Baile     

Fóillíocht, Spórt & Folláine

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.

Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.
  • Tá an Ghaeilge ina cuid lárnach de shainmheon a lán eagraíochtaí in earnálacha na Fóillíochta, an Spóirt & na Corpacmhainne, amhail Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Aithníonn an Rialtas é sin agus cuireann sé tacaíocht ar fáil don ról suntasach atá acu i gcur chun cinn na Gaeilge.
  • Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann maoiniúar fáil le haghaidh cláir theilifíse agus raidó faoin scéim mhaoiniúcháin, Fuaim agus Fís. Tá TG4 lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Cuireann sé faoin leathan clár spóirt ar fáil.

 

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

Seo a leanas na nithe is tábhachtaí a lorgaítear in iarrthóirí a bhfui post á lorg acu a éilíonn scileanna Gaeilge

  • Céim in aon ábhar 
  • Caighdeán sármhaith sa Ghaeigle agus sa Bhéarla – idir scríofa is labhartha 
  • An-spéis sa Ghaeilge
  • Eoals ar eagraíochtaí Ghaeilge.
CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Tá a lán cúrsaí iarchéime ar fáil a chuirfeadh le do chuid scileanna agus thabharfadh an buntáiste breise sin duit.

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais

Cumann Lúthchleas Gael (CLG)
Comhaltas Ceoltóirí Éireann
TG4