Baile
Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag
CareersPortal.ie
Comhairle
Pleanáil Gairme
Obair agus Fostaíocht
| Breathnaigh Tríd
Earnálacha Fostaíochta
Gairmeacha
Suimeanna Gairme
Físeáin agus Podchraoltaí
Scileanna Gairme
Acmhainní
| Bain úsáid as do Ghaeilge
Cúrsaí CAO le Gaeilge
Deiseanna Gairme san AE
Deiseanna Gairme le Gaeilge
Sonraí na hEarnál
Bainistiú Gnó & Acmhainní Daonna
Deiseanna Gairme le Gaeilge
Tá a lán gnóthaí beaga agus meánmhéide atá i mbun earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus a dhéanann a ngnó go hiomlán trí mheán na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.
Is mór ag pobal na Gaeilge a bheith in ann a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga. Féadfaidh Cuideachtaí a bhí ag feidhmiú go príomha trí mheán an Bhéarla ball foirne dátheangach a earcú ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí a thairiscint do Ghaeilgeoirí.
Go hiondúil earcaíonn cuideachtaí foireann a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna teicniúla cuí acu atá ábhartha dá ngnó. Chomh maith leis an tacar scileanna sin, tá Gaeilge luachmhar do na cuideachtaí sa mhéid gur féidir leo spriocdhíriú ar phobal na Gaeilge.
Cuideachtaí Príobháideacha
Cuireann a lán cuideachtaí san earnáil phríobháideach earraí agus seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá a lán daoine den lucht gnó a amharcann ar an nGaeilge mar áis luachmhar mhargaíochta.
Féadfaidh soláthar trí mheán na Gaeilge a bheith follasach:
Comharthaíocht Ghaeilge nó Dhátheangach in ollmhargaí, i ngaráistí, i gcaiféanna.
Fóraíocht Ghaeilge nó dhátheangach.
Meaisíní Bainc ina bhfuil rogha do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Fóin phóca ar a bhfuil rogha Ghaeilge.
Glórphost trí Ghaeilge do chustaiméirí roinnt soláthraithe.
Comhéadan trí Ghaeilge i soláthar seirbhísí TF-bhunaithe.
Cuideachtaí poiblí
Fostaíonn eagraíochtaí cur cun cinn na Gaeilge daoine ó raon leathan disciplíní gnó lena n-áirítear margaíocht, airgeadas, bainistiú imeachtaí agus caidrimh phoiblí (CP), atá líofa sa Ghaeilge.
Mar shampla, tá daoine a dhéanann teagmháil le comhlachtaí poiblí nó stáit in Éirinn i dteideal a litreacha agus a ríomhphoist a chur i nGaeilge nó i mBéarla chuig na Coimisinéirí Ioncaim, chuig an Oifig Mhótarchánach, chuig An Garda Síochána etc. agus freagra a fháil ar ais ina rogha teanga dá réir.
Tá saoráidí ann don soláthar trí Ghaeilge in a lán cuideachtaí leathstáit, cé nach bhfuil siad ar fáil iontu go léir fós.
Tá ionadaithe ag Bord Soláthair Leictreachais, ag Iarnród Éireann, Uisce Éireann etc. ar féidir leo seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí trí mheán na Gaeilge.
Cuireann siad roghanna teanga Gaeilge agus Béarla ar fáil ar a línte gutháin, sa chumarsáid scríofa sa dá theanga.
Tá gníomhairí ag obair ar an línte Éigeandála 112 nó 999 ar féidir leo déileáil le glaonna sa dá theanga. Tá sé de chenagal ar gach cuideachta stáit seirbhís dhátheangach a sholáthar chomh maith le roghanna Gaeilge ar a suíomhanna gréasáin de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003), cé nach bhfuil na forálacha go léir seo go hiomlán curtha i bhfeidhm ag na cuideachtaí stáit fós.
Bíonn ainmneacha na gceann scríbe ar taispeáint go dátheangach ar na traenacha InterCity (Iarnród Éireann) and Comaitéara (Iarnród Éireann), ar thramanna an Luas agus ar bhusanna Bhus Éireann agus Bhus Átha Cliath agus tá an chomharthaíocht inmheánach agus na fógraí uathoibríocha sna feithiclí dátheangach freisin.
