Baile     

Fisic, Matamaitic & Spáseolaíocht

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Bíonn poist mhúinteoireachta ann do Ghaeilgeoirí i mbunscoileanna príomhshrutha agus in iar-bhunscoileanna, chomh maith le scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta ar fud na hÉireanna, anuas ar na Gaelscoileanna, na Gaelcholáistí agus na scoileanna atá lonnaithe i limistéir Ghaeltachta.

Tá a lán deiseanna ann do mhúinteoirí cáilithe a bhfuil leibhéal ard Gaeilge acu. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí ná riamh leibhéal ard Gaeilge a bheith agat sa mhéid gur fiú 40 faoin gcéad scrúdú béil na hArdteistiméireachta anois.  Bíonn éileamh ar mhúinteoirí ábhair freisin a bhfuil scileanna teanga acu, go háirithe mata agus eolaíocht.

An raibh a fhios agat …

Bhí Jean-Baptiste Joseph Fourier ina mhatamaiticeoir agus ina fhisiceoir den chéad scoth. D’eascair réimse nua-aoiseach na próiseála comharthaí digiteacha óna shaothar agus óna smaointe úrnua. Baintear úsáid as teicnící matamaitice chun anailís agus samhaltú a dhéanamh ar comharthaí i gcórais próiseas reanga ríomhaire a ghineann urlabhra ríomhaire-ghinte.

Cruthaíodh córas léitheoireachta scáileáin don Ghaeilge bunaithe ar an teicneolaíocht sin.

Go dtí le déanaí, ní raibh aon bhealach ann téacs Gaeilge a thiontú ina urlabhra. Tá córas ginte urlabhra Gaeilge forbartha anois ag Saotharlann Foghraíocht agus Urlabhra Choláiste na Tríonóide. Is féidir leatsa triail a bhaint ag http://www.abair.tcd.ie/ (gineann sé aschur in aon cheann de na trí chanúint).

 

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

  • An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra TCD