Baile     

Bainistiú Gnó & Acmhainní Daonna

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Gairm sa GhnóDownload 'Gairm sa Ghnó' [pdf file]

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

Cuideachtaí Príobháideacha

Cuireann a lán cuideachtaí san earnáil phríobháideach earraí agus seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá a lán daoine den lucht gnó a amharcann ar an nGaeilge mar áis luachmhar mhargaíochta.
Féadfaidh soláthar trí mheán na Gaeilge a bheith follasach:
  • Comharthaíocht Ghaeilge nó Dhátheangach in ollmhargaí, i ngaráistí, i gcaiféanna.
  • Fóraíocht Ghaeilge nó dhátheangach.
  • Meaisíní Bainc ina bhfuil rogha do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
  • Fóin phóca ar a bhfuil rogha Ghaeilge.
  • Glórphost trí Ghaeilge do chustaiméirí roinnt soláthraithe.
  • Comhéadan trí Ghaeilge i soláthar seirbhísí TF-bhunaithe.
Cuideachtaí poiblí
Fostaíonn eagraíochtaí cur cun cinn na Gaeilge daoine ó raon leathan disciplíní gnó lena n-áirítear margaíocht, airgeadas, bainistiú imeachtaí agus caidrimh phoiblí (CP), atá líofa sa Ghaeilge.

Mar shampla, tá daoine a dhéanann teagmháil le comhlachtaí poiblí nó stáit in Éirinn i dteideal a litreacha agus a ríomhphoist a chur i nGaeilge nó i mBéarla chuig na Coimisinéirí Ioncaim, chuig an Oifig Mhótarchánach, chuig An Garda Síochána etc. agus freagra a fháil ar ais ina rogha teanga dá réir.

Tá saoráidí ann don soláthar trí Ghaeilge in a lán cuideachtaí leathstáit, cé nach bhfuil siad ar fáil iontu go léir fós.
  • Tá ionadaithe ag Bord Soláthair Leictreachais, ag Iarnród Éireann, Uisce Éireann etc. ar féidir leo seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí trí mheán na Gaeilge.
  • Cuireann siad roghanna teanga Gaeilge agus Béarla ar fáil ar a línte gutháin, sa chumarsáid scríofa sa dá theanga.
  • Tá gníomhairí ag obair ar an línte Éigeandála 112 nó 999 ar féidir leo déileáil le glaonna sa dá theanga. Tá sé de chenagal ar gach cuideachta stáit seirbhís dhátheangach a sholáthar chomh maith le roghanna Gaeilge ar a suíomhanna gréasáin de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003), cé nach bhfuil na forálacha go léir seo go hiomlán curtha i bhfeidhm ag na cuideachtaí stáit fós.
  • Bíonn ainmneacha na gceann scríbe ar taispeáint go dátheangach ar na traenacha InterCity (Iarnród Éireann) and Comaitéara (Iarnród Éireann), ar thramanna an Luas agus ar bhusanna Bhus Éireann agus Bhus Átha Cliath agus tá an chomharthaíocht inmheánach agus na fógraí uathoibríocha sna feithiclí dátheangach freisin.
  • Is féidir ticéid iompair phoiblí a ordú ó mheaisíní ticéad as Gaeige nó trí theangacha eile.

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ann ar féidir leat dul ina mbun chun cur le do scileanna agus an buntáiste breise sin a thabhairt duit:
  • Tá MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais a reáchtálann Fiontar, DCU, a thugann an deis duit cur le do thaithí oideachais agus oibre trí scileanna TF agus gnó a ghnóthú a chuideoidh leat san earnáil phoiblí nó phríobháideach. 

Aistriúchán

  • Dioplóma Iarchéime i Léann an Aistriúcháin – Gaelchultúr/Coláiste na hÉireann
  • Ard-Dioplóma /MA san Aistriúchán – Ollscoil Mhá Nuad 
  • MSc sa Ghaeilge Fheidhmeach agus san Aistriúchán – Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo/Europus
  • MA (Léann an Aistriúcháin) – Acadamh na hOllscolaíochta, OÉ Gaillimh
  • Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil – Óstaí an Rí
  • Ard-Dioplóma sa Dlí-Theangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil – Óstaí an Rí 
  • Ard-Dioplóma i gCleachtas an Dlí trí Ghaeilge – Óstaí an Rí 
  • MPhil Aistriúchán Liteartha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • MA i Léann an Aistriúcháin – Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • MA sa Ghaeilge agus sa Dlí – Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • MA i Léann an Aistriúcháin – Ollscoil na Banríona, Béal Feiriste

Ateangaireacht

  • MA san Ateangaireacht Chomhdhála – Acadamh na hOllscolaíochta, OÉ Gaillimh
  • MA san Ateangaireacht – Ollscoil na Banríona, Béal Feiriste

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

  • Publicjobs.ie - d'fhéadfadh folúntais poist teacht chun cinn a bhfuil scileanna speisialtóireachta ag teastáil dóíbh
  • Fiontar - scoil idirdhisciplíneach arna bunú ag DCU i 1993 chun an Ghaeilge a nascadh le réimsí comhaimseartha an airgeadais, na ríomhaireachta agus na fiontraíochta, ach cúrsaí arna dteagasc trí mheán na Gaeilge a thairiscint.