Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. I measc na seirbhísí sin tá seirbhísí Cuntasaíochta.
Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.
Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.
Tá sé de cheangal ar na Coimisinéirí Ioncaim raon leathan seirbhísí cánachais a sholáthar do chustaiméirí a labhraíonn Gaeilge. Chomh maith leis an raon fairsing ábhar i nGaeilge agus i mBéarla ar a suíomh gréasáin (www.revenue.ie), cuidíonn na Coimisinéirí Ioncaim le custaiméirí a labhraíonn Gaeilge ar a lán bealaí eile.