaithe cothúcháin, cógaiseoirí, fisiteiripeoirí, teicneoirí saotharlainne leighis, teiripeoirí gairme agus teiripeoirí urlabhra agus teanga. Tá na gairmithe seo uile lárnach san obair a dhéantar in Earnáil an Leighis agus an Chúraim Sláinte.

Is féidir an earnáil seo a roinnt i 5 phríomhréimse gairme:

  • Altranas
  • Leigheas
  • Fiaclóireacht
  • Diagnóisic Leighis
  • Gairmithe Sláinte Bainteacha

Bíonn cáilíochtaí íosta ag baint leis na poist go léir san earnáil sláinte agus bíonn gá staidéar a dhéanamh agus cáilíocht a bhaint amach i réimse ar leith i roinnt de na gairmeacha. Bíonn ar Dhochtúirí, Fiaclóirí, Radharceolaithe agus Cogaiseoirí a bheith cláraithe de réir dlí in Éirinn.

Seo thíos breac-chur síos ar roinnt de na gairmeacha san Earnáil Leighis agus Cúraim Sláinte.   [Tá eolas sonrach ar na gairmeacha seo le fáil sa roghchlár de Ghairmeacha Samplacha ar an leathanach seo.]

ALTRANAS

Cuimsíonn altranas raon réimsí ginearálta agus speisialtóireachta – ina measc tá siad seo: Altra Ginearálta; Altra Sláinte Poiblí; Cnáimhseach; Altra Leanaí; Altra Síciatrach; Altra Cleachtais; Altra Obrádlainne; Bainisteoir Altraí; Altra Gníomhaireachta, Altra Cúraim Mhaolaithigh. Tá róil nua ag teacht chun cinn de shíor d’altraí, mar shampla Speisialtóir Altra Chliniciúil, Cleachtóir Altranais nó Oideasóir.  

Tá deiseanna ann d’altraí a bheith ag obair ar fud an domhain, agus i raon éagsúil suíomhanna, chomh maith le hospidéil. Is féidir poist a fháil in eagraíochtaí ilchineálacha mar shampla: An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; Campas Ollscoile; Sláinte Gairme sa tionscal; eagraíochtaí deonacha dála Concern nó Goal; i réimse an Chothaithe Sláinte, nó mar Ionadaithe Leighis.

Altranas Ginearálta

 

Tá a lán deiseanna éagsúla ar fáil sa réimse Altranas Ginearálta.
D’fhéadfadh Altra Ginearálta a bheith ag obair mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach ag cur chun cinn agus ag cothú na sláinte ag daoine, teaghlaigh agus pobail, ag cur cúraim ar na daoine sin a bhfuil fadhbanna sláinte acu agus ag cuidiú leo an saol is fearr agus féidir a chaitheamh.
De ghnáth is éard a bhíonn i gceist le hAltranas Ginearálta ná aire a thabhairt do dhaoine breoite, i suíomhanna traidisiúnta, ospidéil mar shampla.
Ach bheadh an t-altra ginearálta oilte chomh maith chun bheith ag obair i suíomhanna eile mar shampla sa phobal, i dtithe altranais, san arm, in ollscoileanna, etc.

Tá céimeanna ar fáil sa Altranas Ginearálta in Ollscoileanna agus i gColáistí ar fud na hÉireann, Tar éis do dhuine céim a chríochnú, bronntar BSc san Altranas Ginearálta orthu agus is féidir ansin clárú mar Altra Ginearálta leis an mBord Altranais (eagraíocht rialála na gairme seo). Ansin bítear ullamh tosú amach ag obair mar Altra Ginearálta cáilithe i suíomhanna cliniciúla éagsúla. 

Bíonn dul chun cinn i ngairm an Altranais ag brath ar mheascán de thaithí oibre agus de staidéar breise. Mar shampla, tá cúrsaí iarchlárúcháin le fáil. Ina measc: Altranas leanaí; Oide Altraí; Altranas Seirbhíse Poiblí; agus Oideasóir. Le Dioplómaí Iarchéime agus le Cáilíochtaí Máistreachta bheadh deiseanna gairme eile ar fáil, mar shampla: Altra Cliniciúil – Speisialtóir, Ardchleachtóir Altranais, Altranas Géarchúraim, agus Altranas Dianchúraim. 

