Baile     

Ceol & Na Taibhealaíona

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá láithreacht mhaith ag an nGaeilge ar fud earnálacha na siamsaíochta agus na dtaibh-ealaíon.

DRAMAÍOCHT 

 Tá borradh agus móréileamh ar dhrámaíocht trí mheán na Gaeilge. Is minic a thaibhíonn aisteoirí trí mheán na Gaeilge. Tugann sé an deis do dhrámadóirí a gcuid saothar a chur ar stáitse do lucht labhartha na Gaeilge.

  • Bíonn grúpaí drámaíochta amhail Fíbín, Aisling Ghéar agus Aisteoirí Bulfin i mbun drámaí a léiriú agus thaibhiú.
  • Is cuideachta léiriúcháin trí Ghaeilge é TíAitreo le speisialtóireacht i ndrámaí as Gaeilge.
  • Amharclann a chuireann drámaí trí mheán na Gaeilge ar stáitse i nGaillimh is ea An Taibhdhearc.

RAiDIÓ - is minic a chraoltar drámaí trí Ghaeilge ar na stáisiúin Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta agus RTÉ radio, agus is minic a chuireann Údarás Craolacháin na hÉireann maoiniú ar fáil chuige sin, trína scéim Fuaim agus Fís.

Reáchtálann Oireachtas na Gaeilge comórtais litearthachta gach bliain le haghaidh daoine a scríobhann trí mheán na Gaeilge, le rannóg ar leith ann le haghaidh scripteana dramaíochta raidió.

TEILIFÍS - Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann maoiniú ar fáil le haghaidh cláir theilifís agus raidió trí Ghaeilge faoin scéim Fuaim agus Fís.

Is é TG4 an craoltóir náisiúnta trí Ghaeilge. Tá sé lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, agus cuireann sé raon leathan clár ar fáil, idir chláir spóirt is chláir thaistil, chláir cheoil is chláir faisin. Chomh maith leis sin, cuireann sé raon leathan clár do leanaí ar fáil maille le seirbhísí nuachta.

Sobalchlár - Ros na Rún Seirbhís Nuachta - TG4

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

  • Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
  • RTÉ