Baile     

Iompar & Lóistíocht

Áirítear san earnáil iompair agus lóistíochta idir dhaoine agus earraí. Iompraítear iad ar iarnród, ar an mbóthar, ar muir agus san aer. Bíonn gníomhaíochtaí tacaíochta i gceist freisin, mar shampla trádstóráil.

Chun méid na hearnála seo a shamhlú, smaoinigh ar an líon daoine agus an líon earraí a ghluaiseann timpeall ó áit go háit gach lá ar fud na hÉireann agus chuig/ó thíortha eile. Ansin smaoinigh ar na daoine a thiomáineann leoraithe, busanna agus traenacha, a eitlíonn aerárthaigh agus a bhíonn ag stiúradh loinge.

Anuas air sin, bíonn ar dhaoine eile eagrú, comhordú agus sceidealú a dhéanamh ar aistriú na n-earraí ón mbunionad go dtí ceann scríbe (Lóistíocht). De réir na bhfigiúr is déanaí tá 89,000 duine fostaithe san earnáil seo, agus tá 50% díobhsan (46,500) fosaithe in earnáil an iompair ar tír.

Oibríonn 3,800 duine i réimse na trádstórála agus na ngníomhaíochtaí tacaíochta, agus bíonn 17,400 duine i mbun gníomhaíochtaí postála agus cúiréara. Tá 9,700 díobhsan ag obair in earnáil an aeriompair. San iomlán, cuirtear 26,000 post ar fáil i dtionscal na heitlíochta sa slabhra soláthair.

GAIRMEACHA IN EARNÁIL AN IOMPAIR AGUS NA LÓISTÍOCHTA

Baineann formhór mór na ngairmeacha a luaitear sa rannóg seo le hiompar, agus tá roinnt eile i réimsí na stórála, na cumarsáide agus na ngnóthaí mórdhíola agus miondíola.

Ina measc tá siad seo: Aeróstach; Foireann Cabáin; Rialtóir Aerthráchta; Píolóta Eitleáin; Tiománaí Bus; Oifigeach Custaim; Bainisteoir Dáileacháin; oibreoir forc-ardaitheora; seachadóir lastais, tiománaí HGV; bainisteoir lóistíochta; mairnéalach boird; seirbhísí do phaisinéirí; bainisteoir calafoirt; bainisteoir oibríochtaí iarnróid; captaen loinge; oifigeach long; bainisteoir iompair; pleanálaí iompair; tiománaí traenach; tiománaí bus; tiománaí tacsaí; agus bainisteoir trádstórais, i measc a lán eile.

IOMPAR

I measc na modhanna iompair tá bóithre, iarnród, aeriompar agus iompar ar muir, ach sa mhéid gur oileán an tír, bíonn Éire ag brath níos mó ar iompar ar muir níos mó ná mar a bhíonn formhór na mballstát eile san Aontas Eorpach.

Iompar ar Uisce/ar Muir

Tá tuairim is 8,300 duine fostaithe in earnáil na seirbhísí iompair muirí, agus tá 14,000 duine fostaithe san earnáil sin má chuirtear san áireamh seirbhísí díreacha iompair eile. Is í earnáil an iompair muirí a thiomáineann na tionscadail muirí eile – tá trí phríomhghné ag baint leis:

  • Seirbhísí Loingseoireachta: An ghníomhaíocht tráchtála a bhaineann le daoine agus lastas a bhogadh ó A go B
  • Iompar ar Muir: An ghníomhaíocht fhisiceach a bhaineann le daoine agus lastas a bhogadh ó A go B (muirí)
  • Lóistíocht Calafoirt & Muirí : Bainistiú éifeachtach ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta agus muirí ó ché go cé mar chuid den slabhra soláthair mór a bhaineann le bainistiú bonneagair.