Is féidir ticéid iompair phoiblí a ordú ó mheaisíní ticéad as Gaeige nó trí theangacha eile.
Cad iad na príomhghairmeacha inar féidir Gaeilge a úsáid?
Cuntasóir
Teicneoir Cuntasaíochta
Cúntóir Cuntas
Riarthóir Cuntas
Gníomhaire ealaíon / Tionscnóir
Bainisteoir Sócmhainní
Iniúchóir
Bainisteoir Bainc/Airgeadais
Oifigeach Bainc
Bainistíocht Gnó
Státseirbhís- Oifigeach Riaracháin
Comhairleoir Airgeadais
Baincéir Corparáideach
Trádálaí Boilscithe Sinsearach
Comhairleoir Infheistíochta
Comhairleoir Foghlama & Forbartha
Ceannaire Foghlama & Forbartha
Rúnaí Oifige
Bainisteoir Tionscadail
Príomhoide Scoile
Saineolaithe Cuntasaíochta & Cánach
Dearadh org fórsa oibre agus forbairt straitéise
Cad iad na cúrsaí is fearr a chuideodh liom?
Cúrsaí Fochéime
CAO Code
Course Title
College
DC118
Gnó agus Gaeilge (Business & Irish)
Dublin City University - DCU
TU965
International Business and Languages
TU Dublin - Aungier Street
GY208
Commerce (Gaeilge)
University of Galway (formerly NUIG)
MI019
Education, Gaeilge and Business Studies (Thurles Campus)
Mary Immaculate College
SE400
Business with a Language
SETU Waterford Campus (formerly WIT)
N1Q5
Business with Irish
Ulster University - Derry Campus
CK215
International Business (with Languages)
University College Cork - UCC
Q5N1
Irish with Business
Ulster University - Derry Campus
AU906
Business and Irish
ATU Sligo (formerly IT Sligo)
Cúrsaí Iarchéime
Tá a lán cúrsaí
iarchéime
ann ar féidir leat dul ina mbun chun cur le do scileanna agus an buntáiste breise sin a thabhairt duit:
Tá
MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais
a reáchtálann Fiontar, DCU, a thugann an deis duit cur le do thaithí oideachais agus oibre trí scileanna TF agus gnó a ghnóthú a chuideoidh leat san earnáil phoiblí nó phríobháideach.
Aistriúchán
Dioplóma Iarchéime i Léann an Aistriúcháin – Gaelchultúr/Coláiste na hÉireann
Ard-Dioplóma /MA san Aistriúchán – Ollscoil Mhá Nuad
MSc sa Ghaeilge Fheidhmeach agus san Aistriúchán – Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo/Europus
MA (Léann an Aistriúcháin) – Acadamh na hOllscolaíochta, OÉ Gaillimh
Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil – Óstaí an Rí
Ard-Dioplóma sa Dlí-Theangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil – Óstaí an Rí
Ard-Dioplóma i gCleachtas an Dlí trí Ghaeilge – Óstaí an Rí
MPhil Aistriúchán Liteartha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
MA i Léann an Aistriúcháin – Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
MA sa Ghaeilge agus sa Dlí – Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
MA i Léann an Aistriúcháin – Ollscoil na Banríona, Béal Feiriste
Ateangaireacht
MA san Ateangaireacht Chomhdhála – Acadamh na hOllscolaíochta, OÉ Gaillimh
MA san Ateangaireacht – Ollscoil na Banríona, Béal Feiriste
Cuardach le haghaidh cúrsaí Iarchéime de réir earnála
Earnáil Ghairme(acha)
Administration / Business
Personal Skills
Cá bhfaighinn tuilleadh eolais
Publicjobs.ie - d'fhéadfadh folúntais poist teacht chun cinn a bhfuil scileanna speisialtóireachta ag teastáil dóíbh
Fiontar
- scoil idirdhisciplíneach arna bunú ag DCU i 1993 chun an Ghaeilge a nascadh le réimsí comhaimseartha an
airgeadais, na ríomhaireachta
agus
na fiontraíochta
, ach cúrsaí arna dteagasc trí mheán na Gaeilge a thairiscint.