Baile     

Síceolaíocht & Cúram Sóisialta

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. Ina measc tá soláthar seirbhísí cúraim leanaí agus seirbhísí sóisialta. 

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

Oideachas luathbhlianta

Is éard is Naíonra ann grúpa súgartha trí Ghaeilge le haghaidh leanaí (dar aois idir 3-5 bliana), a fhreastalaíonn gach lá le haghaidh 2-3 uair an chloig, faoin threoir agus mhaoirseacht Stiúrthóra (ceannaire). Tá éileamh ar áiteanna Naíonra ag dul i méid i gcónaí, de réir mar a ardaíonn an t-éileamh ar áiteanna i ngaelscoileanna.

Cúram Sláinte agus Sóisialta 

Bíonn gairmithe sláinte i dteagmháil go díreach le hothair a d’fhéadfadh seirbhísí a éileamh trí Ghaeilge. Tá FSS tiomanta do phróiseas Tá FSS tiomanta don phróiseas Foirne Cúraim Phríomhuil a fhorbarit chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sna Gaeltachtaí. Go nuige seo, bunaíodh an fhoireann cúraim phríomhúil i nGaeltacht na Gaillimhe agus ar an bhfoireann sin tá teiripeoirí urlabhra, altraí sláinte poiblí, oibrithe sóisialta síceolaí, fiaclír agus ceathrar ball foirne riaracháin.
Is ionad glaonna i bPort Láirge é Seirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil (PCRS) ina bhfuil beirt earcaithe acu chun tabhairt faoin tseirbhís do chustaiméirí. I measc na bpost eile sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge ag teastáil dóibh tá:

  • Teiriepoirí Urlabhra agus Teanga
  • Altraí
  • Airígh
  • Príomhchócaire
  • Síceolaí, Fisiteiripeoir agus rúnaithe na nDochtúirí Teaghlaigh.

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Cúrsaí Iarchéime

Tá cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

An Roinn Sláinte - Straitéis don Ghaeilge - Cliceáil anseo