Baile     

Meáin & Foilsitheoireacht

Deiseanna Gairme le Gaeilge

Is é seo an earnáil ghairme is mó ina bhfuil éileamh ar scileanna Gaeilge. Áirítear ann seirbhísí teilifíse, raidió, nuachtáin agus na meáin dhigiteacha. Tá breis is 750 duine fostaithe i réimsí na meán Gaeilge, mar shampla san iriseoireachta agus sa chraoltóireacht.

A career in Irish Media

Download 'Gairm sna Meáin Ghaeilge' [pdf file]

MEÁIN CHLÓITE Nuachtáin

  • Foinse - is é seo an príomhnuachtán Gaeilge, agus dáiltear é saor in aisce leis an Irish Independent. Tá a shuíomh gréasáin féin aige freisin.
  • Gaelscéal - seirbhís ar líne arna maoiniú ag Foras na Gaeilge.
  • Gaelport.com - a áiríonn seirbhís laethúil nuachta (As na Nuachtáin) ina liostáitear ailt Ghaeilge a foilsíodh sa phreas náisiúnta agus réigiúnach.
  • Foilsítear ailt trí Ghaeilge i nuachtáin náisiúnta, i.e. The Irish Times agus The Irish News, agus i nuachtáin áitiúla, agus cuireann sé sin deiseanna ar fáil saothar a chur ar fáil leis an bhféidearthacht go bhfoilseofaí é.

Irisleabhair - Tá roinnt irisleabhar ar fáil as Gaeilge, amhail Comhar, Feasta, An tUltach, An Sagart agus An Timire. 

Chomh maith leis na meáin thraidisiúnta chlóite agus chraolta, d’fhorbairt an earnáil láithreacht shuntasach ar líne:

  • ríomhnuachtáin
  • Cainéil nuachta ar líne
  • Stáisiúin raidió ar líne
  • Irisleabhair ar líne lena n-áirítear Beo, Saol, Gaelport agus Nós. Chomh maith leis sin, tá roinnt díobh a bhfuil suíomh gréasáin agus blaganna acu ar féidir le léitheoirí rochtain a fháil orthu chun clúdach níos leithne nuachta a fháil maille le hinneachar dá ngnéasanna móibíleacha.

 

MEÁIN CHRAOLTA Tá deiseanna fostaíochta ann i réimse na craoltóireachta in Éirinn do thaighdeoirí, léiritheoirí agus iriseoirí dátheangacha chomh maith le speisialtóirí eile i réimse na TF agus i réimsí teicniúla eile.

Radió – tá roinnt stáisiún raidió nach gcraolann ach i nGaeilge agus tá stáisiúin eile a chraolann cláir áirithe i nGaeilge.

  • Craolann
  • 24 uair an chloig sa ló, seacht lá sa tseachtain agus bíonn fotha nuachta aige ar líne.
  • D’fhorbair Anocht FM seirbhís chomhlántach chraoltóireachta atá dírithe ar dhaoine níos óige.
  • Craolann BBC Northern Ireland roinnt clár trí Ghaeilge (Blas, SRL agus cúpla clár ceoil).
  • Craolann Raidió na Life trí Ghaeilge ar an leibhéal áitiúil do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
  • Is stáisiún raidió é Raidió Rí-Rá a chraolann ceol cairte agus déanann sé é sin trí Ghaeilge.

Déanann stáisiúin raidió áitiúla cláir a chraoladh tri Ghaeilge go rialta. Tá sé de cheangal ar stáisiúin nua tráchtála agus phobail atá ag feidhmiú i bPoblacht na hÉireann ábhar trí Ghaeilge a bheith acu i gclársceideal. Féach Cogar.ie.

Teilifís - Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann maoiniú ar fáil le haghaidh cláir theilifíse agus raidió trí Ghaeilge faoin scéim, Fuaim agus Fís.

  • Is é TG4 an craoltóir Gaeilge. Tá sé lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, agus cuireann sé raon leathan clár ar fáil lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas: spóirt, taisteal, ceol, faisean, cláir do leanaí. Tá an-cháil bainte amach ag a shobalchlár, Ros na Rún, mar atá ag a sheirbhís nuachta.
  • Déanann TG4 coimisiúnú ar chuideachtaí seachtracha, neamhspleácha chun cláir a dhéanamh. Díríonn roinnt de na cuideachtaí sin ar léiriúcháin Ghaeilge amháin, agus roinnt eile ar idir chláir Ghaeilge is chláir Bhéarla a léiriú.
  • Craolann RTÉ Nuacht gach lá agus déanann coimisiúnú ar chláir Ghaeilge freisin.
  • Is acmhainn é Screenwest.ie do chuideachtaí léiriúcháin in Iarthar na hÉireann a chuireann treoir, eolas agus teagmhálaithe úsáideacha ar fáil.

Is comhaltaí de Screen Producers Ireland iad formhór mór na léiritheoirí neamhspleácha Gaeilge.

Rinne an scannánóir agus cainteoir dúchais Gaeilge Manchán Magan clár faisnéise No Béarla inar thaistil sé ar fud na hÉireann ag labhairt Gaeilge amháin le daoine agus lean sé air ag caint i nGaeilge fiú nuair a d’éiligh daoine air tiontú chuig an mBéarla. Is minic a dhiúltaigh siopadóirí, oifigigh agus daoine ar an tsráid caint leis, ach lean sé air agus d’aimsigh sé cúpla duine a bhí sásta labhairt leis, anseo is ansiúd.  Breathnaigh air anseo.

MEÁIN DHIGITEACHA

Tá formhór mór na meán clóite ar fáil anois ar líne:

  • Tuairisc.ie - seirbhís nuachta a bhíonn ag plé le nuacht náisiúnta agus nuacht idirnáisiúnta araon.
  • PEIG.ie - mol faisnéise le sonraí faoi ghnóthaí, ranganna, imeachtaí agus folúntais phoist trí Ghaeilge, i measc nithe eile.
  • Meon Eile - ardán gréasáin ilmheáin le tuarascálacha agus scéalta rialta ar raon leathan topaicí, idir chúrsaí reatha is spórt is cheol, imeachtaí chultúr is ealaíon tí Ghaeilge.
  • Tá suíomh gréasáin ag BBC Northern Ireland a bhfuil naisc air le ailt, físeáin, agallaimh, podchraoltaí agus tuilleadh trí mheán na Gaeilge

Social media  Tá láithreacht sna meáin shóisialta ag nuachtáin, irisleabhair agus stáisiúin teilifíse trí Ghaeilge agus bíonn caidreamh acu le héisteoirí agus le léitheoirí trí mheán Facebook, Twitter agus uirlisí eile sna meáin shóisialta.

An raibh a fhios agat ... Tá leagan Gaeilge de Facebook agus Twitter ar fáil. Tá grúpaí éagsúla Gaeilge ar Facebook, lena n-áirítear Gaeilge Amháin a bhfuil breis is 8,000 ball aige.

Blaganna - I measc na mblaganna móréilimh Gaeilge tá:

 

Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?

Cúrsaí Fochéime

CAO Code Course Title College

Cúrsaí Iarchéime

Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála

Earnáil Ghairme(acha)

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais