Baile     

Pobal & Deonach

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Is iomaí deis ghairme atá ann dóibhsean a bhfuil Gaeilge líofa acu, mar sampla róil san earnáil phobail agus dheonach. Tá an Ghaeilge lárnach do shainmheon na n-eagraíochtaí náisiúnta deonacha, leithéidí Chumann Lúthchleas Gael (CLG) agus Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Cur chun cinn agus forbairt na teanga - fostaítear oifigigh Ghaeilge ar an leibhéal áitiúil agus an leibhéal náisiúnta araon, agus fostaíonn eagraíochtaí poiblí agus neambhrabúis iad go minic freisin.

Sa mhéid gur leathan sainfhreagracht na n-eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn in Éirinn, fostaíonn siad daoine ó raon leathan disciplíní, mar shampla margaíocht, oideachas, airgeadas, bainistiú imeachtaí, foilsiú agus caidrimh phoiblí..

Is eagraíocht dheonach é An tAcadamh um Logánú a aistríonn bogearraí go Gaeilge. I measc na dtionscadal a raibh sé ina mbun go dtí seo bhí Gmail, Twitter, Mozilla Firefox, Scratch, Code.org, LibreOffice agus tuilleadh. Más taithí atá á lorg agat ar aistriúchán agus oiliúint féadfaidh deiseanna a bheith ar fáil leo.

 



Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

333

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais