Baile     

Ríomhairí & Bogearraí

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. I measc na seirbhísí sin tá Cuntasaíocht.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

Bíonn cuideachtaí áirithe TF i mbun bogearraí agus teicneolaíochtaí a fhorbairt a bhaineann go sonrach le húsáideoirí ar Gaeilgeoirí iad - ina measc tá litreoirí agus gramadóirí; cúntóirí pearsanta idirghníomhacha ar fhóin chliste e.g. Siri ar an iPhone, innill chuardaigh ghréasáin, gléasanna urlabhra sintéisí arna n-úsáid i gcórais loingseoireachta gluaisteáin a éilíonn:

  • Teicneolaíocht agus logánú teanga
  • Ábhar digitithe Gaeilge a tháirgeadh
  • Uirlisí foghlama Gaeilge a fhorbairt

Réimse fáis is ea réimse na teicneolaíochta móibílí agus ríomhaireachta le róil dóibhsean a bhfuil scileanna TF agus ilmheáin acu chomh maith le Gaeilge. Tá deiseanna ann na seirbhísí seo a leanas a fhorbairt trí Ghae

  • Aipeanna trí Ghaeilge
  • Táirgí bogearraí ríomhaireachta a bhfuil an rogha ann an comhéadan a bheith i nGaeilge: KDE, Mozilla Firefox, Mozilla Thunderbird, LibreOffice.org, Microsoft Windows agus Gmail

Is bogearra móréilimh é Vbulletin a óstálann fóraim chomhrá ar líne a bhfuil an rogha Ghaeilge ann.

Is féidir le húsáideoirí foghlaim conas códú a dhéanamh trí mheán na Gaeilge le Code.org agus Scratch (scratch.mit.edu).


 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

Teic na Gael - The home of Teicneolaíocht and Gaeilge online.