Baile     

Dlí agus Dlíthiúil

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. I measc na seirbhísí sin tá Seirbhísí Dlí.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge

Tá sé de cheart ag duine go n-éistfí a gcás cúirte trí mheán na Gaeilge sna cúirteanna. Aithnítear gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann agus dá réir sin tá cead ag an Reachtas foráil le go mbainfí úsáid eisiach as an nGaeilge nó as an mBéarla i gcomhthéacs ar leith.

Déanann abhcóidí a bhfuil Gaeilge acu suas sciar maith de Chomhairle Bharra na hÉireann. Tá breis is 155 abhcóide cláraithe mar dhaoine atá líofa sa Ghaeilge, nó a bhfuil cur amach sásúil acu uirthi. Dar le Foras na Gaeilge tá 182 Abhcóide atá cláraithe a deir gur féidir leo seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge. Baineann a lán Aturnaetha úsáid as an nGaeilge freisin ina gcuid oibre. Tá tuairim is 53 aturnae ar chlár teanga Dhlí-Chumann na hÉireann.

Le déanaí bhí fógra ar Peig.ie ag lorg aistritheoirí gairmiúla, le hiarchéim i léann an aistriúcháin, chun obair leo ar thionscadal nua atá dírithe ar shimpliú a dhéanamh ar dhoiciméid dhlíthiúla.

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)
Law

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais