Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
Is é seo an earnáil ghairme is mó ina bhfuil éileamh ar scileanna Gaeilge. Áirítear ann seirbhísí teilifíse, raidió, nuachtáin agus na meáin dhigiteacha. Tá breis is 750 duine fostaithe i réimsí na meán Gaeilge, mar shampla san iriseoireachta agus sa chraoltóireacht.
Download 'Gairm sna Meáin Ghaeilge' [pdf file]
MEÁIN CHLÓITE Nuachtáin
Irisleabhair - Tá roinnt irisleabhar ar fáil as Gaeilge, amhail Comhar, Feasta, An tUltach, An Sagart agus An Timire.
Chomh maith leis na meáin thraidisiúnta chlóite agus chraolta, d’fhorbairt an earnáil láithreacht shuntasach ar líne:
MEÁIN CHRAOLTA Tá deiseanna fostaíochta ann i réimse na craoltóireachta in Éirinn do thaighdeoirí, léiritheoirí agus iriseoirí dátheangacha chomh maith le speisialtóirí eile i réimse na TF agus i réimsí teicniúla eile.
Radió – tá roinnt stáisiún raidió nach gcraolann ach i nGaeilge agus tá stáisiúin eile a chraolann cláir áirithe i nGaeilge.
Déanann stáisiúin raidió áitiúla cláir a chraoladh tri Ghaeilge go rialta. Tá sé de cheangal ar stáisiúin nua tráchtála agus phobail atá ag feidhmiú i bPoblacht na hÉireann ábhar trí Ghaeilge a bheith acu i gclársceideal. Féach Cogar.ie.
Teilifís - Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann maoiniú ar fáil le haghaidh cláir theilifíse agus raidió trí Ghaeilge faoin scéim, Fuaim agus Fís.
Is comhaltaí de Screen Producers Ireland iad formhór mór na léiritheoirí neamhspleácha Gaeilge.
Rinne an scannánóir agus cainteoir dúchais Gaeilge Manchán Magan clár faisnéise No Béarla inar thaistil sé ar fud na hÉireann ag labhairt Gaeilge amháin le daoine agus lean sé air ag caint i nGaeilge fiú nuair a d’éiligh daoine air tiontú chuig an mBéarla. Is minic a dhiúltaigh siopadóirí, oifigigh agus daoine ar an tsráid caint leis, ach lean sé air agus d’aimsigh sé cúpla duine a bhí sásta labhairt leis, anseo is ansiúd. Breathnaigh air anseo.
MEÁIN DHIGITEACHA
Tá formhór mór na meán clóite ar fáil anois ar líne:
Social media Tá láithreacht sna meáin shóisialta ag nuachtáin, irisleabhair agus stáisiúin teilifíse trí Ghaeilge agus bíonn caidreamh acu le héisteoirí agus le léitheoirí trí mheán Facebook, Twitter agus uirlisí eile sna meáin shóisialta.
An raibh a fhios agat ... Tá leagan Gaeilge de Facebook agus Twitter ar fáil. Tá grúpaí éagsúla Gaeilge ar Facebook, lena n-áirítear Gaeilge Amháin a bhfuil breis is 8,000 ball aige.
Blaganna - I measc na mblaganna móréilimh Gaeilge tá: