Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
Úsáidtear an téarma ‘margadh fostaíochta’ chun cur síos ar an gcaidreamh idir an láthair oibre (fostaíocht atá ar fáil) agus an fórsa saothair (daoine, 16 bliana déag d’aois agus os a chionn), atá ag obair nó ar fáil chun bheith ag obair. Deirtear go bhfuil margadh fostaíochta sláintiúil má tá dóthain oibre ar fáil ann dóibh siúd a lorgaíonn í. I bhformhór na dtíortha ar domhan tá an fhadhb chéanna ann ó thaobh margadh sláintiúil fostaíochta a bhaint amach agus a choinneáil. In Éirinn, mar is amhlaidh i dtíortha eile, athraíonn sláintiúlacht an mhargaidh fostaíochta le caitheamh ama. Sna blianta roimh 2007, bhí ceann de na margaí fostaíochta is láidre (sláintiúla) ar domhan againn. Anois, tá an eacnamaíocht faoi bhrú, níl an méid céanna deiseanna fostaíochta ann, agus tá an éagothroime idir líon na bpost ar fáil agus líon na n-oibrithe leis na scileanna riachtanacha ag éirí níos fairsinge, i roinnt cásanna níl dóthain fostaithe ann (e.g. innealtóirí) agus i roinnt eile tá an iomarca ann (e.g. tógálaithe). Sna naisc seo a leanas tá rochtain ar fáil ar na príomhfhoinsí eolais óna gcinnimid cé chomh sláintiúil is atá an margaidh fostaíochta. Ní miste a lua go gcuireann réamhaisnéisí agus tráchtaireachtaí ár n-eacnamaithe, ár dtaighdeoirí agus ár n-iriseoirí eolas ar fáil ar chóir é a mheas go cúramach. É sin ráite, molaimid nár chóir na réamhaisnéisí sin faoi staid an mhargaidh fostaíochta amach anseo (2+ bhliain) a chur san áireamh ach mar ghné amháin de roinnt mhaith gnéithe a rachadh i bhfeidhm ar do rogha gairme.