Na gairmeacha i gceist san earnáil seo ná: loingseoireacht (atá ar cheann de na ceirdeanna is traidisiúnta in Éirinn sa lá atá inniu ann). Tá tuairim is 2,000 loingseoir nó mairnéalach Éireannach ann, agus astu san tá 1,000 ag obair ar árthaí Éireannacha agus tá an chuid eile ag obair ar longa a bhaineann le comhlachtaí Eachtracha; Máistir an chuain; captaen Loinge; máta loinge; meicneoirí mara – tá  píolótaí áirithe sna gairmeacha a bheadh ag cuideachtaí bád farantóireachta sa lá atá inniu ann.  

An todhchaí
Déantar formhór na n-earraí a iompórtálann agus a easpórtálann Éire a iompar ar muir. Dar le meastacháin an Údaráis Iomaíochta déanann an lastas a iompraítear ar muir suas 84% den thrádáil na hÉireann ó thaobh toirte de (62% ó thaobh luacha de). Tá a lán de mhór-earnálacha easpórtála na hÉireann (e.g. cógaisíocht, ceimiceáin agus bia) ag brath go mór ar iompar ar muir. 
Bunaithe ar shonraí ó Irish Exporters Association (2012), Trade and Transport Analysis.

Tá báid farantóireachta ag éirí níos sócúla i gcónaí ionas go meallfar daoine chun taisteal ar muir agus iad ag dul chuig an Eoraip nó chuig an mBreatain. Dar leis an Irish Maritime Development Office (IMDO) d’ardaigh líon na bpaisinéirí ar bháid farantóireachta ar bhealaí idir an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi 4% le linn na chéad trí mhí den bhliain seo, agus sin táscaire maith do thodhchaí na hearnála seo.

Tá ardú de réir a chéile tagtha ar an líon daoine a théann ar thurais mhara faoi tuairim is 7% ina aghaidh na bliana ar an meán, agus leis na línéirí níos mó, tá níos mó ceann scríbe ann agus tá an líon de ghníomhaíochtaí ar bord ag dul i méid chun freastal ar éileamh na gcustaiméirí.

Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú mall ar iompar ar uisce thar an gcéad 10 mbliana eile. Beidh folúntais ann de réir mar a rachaidh daoine ar scor.

Féach freisin an phróifíl bhainteach earnála 'Muirí, Iascaireacht & Dobharshaothrú

Aeriompar

Mar oileán ar imeall na hEorpa, tá aeriompar ríthábhachtach d’eacnamaíocht na hÉireann. Tá seirbhísí lastais aeir thar a bheith tábhachtach chun ár n-earraí a chur ar fáil don mhargadh, do thionscal na turasóireachta agus chun Éire a cheangal leis an gcuid eile den domhan.

Tá tionscal na heitlíochta thar a bheith tábhachtach d’fhás eacnamaíochta na tíre freisin, agus cuireann sé tuairim is €4.1 billiún le heacnamaíocht na hÉireann gach bliain. Meastar go bhfostaíonn tionscal an aeriompair 26,000 duine go díreach, agus tá 16,000 duine sa bhreis fostaithe sa slabhra soláthair iompair.

An raibh a fhios agat .... tá Éire freagrach as leath den léasú ar aerárthaigh ar fud an domhain!

Tá mol seanbhunaithe idirnáisiúnta eitlíochta ag Éirinn a bhuíochas leis an ráta cánach corparáidí de 12.5% atá i bhfeidhm sa tír. Tháinig méadú de 30% le cúig bliana anuas ar an léasú oibríochtúil agus rinne sé sin suas 8% de na seirbhísí uile easpórtála in 2012. Tá 50% de na haerárthaí ar fud an domhain a bhíonn ar léas bainistithe ó Éirinn, dar le figiúirí IDA Ireland.