Le cáilíocht san Altranas Ginearálta d’fhéadfá dul le gairm i réimsí cosúil le Bainistiú Seirbhíse Sláinte nó Taighde Leighis. Díol suntais é go n-aithnítear cáilíocht san altranas ginearálta ón tír seo i roinnt mhaith tíortha eile, agus ar an ábhar sin is pas taistil é agus cuireann sé deiseanna ar fáil le bheith ag obair thar lear.

Cnáimhseachas

Bíonn cnáimhsigh ag obair i suíomhanna cúraim sláinte poiblí agus príobháideacha, agus sa phobal, mar shampla i bhFoirne Cúraim Sláinte Phríomhúil. Chun cáiliú i do chnáimhseach is gá duit Céim Bhaitsiléara sa Chnáimhseachas a dhéanamh, agus tá na céimeanna sin ar fáil i roinnt Ollscoileanna agus Coláistí ar fud na tíre.

Ansin is gá clárú mar chnáimhseach leis an mBord Altranais. De ghnáth caitheann cnáimhsigh an chéad bhliain ag fáil taithí san earnáil phríobháideach nó phoiblí sláinte.  

LEIGHEAS

I measc na ngairmeacha sa leigheas tá Dochtúir Teaghlaigh, Máinlia, Raideolaí, Oinceolaí, Ainéistéisí, Éisteolaí, Deirmeolaí, Péidiatraí, Gíneiceolaí, Radhareolaí Oftalmach.   [Féach ar shonraí na ngairmeacha sa rannóg Gairmeacha Samplacha ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo.]

Dochtúir Leighis

An chéad chéim is gá a ghlacadh chun bheith i do Dhochtúir Leighis ná céim aitheanta a dhéanamh. Tar éis duit an Chéim sa Leigheas a dhéanamh, is gá clárú le Comhairle na nDochtúirí Leighis, agus an intéirneacht bliana a dhéanamh mar Dochtúir Tí i gceann de na hospidéil atá aitheanta chuige sin.

Is gá do gach Dochtúir Sóisearach tuilleadh traenalá a dhéanamh chun bheith ina speisialtóir i réimse ar leith. Mar shampla, sa Chleachtas Ginearálta chun bheith i do Dhochtúir Teaghlaigh is gá duit oiliúint trí bliana eile a fháil. Ansin caitear bliain anuas air sin mar oiliúnaí i gcleachtas ginearálta teagaisc. Ansin déanann dochtúirí teaghlaigh scrúdú chun bheith ina mball de Choláiste Liachleachtóirí na hÉireann (ICGP) nó den Royal College of General Practitioners (RCGP).

Cuirtear cúrsaí céime ar fáil i gColáiste na Tríonóide, UCD, UCC, UCG agus i gColáiste Ríoga na  Máinleá in Éirinn. Chun áit a fháil ar chéim leighis is gá d’iarrthóirí (a) íosmhéid de 480 pointe  a fháil agus (b) na ceanglais íosta iontrála a chomhlíonadh do gach scoil leighis a bhfuil siad tar éis cur isteach orthu agus is gá an dá choinníoll seo a chomhlíonadh san aon iarracht amháin ar Scrúdú na hArdteistiméireachta, nó a chomhionann. 

HPAT agus GAMSAT: 
Is gá dóibhsean atá ag iarraidh dul leis an leigheas an Triail Iontrála Gairmithe Sláinte (HPAT) nó na trialacha Iontrála Leighis (GAMSAT) a dhéanamh agus na táillí a íoc le haghaidh na scrúduithe sin (Faoi láthair cosnaíonn siad €115 agus €310 faoi seach.)

Bíonn ar ghnáthfhágálaithe scoile atá ag cur isteach ar áit ar chéim leighis an triail HPAT-Ireland a dhéanamh agus déantar marc na trialach sin a áireamh le torthaí scrúdaithe na hArdteistiméireachta. Bunaíodh suíomh gréasáin chun cuidiú le mic léinn ullmhú agus clárú don triail HPAT, agus is féidir trialacha samplacha a cheanach ón suíomh. 

Baintear leas as an GAMSAT-Ireland do chéimithe ó aon disciplín atá ag iarraidh cur isteach ar leigheas tar éis dóibh céim eile a bhaint amach. Cuireann UCD, RCSI, UCC agus UL an deis seo ar fáil. Baintear úsáid as GAMSAT d’iontráil céimithe isteach sa tréidliacht in UCD freisin. 

