Baile     

Innealtóireacht & Déantúsaíocht

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis spriocdhíriú ar réimsí áirithe den tionsclaíocht, go háirithe iadsan a bhfuil táirgí agus seirbhísí ardluacha á dtáirgeadh acu agus tionscail a ghineann fostaíocht fhadtéarmach inmharthana, mar shampla déantúsaíocht bia.

An raibh a fhios agat...

Bíonn earraí nuálacha de shíor ag teacht ar an bhfód a bhfuil rogha Ghaeilge ag gabháil leo - mar shampla córas aláraim tí a labhraíonn Gaeilge agus a seoladh in 2015. Is é an mórthairgeoir córas aláraim HKC, a d’fhorbair an táirge seo. Le déanaí chuir a bhfoireann Taighde agus Forbartha i gcrích aistriúchán Gaeilge a bhí ar bun acu ar an gcóras aláraim tí SecureWave d’úsáid phearsanta agus do ghnóthaí araon.



Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Seo a leanas na nithe is tábhachtaí a lorgaítear in iarrthóirí a bhfui post á lorg acu a éilíonn scileanna Gaeilge

  • Céim in aon ábhar 
  • Caighdeán sármhaith sa Ghaeigle agus sa Bhéarla – idir scríofa is labhartha 
  • An-spéis sa Ghaeilge
  • Eoals ar eagraíochtaí Ghaeilge.

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais