Baile     

Leigheas & Cúram Sláinte

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla tá sé de cheangal ar na rialtas agus ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí áirithe agus ábhar clóite agus gréasánbhunaithe a sholáthar, trí Ghaeilge. Cuimsíonn an reachtaíocht sin 658 gcomhlacht phoiblí, gach roinn rialtais, gach údarás áitiúil, An Garda Síochána, na Fórsaí Cosanta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Leabharlann Náisiúnta.

Is buntáiste é Gaeilge labhartha a bheith ag duine in earnáil an chúraim sláinte agus an leighis gus is féidir leis an mbuntáiste sin céimithe a idirdhealú ó ghairmithe sláinte eile. Cuidíonn sé seo nideog a chruthú dóibh féin sa Ghaeltacht, mar shampla.

D’fhéadfaí a éileamh ar ghairmithe sláinte a bhfuil teagmháil dhíreach acu le hothair seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tá FSS tiomanta do phróiseas chun foirne cúraim phríomhúil a fhorbairt ar féidir leo seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i limistéir Ghaeltachta. Go nuige seo, tá foireann chúraim phríomhúil Ghaeltacht na Gaillimhe bunaithe agus cuimsíonn an fhoireann sin teiripeoirí urlabhra agus teanga, teiripeoirí saothair, altraí sláinte poiblí, oibrithe sóisialta, síceolaí agus fiaclóir, agus tacaíocht á soláthar don fhoireann ó cheathrar eile ar riarthóirí iad.

Tá éileamh ar theiripeoirí urlabhra agus teanga, fiaclóirí, fisiteiripeoirí agus gairmithe sláinte eile a bhfuil Gaeilge acu, bíodh sin sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, áit a bhfuil éileamh ag Gaeilgeoirí ar a leithéidí de sheirbhísí.

Tá gníomhairí ag na línte freagartha éigeandála 112 nó 999 ar féidir leo déileáil le glaonna éigeandála sa dá theanga.

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Tá roinnt d'fhoireann FSS tar éis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil a dhéanamh. 
Nasc anseo:

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)
Human Medicine
Nursing
Other Health Care

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

Is éard is Acadamh na Lianna ann cumann de ghairmithe leighis agus de ghairmithe eile i réimsí gaolmhara a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Tagann an cumann le chéile ar bhonn rialta agus bíonn díospóireachtaí acu faoi cheisteanna leighis trí mheán na Gaeilge, eagraíonn siad léachtaí trí Ghaeilge agus cuireann siad le líonra d'oibrithe i réimse na slainte a labhraíonn Gaeilge ar fud na hÉireann. 

Straitéis don Ghaeilge 2010-2030 - Cliceáil anseo

http://health.gov.ie/wp-content/uploads/2016/04/20-year-Strategy-for-the-Irish-La