Tá earnáil léasaithe aerárthach na tíre curtha san áireamh leis na seirbhísí eile ó Earnáil na Seirbhísí Airgeadais a luadh ina raibh 16,803 duine fostaithe in 2012 (FoinseDept Jobs, Enterprise & Innovation Q&A 10/7/13).  Tá naoi gcinn de na 10 gcuideachta léasaithe is mó le hoibríochtaí acu i mBaile Átha Cliath, agus tá breis is 3,000 aerárthach acu dar luach €83bn a dhéanann siad a léasú ó Éirinn, dar leis an Roinn Iompair.  

Tá ceithre aerlíne tráchtála mór le rá anseo: Aer Lingus, an aerlíne is mó a fheidhmíonn as Éirinn; Ryanair, atá ar cheann de na haerlínte is mó san Eoraip; CityJet agus Aer Arann. Tá an-tábhacht ag baint le haerlínte atá ag feidhmiú ó thíortha eile agus go minic is iadsan a iompraíonn sciar níos mó de na cuairteoirí gnó agus turasóireachta ná na haerlínte atá ag feidhmiú as Éirinn.

Tá earnáil fhuinniúil ghnó agus eitlíochta ag Éirinn chomh maith le bonneagar dea-fhorbartha aerfoirt. Tá trí aerfort faoi úinéireacht an Stáit; Baile Átha Cliath, an tSionainn agus Corcaigh. Tá roinnt aerfort réigiúnach ar fud na tíre (Dún na nGall, Gaillimh, Cnoc Mhuir, Sligeach, Ciarraí agus Oileáin Árann).  

Údarás Eitlíochta na hÉireann freagrach as bainistiú a dhéanamh ar an aerspás faoi rialú na hÉireann. Na phríomhfhreagrachtaí ar an Údarás Eitlíochta ná bainistiú aerthráchta, rialáil sábháilteachta agus slándáil eitlíochta.  Cé go bhfuil píolótaí agus freastalaithe eitleáin níos feiceálaí mar fhostaithe san earnáil, tá 2 as 3 de gach oibrí sa tionscal seo fostaithe i bpost ar an talamh.

I measc na ngairmeacha is gá sa lá atá inniu ann chun aerlínte tráchtála agus cairteitilte a rith tá Railtóirí Aerthráchta, Innealtóirí Aerárthach, Cigirí Aerloingseoireachta agus Oifigigh Aerloingseoireachta.

Chomh maith leis sin, tá meicneoirí aerárthach, teicneoirí seirbhíse, láimhseálaithe lastas agus bagáiste agus gníomhairí áirithinte agus ticéad, agus raon leathan d’fhoireann chléireachais fostaithe san earnáil seo.

AN TODHCHAÍ

Tá aernaisc riachtanach do thrádáil earraí agus seirbhísí ar fud an gheilleagair, agus chun tacú le turasóireacht.

I measc phríomhcuspóirí an Rialtais tá optamú a dhéanamh ar an earnáil eitlíochta, mar atá le sonrú sa Phlean Gnímh le haghaidh Post; tacaí a chur ar fáil do chuideachtaí nuabhunaithe nó d’fhiontraithe aonair iniúchadh a dhéanamh ar inmharthanacht gnóthaí nua san earnáil eitlíochta; agus tacaí a sholáthar do chuideachtaí nó do ghrúpaí gnóthaí seanbhunaithe a mbeadh suim acu leathnú amach nó seach-chuideachtaí nua a chruthú i dtionscal na heitlíochta.

Gach bliain, tá líon na bpaisinéirí atá ag dul trí aerfort Bhaile Átha Cliath ag ardú faoi 2 mhilliún. A bhuíochas leis an gcríochfort nua san aerfort tá líon suntasach breise paisinéirí ag dul tríd an aerfort agus tá a lán fostaíochta breise cruthaithe.

Iompar ar Bhóithre


Áirítear san iompar ar bhóithre trucailí, iompar Uirbeach agus Tuaithe (bus, cóiste, tacsaí etc.). Bíonn trucailí – móra, meánmhéide agus beaga, na mílte díobh – ar an mbóthar gach lá den bhliain. Cruthaíonn sé sin éileamh mór le haghaidh fostaithe san earnáil seo.

