Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
Bíonn poist mhúinteoireachta ann do Ghaeilgeoirí i mbunscoileanna príomhshrutha agus in iar-bhunscoileanna, chomh maith le scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta ar fud na hÉireanna, anuas ar na Gaelscoileanna, na Gaelcholáistí agus na scoileanna atá lonnaithe i limistéir Ghaeltachta.
Tá a lán deiseanna ann do mhúinteoirí cáilithe a bhfuil leibhéal ard Gaeilge acu. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí ná riamh leibhéal ard Gaeilge a bheith agat sa mhéid gur fiú 40 faoin gcéad scrúdú béil na hArdteistiméireachta anois. Bíonn éileamh ar mhúinteoirí ábhair freisin a bhfuil scileanna teanga acu, go háirithe mata agus eolaíocht.
An raibh a fhios agat …
Bhí Jean-Baptiste Joseph Fourier ina mhatamaiticeoir agus ina fhisiceoir den chéad scoth. D’eascair réimse nua-aoiseach na próiseála comharthaí digiteacha óna shaothar agus óna smaointe úrnua. Baintear úsáid as teicnící matamaitice chun anailís agus samhaltú a dhéanamh ar comharthaí i gcórais próiseas reanga ríomhaire a ghineann urlabhra ríomhaire-ghinte.
Cruthaíodh córas léitheoireachta scáileáin don Ghaeilge bunaithe ar an teicneolaíocht sin.
Go dtí le déanaí, ní raibh aon bhealach ann téacs Gaeilge a thiontú ina urlabhra. Tá córas ginte urlabhra Gaeilge forbartha anois ag Saotharlann Foghraíocht agus Urlabhra Choláiste na Tríonóide. Is féidir leatsa triail a bhaint ag http://www.abair.tcd.ie/ (gineann sé aschur in aon cheann de na trí chanúint).