Faoi láthair tá ganntanas dochtúirí in Éirinn. Tar éis dóibh cáiliú beartaíonn a lán Dochtúirí óga dul thar lear ar thóir tuarastail níos airde agus coinníollacha oibre níos fearr. Is as tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach iad 50% de na dochtúirí atá ag obair in Ospidéil na hÉireann. Faoi láthair an tuarastal bunaigh do Dhochtúir faoi Oiliúint in Éirinn ná €23,500. D’fhéadfadh Dochtúir cáilithe a bheith ag súil le híostuarastal de €65,000. 

Inniúlacht Riachtanach Teanga

Is féidir teacht ar athruithe gnásúla i ndáil le hinniúlacht teanga na nDochtúirí Ospidéil nach Sainchomhairleoirí Leighis iad (NCHD). 

CLÁRÚ SPESIALTÓRA

Tar éis intéirneacht a dhéanamh, beartaíonn a lán dochtúirí tabhairt faoi oiliúint iarchéime chun bheith ina speisialtóirí i réimse ar leith leighis is spéis leo.

I measc na speisialtóireachtaí sin tá a leithéidí seo: Cairdeolaí, Deirmeolaí, Néareolaí, Oinceolaí, Raideolaí, Radharceolaí Oftalmach; Máinlia. Sa rannóg thíos tá cur síos achomhair ar na príomhréimsí speisialtóireachta.

Raideolaí

Is speisialtóireacht leighis í an raideolaíocht a chuimsíonn gach gné den íomháú leighis – íomháú a thugann eolas anatamaíoch, fiseolaíoch agus eolas faoi stádas paiteolaíoch galair. Áirítear ann teicnící idirghabhála a bhfuil gá leo chun galar a dhiagnóisiú, chomh maith le teiripe nach bhfuil chomh hionraitheach, agus a thagann faoi scáth na rannóg raideolaíochta cliniciúla.

Is speisialtóirí iad na raideolaíthe i n-aithint galar. Bíonn orthu Ardoiliúint Speisialtóireachta (HST) a bheith curtha i gcrích acu. Is í Dáimh na Raideolaithe i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn atá freagrach as oiliúint Raideolaithe agus deimhniú a chur ar fáil go bhfuil siad inniúil a ndóthain a bheith cláraithe ina raideolaithe.

Oftailmeolaí

Oftailmeolaíocht – seo an chraobh den leigheas ina ndéileáiltear le hanatamaíocht, le fiseolaíocht agus le galair na súl. Is dochtúir leighis láncháilithe an tOftailmeolaí a rinne speisialtóireacht i gceartú radhairc, agus a oibríonn chun cóireáil a chur ar dhaoine a bhfuil máchail, neamhoird nó galar súl orthu.
Chun bheith i d’oftailmeolaí is gá duit cáiliú i do ghnáthdhochtúir leighis ar dtús agus ansin dul le speisialtóireacht san oftailmeolaíocht. I bPoblacht na hÉireann tá dhá chineál Speisialtóirí Súl ann: Dochtúir Leighis Súl a mbíonn orthu 11 bhliain d’oiliúint chliniciúil leighis a dhéanamh agus Máinlianna Súl a mbíonn orthu 14 bliana d’oiliúint chliniciúil leighis a dhéanamh.

FIACLÓIREACHT

Tá an Fhiaclóireacht ina craobh den leigheas agus baineann an speisialtóireacht seo le fiacla, drandail agus sláinte an bhéil. I measc na ngairmeacha san Fhiaclóireacht tá siad seo: Fiaclóir Ginearálta, Ortódóntóir agus Máinlia Béil. D’fhéadfá dul le speisialtóireacht mar Ortódóntóir, Pearódóntóir, Máinlia Béil, nó Fiaclóir Cosmaideach.
Tá róil tacaíochta éagsúla ann freisin, mar shampla: Teicneoir Saotharlainne Fiaclóireachta, Sláinteolaí Fiaclóireachta, Cúntóir Fiaclóireachta agus Altra Fiaclóireachta. In Éirinn, cuirtear Cúram Sláinte Fiaclóireachta ar fáil trí sheirbhísí fiaclóireachta pobail, trí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), agus trí chleachtóirí príobháideacha fiaclóireachta.  

Fiaclóir Ginearálta

Tá an fiaclóir ginearálta cosúil leis an dochtúir teaghlaigh sa leigheas. Cuireann siad cúram sláinte fiaclóireachta ar fáil, déanann siad fiacla a ghlanadh, líonann siad poill sna fiacla agus déanann siad gnáthaimh casta eile, mar shampla cóireáil cuas fréimhe.

