Baile     

Turasóireacht & Fáilteachas

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

I bhfianaise oidhreacht shaibhir na Gaeilge agus na hÉireann, tá a lán músaem agus láithreán oidhreachta ar fud na tíre.  Is ceann scríbe tábhachtach na limistéir Ghaeltachta do thurasóirí agus amharctar ar na limistéir sin mar a bheadh baile an chultúir Ghaelaigh.  Meallann turasóireacht agus cúrsaí Gaeilge raon leathan daoine - bíodh sin múinteoirí Gaeilge, daoine atá ag gabháil don fhorbairt ghairmiúil leanúnach, nó mic léinn scoile, coláiste nó ollscoile in Éirinn nó ó thar lear, nó turasóirí a bhfuil laethanta saoire cultúrtha ag teastáil uathu.

 

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar féidir leat dul ina mbun agus cur le do scileanna a thabharfadh an buntáiste breise sin duit. 

  • DIT - In Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath tá MA sa Ghaeilge Fheidhmeach a chuirtear ar fáil i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta. Díríonn an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ar fhostaithe san earnáil phoiblí a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus ar chéimithe ar mhaith leo a bheith ag obair in Éirinn agus san Eoraip.Tá an cúrsa oiriúnach dóíbhsean ar mhaith leo obair mar aistritheoirí, ateangairí, proifléitheoirí agus iadsan a mbeadh spéis acu obair in earnáil na turasóireachta. Chun áit a fháil ar an gcúrsa is gá céim 2.2 nó níos airde le Gaeilge ar cheann de na hábhair ag leibhéal fochéime nó a bheith in ann a léiriú go bhfuil leibhéal ard inniúlachta agat sa Ghaeilge. 
  • TCD is féídir le mic léinn tabhairt faoi chéim thaighde, chun MLitt (aon bhliain go trí bliana) nó PhD (aon bhliain go cúig bliana) a bhaint amach. Chomh maith leis si, reáchtálann TC Dioplóma Iarchéime sa tSean-Ghaeilge agus MPhil sa Luath-Ghaeilge.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

Tá Doiciméad Beartais le fáil ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt anseo 

Scannán Gearr: 
Yu Ming is Ainm Dom YouTube