Baile     

Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn Cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

Tá pobal beoga ealaíon anseo, lena n-áirítear físealaíona agus taibhealaíona, a dtugann Ealaín na Gaeltachta tacaíocht dóibh.

I measc na ndeiseanna gairme do chéimithe san earnáil seo tá gailearaithe, ealaíona pobail, údaráis áitiúla, bainistiú imeachtaí, na hilmheáin, an earnáil phoiblí agus gairmeacha san Eoraip. Tá féinfhostaíocht ina fhéidearthacht freisin.

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Is cinnte gur buntáiste a bheadh ann cáilíocht a bheith agat san ealaín nó i ndisciplín a bhaineann leis an dearadh, nó i stair na healaíne, bainistiú ealaíon nó taibhealaíona. I measc na ndaoine a oibríonn in earnáil na hoidhreachta, mar shampla, bíonn cáilíocht chuí acu sa stair, sa tseandálaíocht, sa leabharlannaíocht nó i léann na cartlannaíochta, nó sa bhealoideas, stair na healaíne, bainistiú músaeim, oideachas nó dearadh. 

Seo a leanas roinnt cúrsaí a bheadh buntáisteach:

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime a bhféadfá dul ina mbun chun cur le do scileanna agus a thabharfadh an buntáiste breise sin duit:

  • Diplóma sa Teagasc trí mheán na Gaeilge (Ealaín) – Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath 
  • Diploma i Léann an Cheoil Thraidisiúnta – OÉ, Gaillimh
  • MA i dTaibhiú Cheol Traidisiúnta na hÉireann – Ollscoil Luimnigh.
  • Ard-Dioplóma sna hEalaíona (GA)– UCC

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)
Art and Design

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

  • Foras Na Gaeilge, Ealaín Na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, ó thuaidh agus ó dheas - tacaíonn siad uile le heagraíochtaí ealaíon a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge ach maoiniú a sholáthar do thionscadail agus d'ealaíontóirí aonair le sparánachtaí agus tréimhsí cónaitheacha.
  • Díríonn Ealaín Na Gaeltachta www.ealain.ie ar ealaíona na tíre seo a fhorbairt chomh maith le healaíona comhaimseartha sa Ghaeltacht.