Chun bheith i d’Fhiaclóír is gá duit céim cúig bliana a dhéanamh. Tá cúrsaí ar fáil in UCC agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ní hé amháin go bhfuil na pointí an-ard chun áit a fháil ar an gcúrsa, ach deirtear go bhfuil an cúrsa seo ar cheann de na cinn is déine sa tír. Sa mhéid go mbíonn an-tóir ar áiteanna ar an gcúrsa seo cuireann mic léinn isteach ar Scoileanna Fiaclóireachta sa Bhreatain chomh maith trí chóras UCAS.

Chomh luath agus a bhíonn tú cáilithe i d’fhiaclóir is féidir leat tosú sa chleachtas ginearálta. Bíonn gá le cáilíochtaí iarchéime chun dul le speisialtóireacht ar leith, amhail ortódóntacht. An meántuarastal tosaigh d’Fhiaclóirí ná €50,000 sa bhliain agus bíonn sé sin i bhfad níos airde tar éis roinnt blianta de thaithí a fháil.

DIAGNÓISIC LEIGHIS

Is éard atá i gceist le diagnóisic leighis ná na gnáthaimh agus na tástálacha leighis is gá chun diagnóis a dhéanamh. I measc na ngairmeacha sa réimse seo tá Radagrafaí, Teiripeoir Radaíochta agus Cógaiseoir.

Radagrafaíocht

Tá radagrafaíocht ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí i leigheas na linne seo. Trí úsáid a bhaint as X-ghanna, as íomháú agus as ultrafhuaim is féidir diagnóis agus measúnú a dhéanamh, nach mbeadh indéanta ina n-éagmais.



Baintear leas as radaíocht ardfhuinnimh freisin chun cóireáil a dhéanamh ar dhaoine le hailse agus le galar fíocháin. Bíonn saineolas agus tuiscint ag radagrafaithe ar úsáid na dteicneolaíochtaí ar an gcaoi is fearr agus is féidir.  Tá dhá speisialtóireacht ann sa radagrafaíocht:

  1. Radagrafaí Diagnóiseach pictiúr de na codanna den chorp a gceaptar a bhfuil tinneas nó gortú iontu.  
  2. Baineann an Radagrafaí Teiripeach (Teiripeoir Radaíochta) úsáid as méideanna rialaithe radaíochta chun cóireáil a chur ar othair a bhfuil galar orthu, mar shampla ailse.  

Is féidir le radagrafaí a bheith ag súil le tuarastal tosaigh de €34,000. Tá féidearthachtaí maithe fostaíochta ann do Radagrafaithe, in Éirinn agus thar lear.

Cógaiseolaíocht
Tá céimeanna sa Chógaiseolaíocht ar fáil in UCC, Coláiste na Tríonóide agus Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.

Tar éis cúrsa ceithre bliana a chur i gcrích, is gá do chógaiseoirí tréimhse bliana réamhchlarúcháin a chur i gcrích mar chógaiseoir i gcógaslann ospidéil sular féidir leo bheith ag obair go neamhspleách. Faoi láthair, tá clár cúig bliana ar fáil in Éirinn, céim ceithre bliana, le creidiúnú PSI (Pharmaceutical Society of Ireland) i scoil na cógaisíochta, agus bliain amháin ar Chlár intéirneachta chun céim Mháistreachta Leibhéal 9 a bhaint amach.

Chomh luath agus a chríochnaíonn na mic léinn an réamhchlárú, is féidir leo obair i siopa poitigéara, in ospidéal nó i gcuideachta chógaisíochta. [Tá scoláireachtaí ar fáil le haghaidh an chúrsa RCSI  - sonraí anseo] Chun bheith i do chógaiseoir cleachtais in Éirinn is gá duit a bheith cláraithe le PSI. Bíonn tuarastal tosaigh de €60,000 le fáil ag céimithe a thosaíonn ag obair i siopa poitigéara.

Tá an-éileamh ann ar chógaiseoirí cáilithe agus meastar go leanfaidh an t-éileamh sin.

