Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
Tá deiseanna iomadúla ann in earnáil an oideachais dóibhsean a bhfuil scileanna Gaeilge acu, ar gach leibhéal - ón réamhscoil chuig an tríú leibhéal, ar fud na tíre.
Download 'Gairm san Oideachas' [pdf file]
Oideachas luathbhlianta - Is éard is Naíonra ann grúpa súgartha trí Ghaeilge le haghaidh leanaí (dar aois idir 3-5 bliana), a fhreastalaíonn gach lá le haghaidh 2-3 uair an chloig, faoin threoir agus mhaoirseacht Stiúrthóra (ceannaire). Tá éileamh ar áiteanna Naíonra ag dul i méid i gcónaí, de réir mar a ardaíonn an t-éileamh ar áiteanna i ngaelscoileanna.
Bunscoil & Iar-bhunscoil - Tá breis is 400 scaoil lán-Ghaeilge ann anois in Éirinn idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Chomh maith le Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta, tá poist mhúinteoireachta ann do Ghaeilgóirí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna príomhshrutha.
Tá deiseanna iomadúla ann do mhúinteoirí cáilithe a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh anois leibhéal ard Gaeilge a bheith acusan atá ag múineadh ag an dara leibhéal sa mhéid gur fiú 40 faoin gcéad den ghrád deiridh é an scrúdú béil san Ardteistiméireacht. Tá éileamh freisin ar mhúinteoirí ábhair eile a bhfuil scileanna Gaeilge acu.
I measc na ndeiseanna eile atá bainteach le hoideachas a mbíonn scileanna Gaeilge ag teastáil dóibh tá:
Teagasc thar sáile - Tá éileamh ar mhúinteoirí Gaeilge thar sáile fós ag dul i méid. Bíonn scoláireachtaí ar fáil dóibhsean ar spéis leo taisteal chuig Meiriceá agus Ceanada; cuireann coláistí tríú leibhéal sa Ríocht Aontaithe agus níos faide anonn cláir Ghaeilge ar fáil, agus is deis iad taisteal thar lear chun Gaeilge a mhúineadh:
Comhar Naonraí na Gaeltachta - anseo