Baile     

Faisin & Scéimh

Deiseanna Gairme le Gaeilge

FAISEAN

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge. Is é TG4 an craoltóir náisiúnta trí Ghaeilge. Tá sé lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, agus cuireann sé raon leathan clár ar fáil, agus ina measc cláir a dhíríonn ar fhaisean.

A bhuíochas leis an idirlíon is féidir le hirisleabhair dála NÓS agus le suíomhanna gréasáin blaganna amhail Gaeilge le Glam ailt a tháirgeadh i nGaeilge dá léitheoirí agus dá lucht leanúna.

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Cúrsaí Iarchéime

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

Gaeilge le Glam - blag-shuíomh gréasáin  - Ceathrar múinteoirí Gaeilge le suim i bhfaisean, i dtáirgí áilleachta, i gcúrsaí bia agus aclaíochta agus ar deireadh thiar thall ár dteanga náisiúnta, an Ghaeilge! http://www.gaeilgeleglam.com/

NóS http://nos.ie/ Irisleabhar míosúil faoi stíl mhaireachtála an aosa óig 

TG4 - craoltóir Gaeilge