Baile     

Fógraíocht, Margaíocht & Caidreamh Poiblí

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla tá sé de cheangal ar na rialtas agus ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí áirithe agus ábhar clóite agus gréasánbhunaithe a sholáthar, trí Ghaeilge. Cuimsíonn an reachtaíocht sin 658 gcomhlacht phoiblí, lena n-áirítear na Fórsaí Cosanta agus An Garda Síochána.

Is mór an meas atá ar an nGaeilge sna Fórsaí cosanta agus sa Gharda Síochána. Tá bearta i bhfeidhm ag an dá eagraíocht daingniú a dhéanamh ar ról na Gaeilge mar theanga inmheánach oibre, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, i limistéir Ghaeltachta, i measc na n-aonad ina labhraítear Gaeilge, i seirbhísí sa phobal, agus ina ról siombalach sa saol náisiúnta agus ag ócáidí stáit.

Tá Comhairle Teanga an Airm freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn sna Fórsaí Cosanta. Bíonn na Fórsaí Cosanta ar a ndícheall an Ghaeilge a chur chun cinn agus baintear úsáid aisti gach lá i measc na bhFórsaí Cosanta. Mar chuid dá dhualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chuir na Fórsaí Cosanta scéim chuimsitheach ar bun chun an Ghaeilge a chur chun cinn san Eagraíocht agus chun seirbhís Ghaeilge a sholáthar don phobal. Áiríonn an scéim suíomh greásáin tí Ghaeilge a sholáthar, a mhacasamhlaíonn an ceann Béarla, ag, www.mileata.ie

Bíonn An Garda Síochána ag plé le daoine a ghabhtar, le gearáin, le finnéithe, i measc daoine eile tá daoine a Ghabhtar i dteideal a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Beidh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil faoi réir forálaithe áirithe. Sa Ghaeltacht, cuirtear seirbhís chuimsitheach trí Ghaeilge ar fáil don phobal faoi réir forálacha áirithe. Cuirtear deiseanna ar fáil do Ghardaí atá ag obair sa Ghaeltacht na cáilíochtaí cuí sa Ghaeilge a bhaint amach.

Chuir An Garda Síochána i bhfeidhm beartas earcaíochta faoin bhfuil sruth oiliúna ar fáil d’iarrthóirí atá líofa sa ghaeilge chun cuidiú leo ceanglais An Garda Síochána a chomhlíonadh. Beidh oiliúnaithe na nGardaí a thagann isteach tríd an sruth seo in ann cuidiú leis An Garda Síochána na ceanglais a chomhlíonadh de réir mar is gá tar éis dóibh a dtréimhse phromhaidh a chríochnú. Le haghaidh róil shinsearacha sna seirbhísí poiblí bíonn gá le scileanna teanga ionas gur féidir leat ardú céime a fháil.

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Cúrsaí Iarchéime

DIT - In Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath tá MA sa Ghaeilge Fheidhmeach a chuirtear ar fáil i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta. Díríonn an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ar fhostaithe san earnáil phoiblí a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus ar chéimithe ar mhaith leo a bheith ag obair in Éirinn agus san Eoraip.Tá an cúrsa oiriúnach dóíbhsean ar mhaith leo obair mar aistritheoirí, ateangairí, proifléitheoirí agus iadsan a mbeadh spéis acu obair in earnáil na turasóireachta. Chun áit a fháil ar an gcúrsa is gá céim 2.2 nó níos airde le Gaeilge ar cheann de na hábhair ag leibhéal fochéime nó a bheith in ann a léiriú go bhfuil leibhéal ard inniúlachta agat sa Ghaeilge.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

Straitéis don Ghaeilge - Na Fósaí Cosanta - cliceáíl anseo

Straitéis don Ghaeilge - Gardaí - cliceáil anseo