Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.
Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.
Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.
I bhfianaise oidhreacht shaibhir na Gaeilge agus na hÉireann, tá a lán músaem agus láithreán oidhreachta ar fud na tíre. Is ceann scríbe tábhachtach na limistéir Ghaeltachta do thurasóirí agus amharctar ar na limistéir sin mar a bheadh baile an chultúir Ghaelaigh. Meallann turasóireacht agus cúrsaí Gaeilge raon leathan daoine - bíodh sin múinteoirí Gaeilge, daoine atá ag gabháil don fhorbairt ghairmiúil leanúnach, nó mic léinn scoile, coláiste nó ollscoile in Éirinn nó ó thar lear, nó turasóirí a bhfuil laethanta saoire cultúrtha ag teastáil uathu.
Tá a lán cúrsaí iarchéime ar féidir leat dul ina mbun agus cur le do scileanna a thabharfadh an buntáiste breise sin duit.