Baile     

Oideachas

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá deiseanna iomadúla ann in earnáil an oideachais dóibhsean a bhfuil scileanna Gaeilge acu, ar gach leibhéal - ón réamhscoil chuig an tríú leibhéal, ar fud na tíre.

Gairm san Oideachas

Download 'Gairm san Oideachas' [pdf file]

Oideachas luathbhlianta - Is éard is Naíonra ann grúpa súgartha trí Ghaeilge le haghaidh leanaí (dar aois idir 3-5 bliana), a fhreastalaíonn gach lá le haghaidh 2-3 uair an chloig, faoin threoir agus mhaoirseacht Stiúrthóra (ceannaire). Tá éileamh ar áiteanna Naíonra ag dul i méid i gcónaí, de réir mar a ardaíonn an t-éileamh ar áiteanna i ngaelscoileanna.

Bunscoil & Iar-bhunscoil  - Tá breis is 400 scaoil lán-Ghaeilge ann anois in Éirinn idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Chomh maith le Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta, tá poist mhúinteoireachta ann do Ghaeilgóirí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna príomhshrutha.

Tá deiseanna iomadúla ann do mhúinteoirí cáilithe a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh anois leibhéal ard Gaeilge a bheith acusan atá ag múineadh ag an dara leibhéal sa mhéid gur fiú 40 faoin gcéad den ghrád deiridh é an scrúdú béil san Ardteistiméireacht. Tá éileamh freisin ar mhúinteoirí ábhair eile a bhfuil scileanna Gaeilge acu.

I measc na ndeiseanna eile atá bainteach le hoideachas a mbíonn scileanna Gaeilge ag teastáil dóibh tá:

  • Scoileanna/campaí samhraidh agus cláir feabhsaithe Gaeilge, le haghaidh gach aoisghrúpa, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon.
  • Forbairt curaclaim, cigireacht na Roinne Oideachais agus forbairt acmhainní teagaisc.
  • Bíonn éileamh freisin ar chéimithe a bhfuil scileanna TF, teagaisc agus smaointe cruthaitheacha acu chun cuidiú le forbairt acmhainní idirghníomhacha do mhúinteoirí in eagraíochtaí amhail an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), an Chomhairle Mhúinteoireachta, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.
  • Tá ról an Oifigigh Ghaeilge ann freisin i gcoláistí Tríú Leibhéal, in Institiúidí Teicneolaíochta; ranna rialtais; Comhairlí Contae; An Garda Síochána; páirtithe polaitiúla agus FSS augs eagraíochtaí eile nach iad.

Teagasc thar sáile - Tá éileamh ar mhúinteoirí Gaeilge thar sáile fós ag dul i méid. Bíonn scoláireachtaí ar fáil dóibhsean ar spéis leo taisteal chuig Meiriceá agus Ceanada; cuireann coláistí tríú leibhéal sa Ríocht Aontaithe agus níos faide anonn cláir Ghaeilge ar fáil, agus is deis iad taisteal thar lear chun Gaeilge a mhúineadh:

  • Faoi Chlár Fulbright do Chúntóirí Teagaisc Teanga (FLTA) féadfaidh céimithe a labhraíonn Gaeilge obair i gcoláistí agus in ollscoileanna sna Stáit Aontaithe agus ranganna Gaeilge a chur ar fáil. I measc na gcritéar incháilitheachta tá Gaeilge líofa a bheith agat, bunchéim, taithí theagaisc agus spéis a bheith i d’ambasadóir d’Éirinn. Chomh maith leis sin, cuireann Fulbright deiseanna ar fáil d’acadóirí le Gaeilge teagasc ar gach leibhéal nó taighde a dhéanamh in SAM.
  • Faoi dhámhachtainí FLTA, arna n-urrú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus faoin gCrannchur Náisiúnta, cuirtear deontais ar fáil do shaoránaigh AE a bhfuil Gaeilge líofa acu, sna Stáit Aontaithe ar feadh tréimhse 9-10 mí. I measc na n-iarrthóirí ar éirigh leo ceann a bhaint amach go dtí seo bhí céimithe, múinteoirí bunscoile, teagascóirí tríú leibhéal agus gairmithe eile.
  • Cuireann Fondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada (ICUF) dámhachtainí Gaeilge ar fáil gach bliain, ag soláthar scoláireachtaí do chéimithe ionas gur féidir leo am a chaitheamh ag teagasc na Gaeilge i gCeanada. Faoi láthair tá breis is 30 coláiste agus ollscoil i SAM, Ceanada (áit ina bhfuil Gaeltacht), an Astráil, i dtíortha Eorpacha augs áiteanna eile níos faide anonn, a chuireann cláir Ghaeilge agus Léinn Cheiltigh ar fáil ina n-institiúidí féin. Cuireann roinnt institiúidí sa Bhreatain, amhail Coláiste na nGael i Londain, ranganna Gaeilge ar fáil.

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

Gaelscoileanna - www.gaelscoileanna.ie 

Naonraí - Na Naonraí Gaelacha 

Comhar Naonraí na Gaeltachta - anseo