Baile     

Cúrsaí Mara, Iascaireacht & Dobharshaothrú

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Cuimsíonn an earnáil seo réimse leathan geografach a áiríonn an Ghaeltacht in Éirinn.

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

Lé blianta beaga anuas tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tar éis cur go mór lena hacmhainneacht ó thaobh na seirbhíse atá ar fáil do chustaiméirí a dhéanann a ngnó trí mheán na Gaeilge. I measc ghealltanais na Roinn feabhas a chur ar a leibhéal seirbhís trí Ghaeilge tá siad seo a leanas:

  • saoráidí fáiltithe a fhorbairt i nGaeilge do chustaiméirí ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge ag oifigí na Roinn, go háirithe daoine ón nGaeltacht;
  • eolas a sholáthar go dátheangach maidir le scéimeanna agus seirbhísí arna reáchtáil agus arna soláthar ag an Roinn;
  • saoráidí feabhsaithe dátheangacha á soláthar ag an Roinn;
  • seirbhísí a sholáthar do na meáin trí Ghaeilge i gcás ina bhfuil gá leis sin;
  • raon tionscnamh oiliúna agus forbartha a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar leibhéal scileanna na foirne sa Roinn ag féachaint le freastal ar riachtanais na gcustaiméirí a dhéanann a ngnó trí Ghaeilge.

Tá sé de cheangal ar an Roinn cloí le téarmaí Acht na dTeangacha oifigiúla mar a bhaineann le feabhsú phróifíl na Gaeilge ar chomharthaíocht, ar stáiseanóireacht agus i bhfógraí taifeadta ó bhéal a bhfuil comhlachtaí poiblí freagrach astu.

 

 

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Cúrsaí Iarchéime

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara - anseo.