Teicneoir Cógaisíochta

Cuidíonn an teicneoir cógaisíochta leis an gcógaiseoir eolas a sholáthar, oidis a phróiseáil, oidis a ullmhú agus a sheiceáil agus cóir leighis a chomhdú agus a stóráil. Tá tionscal na cógaisíochta ag fás agus ag forbairt, agus tá an líon cógaiseoirí tar éis dul i méid go suntasach, rud a thugann le fios go mbeidh an-éileamh ar theicneoirí cógaisíochta amach anseo.

Tá chúrsaí Dhá Bliain Ardteastais ar fáil, chun cáiliú mar Theicneoir Cógaiseíochta. Seo a leanas na Coláistí a chuireann an cháilíocht seo ar fáil AIT, DIT, IT Carlow agus LYIT .  

GAIRMITHE BAINTEACHA CÚRAIM SLÁINTE

Sa chatagóir seo cuimsítear réimse den chóireáil agus de theiripí leighis a bhfuil mar aidhm acu faoiseamh a chur ar fáil d’othair nó pian a bhainistiú nó cuidiú le hothair téarnamh ar fad.

Teiripeoir Ceirde
Cuidíonn an Teiripeoir Ceirde le daoine atá faoi mhíchumas an neamhspleáchas is fearr agus is féidir a bhaint amach sa saol. Bíonn siad fostaithe in Ospidéil nó oibríonn siad i scoileanna, i bpríosúin, in ionaid phobail nó i dtithe altranais. Bíonn cúrsaí don ghairm seo ar fáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, UCC Corcaigh agus TCD. Mar thuarastal tosaigh le Bord Sláinte mar shampla, d’fhéadfaí a bheith ag súl le €35,000.   

Teiripeoir Urlabhra agus Teanga
Cuireann teiripeoirí urlabhra agus teanga teiripe ar fáil do dhaoine a bhfuil neamhoird chumarsáide acu. Déantar cúram de dhaoine idir óg is aosta, ach déantar formhór na hoibre le leanaí. Roinnt de na cúiseanna leis an ngá le tacaíocht mar seo ná go mbíonn fadhbanna ag leanaí mar shampla carball scaoilte nó riachtanais speisialta oideachais, nó d’fhéadfadh fadhb a bheith ag duine fásta tar éis timpiste, stróc nó toisc galar a bheith orthu, mar shampla galar Parkinson. 

Oibríonn teiripeoirí urlabhra go dlúth le gairmithe leighis amhail dochtúirí, síceolaithe, teiripeoir ceirde agus ceoil, múinteoirí agus oibrithe sóisialta. Cuirtear cúrsaí céime ar fáil don ghairm seo in Ollscoil Éireann, Gaillimh, UCC Corcaigh agus TCD. Faoi láthair tá ganntanas teiripeoirí Urlabhra & Teanga ann in Éirinn agus sa Bhreatain.  

Cothúchán agus Diaitéitic
Cuireann saineolaithe cothúcháin agus diaitéitigh comhairle ar fáil maidir le cothú agus aiste bia. Téann diaitéitigh ospidéil le speisialtóireachtaí cosúil le diaibéiteas, galar croí, agus péidiatraic, mar shampla. Bíonn siad fostaithe freisin i ngnóthaí agus i dtionscail mar chomhairleoirí nó mar thaighdeoirí. Chun cáilíocht a bhaint amach sa réimse seo is gá céim B.Sc. a dhéanamh sa Chothúchán agus sa Diaitéitic. Bheadh tuarastal tosaigh de €34,000 ar fáil de ghnáth.  

Fisiteiripeoir 
Oibríonn fisiteiripeoirí le cineálacha éagsúla daoine a raibh timpistí acu, daoine le hairtríteas nó leanaí a bhfuil spina bifida, pairilis cheirbreach nó fiobróis chisteach orthu. Bíonn fisiteiripeoirí spóirt ag obair le daoine a bhfuil gortuithe spóirt acu, agus seo réimse a bhfuil an-fhás tagtha air le blianta beaga anuas. 
Tá cúrsaí céime ceithre bliana san Fhisiteiripe ar fáil in UL, UCD, TCD agus Coláiste na Máinleá in Éirinn. Oibríonn fisiteiripeoirí i suíomhanna éagsúla, mar shampla in Ospidéil, sa Chúram Pobail agus sa Chleachtas Príobháideach. D’fhéadfaí a bheith ag súil le tuarastal tosaigh de €30,000+.