I dtionscal iompair agus trádstórála na tíre tá isteach is amach le 80,000 tiománaí, meicneoir, oibrí trádstórais agus daoine eile fostaithe. Bíonn a bhformhór ag obair i bhfostaíocht lánaimseartha, agus tá obair pháirtaimseartha ar fáil freisin.

Braitheann pá agus sochair ar chineál an chórais iompair agus ar an suíomh. Níl ach 1% den fhórsa tiománaithe trucailí ina mná. Tá a lán de na tiománaithe Feithiclí Earraí Troma (HGV) féinfhostaithe agus cuireann siad a seirbhísí ar fáil do chuideachtaí ar bhonn conartha.  

Cad is gá a dhéanamh chun post a fháil sa tionscal seo? De ghnáth éilíonn fostóirí iompair trucailí agus cuideachtaí tarlaithe (haulage) go mbeadh tiománaithe ar a laghad 18 mbliana d’aois, go mbeadh taifead maith tiomána acu, agus go mbeadh an cumas iontu pas a fháil i scrúdú scríofa.

Faoi rialacháin an Rialtais agus AE is gá do thiománaithe trucailí móra Ceadúnas Tráchtála Tiomána (CDL) a bheith acu ón tír ina bhfuil siad lonnaithe. In 2008 beartaíodh go mbeadh sé riachtanach san Aontas Eorpach go mbeadh gá ag tiománaithe gairmiúla bus CPC (Certificate of Professional Competence) a bheith acu agus in 2009 tugadh isteach an riachtanas céanna do thiománaithe trucailí.

Níl an méid céanna riachtanais shonracha ann d’fhostaithe a oibríonn i dtrádstórais, ach de ghnáth lorgaíonn fostóirí fosaithe – idir oibrithe láimhe agus lastais láimhe, stoic agus daoine a bhogann stoc – ar féidir brath orthu agus atá in ann obair fhisiceach a dhéanamh go gasta agus go beacht.

Iompair Uirbeach

I earnáil an iompair uirbigh do chomaitéirí tá seirbhísí cosúil leis an LUAS, busanna, cóistí, tacsaithe agus busanna scoile. I ngach cás bíonn ar na tiománaithe a bheith lánoilte, ina dtiománaithe sábháilte agus bíonn gá le meicneoirí, riarthóirí ama agus fostaithe eile chun daoine fásta agus leanaí a thiomáint ó áit go háit.

Thosaigh Córas Idirthurais Iarnróid Éadroim Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar an LUAS, ag feidhmiú sa bhliain 2004. Oibreoir príobháideach atá i bhfeighil an ghnó seo, agus tá an t-oibreoir sin ar conradh leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród (RPA). I measc na ngairmeacha le LUAS tá tiománaithe, innealtóirí, meicneoirí agus cigirí.

De ghnáth éilíonn fostóirí san earnáil seo tiománaithe atá ar a laghad 18 mbliana d’aois agus a bhfuil taifead maith tiomána acu. D’fhéadfadh sé a bheith sonraithe i rialacháin an Rialtais go mbeadh Ceadúnais Tiománaí Tráchtála ag tiománaithe feithiclí ina bhfuil a lán paisinéirí. Is gá CPC a bheith ag tiománaithe ó mbliain 2008 i leith.

Cé nach bhfuil aon leibhéal ar leith oideachais sonraithe, bíonn scileanna maithe cumarsáide agus uimhearthachta ina mbuntáiste d’aon phost. Bíonn a lán daoine féinfhostaithe agus bíonn cuideachtaí beaga ag feidhmiú freisin sa réimse seo.

