Baile     

Cuntasaíocht & Cánachas

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. I measc na seirbhísí sin tá seirbhísí Cuntasaíochta.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

Tá sé de cheangal ar na Coimisinéirí Ioncaim raon leathan seirbhísí cánachais a sholáthar do chustaiméirí a labhraíonn Gaeilge. Chomh maith leis an raon fairsing ábhar i nGaeilge agus i mBéarla ar a suíomh gréasáin (www.revenue.ie), cuidíonn na Coimisinéirí Ioncaim le custaiméirí a labhraíonn Gaeilge ar a lán bealaí eile.

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ann ar féidir leat dul ina mbun chun cur le do scileanna agus an buntáiste breise sin a thabhairt duit:
  • Tá MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais a reáchtálann Fiontar, DCU, a thugann an deis duit cur le do thaithí oideachais agus oibre trí scileanna TF agus gnó a ghnóthú a chuideoidh leat san earnáil phoiblí nó phríobháideach. 

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

  • Publicjobs.ie - d'fhéadfadh folúntais poist teacht chun cinn a bhfuil scileanna speisialtóireachta ag teastáil dóíbh
  • An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta://www.ahrrga.gov.ie/
  • Fiontar - scoil idirdhisciplíneach arna bunú ag DCU i 1993 chun an Ghaeilge a nascadh le réimsí comhaimseartha an airgeadais, na ríomhaireachta agus na fiontraíochta, ach cúrsaí anra dteagasc trí mheán na Gaeilge a thairiscint.
  • Abair.ie ag Coláiste na Tríonóide - Acmhainn chuimsitheach chun téacs scríofa Gaeilge a thiontú ina urlabhra, agus é sin á reáchtáil ag Scoil na Teangeolaíochta, na hUrlabhra agus na nEola&ia