Radarceolaí
Déanann radharceolaí tástáil ar radharc na súl chun a fáil amach an bhfuil aon ghalar ar na súile nó an bhfuil aon mháchail ann. Cuireann siad oideas spéaclaí nó lionsaí tadhaill ar fáil. De ghnáth oibríonn siad i gCleachtas Príobháideach, (i siopaí cosúil le Specsavers) agus bíonn roinnt bheag ag obair in ospidéil nó le déantúsóirí lionsaí.
In Éirinn níl ach institiúid amháin inar féidir staidéar a dhéanamh ar radharceolaíocht agus sin Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, mar ar féidir BSc sa Radharceolaíocht a dhéanamh. Tá an cúrsa seo faofa ag Bord na Radharcmheastóirí, an comhlacht clárúcháin agus rialála atá ann do Radharceolaithe in Éirinn. Tar éis cúpla bliain de thaithí, is féidir leis an radharceolaí a bheith ag súil le tuarastal de €80,000 sa bhliain.

Coslia

Is gairmí cúraim sláinte í an coslia le saineolas faoi gcos agus faoin rúitín. Cuirtear oiliúint ar choslia conas diagnóis a dhéanamh agus conas idirghabhálacha a phleanáil agus a chur i bhfeidhm do gach aoisghrúpa. De ghnáth oibríonn coslia mar chleachtóir neamhspleách, agus bíonn saineolas aige nó aici ar conas diangóisiú a dhéanamh ar fhadhbanna a bhaineann leis na géaga íochtair agus leis na cosa.

Sa ghairm seo bítear ag obair le gairmithe sláinte eile, amhail dochtúirí, altraí, fisiteiripeoirí, teiripteoirí ceirde agus ortótaiceoirí. Chun obair a dhéanamh mar Choslia bheadh ort céim B.Sc. a chur i gcrích sa chosliacht.

LEIGHEAS COMHLÁNTACH AGUS MALARTACH

Áirítear faoin teideal Leigheas Comhlántach agus Malartach raon leathan teiripí, córacha leighis agus córas sláinte nach dtacaítear leo go traidisiúnta sa leigheas gnásúil.

Seo thíos roinnt de na Príomhtheiripí Comhlántacha agus Malartacha:

Snáthaidpholladóir

Tá an snáthaidpholladh ina chóras cneasúcháin a bhí in úsáid sa tSín agus i dtíortha eile san Oirthear leis an mílte bliain anuas. Baintear leas as chun cóireáil a chur ar fáil do dhaoine le galair éagsúla. Dírítear ann ar fholláine fhoriomlán an othair, seachas ar chóireáil ar leith nó ar shiomptóim ar leith.

An phríomhaidhm leis an snáthaidpholladh ná an chothromaíocht a thabhairt ar ais idir gnéithe fisiceacha, mothúchánacha agus spioradálta an duine. Don chuid is mó de na cláir oiliúna sa Snáthaidpholladh agus sa Leigheas Síneach is gá céim bhaitsiléara a bheith ag duine. Bionn cáilíochtaí i réimsí cosúil le fiseolaíocht, anatamaíocht, bitheolaíocht agus síceolaíocht an-úsáideach do ghairm mar shnáthaidpholladóir.

Moltar do dhaoine a bhfuil suim acu dul leis an ngairm seo roghnú cúramach a dhéanamh ar an scoil snáthadphollta a roghnaíonn siad in Éirinn chun a chinntiú go bhfuil an scoil sin cleamhnaithe le hOllscoil Shíneach a bhfuil dea-cháil uirthi, agus a chloíonn le caighdeáin oiliúna na hEagraíochta Sláinte Domhanda (WHO).

Círichleachtóir

Is éard a bhíonn i gceist leis an gcúram círichleachtóireachta ná gluaiseacht agus suíomh as an ngnách in ailt an choirp a thabhairt faoi deara agus an mháchail sin a cheartú. De ghnáth bíonn sé dírithe ar an dromlach, ach is minic a bhíonn cóireáil ar réimsí eile den chóras néar-mhatánchnámharlaigh i gceist.

Tar éis scrúdú agus anailís iomlán a dhéanamh ar an othar, baineann an círchleachtóir úsáid as brú rialaithe dírithe ar áit ar leith (ceartú) chun feidhm an dromlaigh a chur ar ais. Aithníonn círchleachtóírí freisin go bhfuil tábhacht ag baint leis an aiste bia, le gleacaíocht agus le stíl mhaireachtála sa tsláinte ghinearálta agus go minic cuireann siad comhairle ar an othar maidir leis na nithe sin chomh maith.