Iompar ar Iarnród

Le breis is 100 bliain anuas bhí lastas agus paisinéirí á n-iompar ar fud na hÉireann. Níl ach gnólacht amháin in earnáil an iarnróid in Éirinn - Iarnród  Éireann, atá ina fhocuideachta de CIE, agus a fhostaíonn 4,100 duine – tá tuairim is 2,450 díobhsan fostaithe in oibríochtaí Iarnróid; 1,410 i gcúrsaí bonneagair; 210 i seirbhísí lárnacha; 20 i lastas iarnróid.

Tá a lán airgid á chaitheamh ag Iarnród Éireann ar uasghrádú a dhéanamh ar línte iarnróid ionas go mbeidh an líonra iompair iarnróid ar ardchaighdeán. Táthar ag súil go n-ardóidh an líon daoine a thaistealaíonn ar iarnród go suntasach sna blianta amach romhainn, ó 35 milliún (DART agus iarnród fo-uirbeach, 24 milliún) go dtí 54 milliún in 2022 (DART agus iarnród fo-uirbeach, 36 milliún).

Meastar go n-ardóidh na gairmeacha in Oibríochtaí Iarnróid (Tiománaithe agus oibreoirí traenach; oibreoirí coscáin) go mall sna blianta amach romhainn; agus meastar go dtiocfaidh méadú beag ar líon na nInnealtóirí Sibhialta, Leictreacha agus Meicniúla sna blianta amach romhainn; - de réir mar a chuirfear leis an líon traenacha. Tá róil tacaíochta ar fáil freisin san earnáil seo in Acmhainní Daonna, Airgeadas, Cúrsaí Tráchtála agus TF.

LÓISTÍOCHT

Cuimsíonn lóistíocht pleanáil, eagrú, bainistiú, rialú agus cur i bhfeidhm na n-oibríochtaí iompair lastais agus trádstórála sa slabhra soláthair. Sa lóistíocht agus sa bhainistiú slabhra soláthair is éard atá i gceist ná earraí agus faisnéis a bhogadh ó phointe an tsoláthair go dtí pointe an tomhaltais.

Uaireanta cuirtear síos air mar seo – an táirge cearta, agus an méid ceart den táirge sin, a bheith san áit cheart, ag an am ceart, don chustaiméir ceart ar an bpraghas ceart! Ní hé cumas an déantóra amháin is cúis le seirbhís dá leithéid a chur fáil. Mura bhfuiltear in ann earraí a sholáthar in am agus i gceart is cuma cé chomh maith is atá saineolas an déantóra.

Tabhaítear costais bhreise mar thoradh ar mhodhanna mí-éifeachtacha táirgeachta. Mar sin bíonn gá le saineolaithe lóistíochta. Bíonn gá le lóistíocht den chéad scoth in earnáil na loingseoireachta freisin chun freastal ar an ngnó sin agus áiríonn sé sin aeriompar, trádstóráil, seachadadh lastais agus rianú leictreonach a dhéanamh ar earraí. 

Tá 18 as na 20 cuideachta loingseoireachta is fearr ar domhan a bhfuil oibríochtaí acu in Éirinn, lena n-áirítear Maersk, DHL, Hapag Lloyd, Cosco, NYK agus Fedex. Bíonn deiseanna san earnáil seo do chéimithe agus do dhaoine a bhfuil saineolas acu ar iompar earraí. I measc na ngairmeacha sin tá:

  • Comhordaitheoir Dáileacháin
  • Pleanálaí Lóistíochta
  • Bainisteoir Slabhra Soláthair
  • Bainisteoir Oibríochtaí
  • Bainisteoir Iompair

D’ainneoin go bhfuil cúrsa nua céime ar fáil in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) tá fianaise ann go bhfuil ganntanas foirne fós ann.

Easnaimh Scileanna

Gairmeacha Samplacha

Cúrsaí CAO
Central Applications Office Cúrsa Aimsithe

Cúrsaí PLC
Post Leaving Certificate Courses Cúrsa Aimsithe