Baile     

Fógraíocht, Margaíocht agus Caidreamh Poiblí

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. Ina measc tá réimsí amhail fógraíocht, caidrimh phoiblí (CP), cumarsáid agus margaíocht. Mar shampla, seans go mbeadh gá ag cliaint de chuid cuideachta CP ionadaíocht a bheith acu trí mheán na Gaeilge leis na meáin chumarsáide nó seans go mbeadh gá acu forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn Cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

Tá deiseanna gairme ann freisin sna earnáil seo do dhearthóirí dátheangacha agus do dhaoine ar féidir leo ábhar a ullmhú le foilsiú.

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ann ar féidir leat dul ina mbun chun cur le do scileanna agus an buntáiste breise sin a thabhairt duit:
  • Tá MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais a reáchtálann Fiontar, DCU, a thugann an deis duit cur le do thaithí oideachais agus oibre trí scileanna TF agus gnó a ghnóthú a chuideoidh leat san earnáil phoiblí nó phríobháideach.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

  • Fiontar scoil idirdhisciplíneach arna bunú ag DCU i 1993 chun an Ghaeilge a nascadh le réimsí comhaimseartha an airgeadais, na ríomhaireachta agus na fiontraíochta, trí chúrsaí arna dteagasc trí Ghaeilge.
  • Abair.ie at TCD - Acmhainn chuimsitheach chun téacs scríofa Gaeilge a thiontú ina urlabhra, arna reáchtáil ag Scoil na Teangeolaíochta, na hUrlabhra agus na nEolaíochtaí Cumarsáide ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath http://www.abair.tcd.ie/