Chun bheith i do chírchleachtóir is gá duit cúrsa ollscoile 4 bliana a dhéanamh (i Sasana nó sa Bhreatain Bheag) agus béim ar leith ar néareolaíocht, íomháú diagnóiseach, fiseolaíocht agus ceartú dromlaigh.

Hómeapatach

Is córas leighis é an Hóiméapaite mar a n-úsáidtear substaintí ó phlandaí, ó mhianraí agus ó ainmhithe chun cumas nádúrtha téarnaimh an choirp a spreagadh. Is féidir úsáid a bhaint as mar chóireáil ar bhreoiteacht. As na teiripí comhlántacha agus malartacha go léir is é an hoiméapaite is minice a úsáidtear i 5 as 14 de na tíortha Eorpacha a ndearnadh suirbhé iontu.

Bhí sé ar fáil i gCóras Leighis na Breataine ó bhí 1948 ann agus tá ceithre cinn de na Cuideachtaí Árachais Phríobháidigh in Éirinn a chuireann clúdach ar fáil do Hóiméapaite. 

Chun a bheith i do hoiméapatach is gá a bheith i do bhall de Chumann Hóimeapaite na hÉireann (ISH).

Oistéapat

Tá an oistéapaite ina cineál leighis neamh-ionrach gan drugaí ina ndírítear ar shláinte an choirp iomláin trí chóireáil a chur ar an gcreatlach matánchnámharlaigh agus ina neartaítear é, agus san áireamh ann tá na hailt, na matáin, agus an dromlach. An aidhm leis ná tionchar dearfach a imirt ar néarchóras, ar chóras imshruthaithe agus ar chóras limfeach an choirp.

Chun bheith i d’oistéapat, is féidir tabhairt faoi oiliúint fhochéime san Irish College of Osteopathic Medicine san Ionad Náisiúnta Oiliúna i mBaile Átha Cliath. Tar éis duit an clár sin a chríochnú bronntar BSc (Onóracha) ort san oistéapaite, agus tá sin deimhnithe agus creidiúnaithe ag Ollscoil Chester, is cáilíocht í a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus bíonn an deis ag céimithe an oistéapaite a chleachtadh in Éirinn agus i dtíortha Eorpacha eile.

Reifléacseolaí

Is éard atá sa reifléacseolaíocht ná tuiscint iomlánaíoch, staidéar agus cleachtas na cóireála ar bhrúphointí sna cosa agus sna lámha ar pointí iad atá nasctha le codanna eile den chorp. Trí úsáid a bhaint as teicnící beachta láimhe agus méir, is féidir leis an reifléacseolaí feabhas a chur ar imshruthú, cuidiú le duine bheith ar a suaimhneas agus cuidiú leis an hoiméastáis sa chorp. Spreagann sé seo an corp é féin a leigheas agus cothaíonn sé an fholláine.

Tá cúrsaí oiliúna chun bheith i do chleachtóir gairmiúil ar fáil trí roinnt ionad ar fud na tíre. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Tabhair faoi deara:
Faoi láthair ní dhéantar aon rialáil reachtúil ar theiripí comhlántacha in Éirinn. Tá roinnt díobh a bhfuil córais neamhfhoirmiúla nó dheonacha chlárúcháin acu a bhíonn á rith ag an eagraíocht ghairmiúil a bhaineann leis an ngairm sin, ach níl aon bhunús sa dlí leo. Tá na cleachtóirí sa réimse seo faoi réir reachtaíochta, ámh, mar shampla reachtaíocht tomhaltóirí, dlí iomaíochta, dlí na gconarthaí agus dlí coiriúil.

In 2003, bhunaigh an Roinn Sláinte agus Leanaí Grúpa Oibre Náisiúnta maidir le Rialáil ar Theiripeoirí Comhlántacha, agus chuir an grúpa sin tuarascáil ar fáil in 2005 don Aire Sláinte. Sa tuarascáil rinneadh moltaí maidir le: sainmhíniú agus catagóirí, oideachas agus oiliúint, cumainn ghairmiúla, aontacht na hearnála, cumainn éagsúla ghairmiúla don teiripe chéanna. Níl an obair seo tugtha chun críche go fóill.

Bileoga Úsáideacha Gairme [comhaid pdf]

Innealtóireacht Bithleighis  

Pictiúr de Sláinte 2030

 

Biomedical Engineering
Picture of Health
 

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe