An Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) November 1, 2023 Is clár máistreachta, dhá bhliain lánaimseartha in oideachas tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaeilge atá sa Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), a ullmhaíonn múinteoirí ábhar don earnáil iarbhunscoile lán-Ghaeilge. Tá an-tóir ar chéimithe an chláir agus iad fostaithe i nGaelcholáistí agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre agus i scoileanna ar fud an domhain. Tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár oiriúnach chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn agus san AE. Fís an MGO Samhlaítear an Máistir Gairmiúil san Oideachas mar eiseamláir ceannrodaíoch i bhfás agus i bhforbairt na hearnála oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn. Misean an MGO Is é misean an Máistir Gairmiúil san Oideachas ná múinteoirí ar ardchaighdeán Gaeilge a sholáthair don earnáil Lán-Ghaeilge: atá inniúil agus oilte le feasacht ar na cuir chuige le teagasc trí Ghaeilge / FCÁT atá machnamhach agus cruthaitheach agus a bhunaíonn a gcleachtas ar thaighde atá fréamhaithe i bpobal na scoile agus a chuireann go dearfach leis an bpobal agus leis an sochaí i gcoitinne. Cliceáil ar an nasc le teacht ar bhileog eolais faoin MGO anseo. Múnla Nua don Chlár 2024–25 Is cúrsa tumoideachais an MGO a chothaíonn pobal foghlama lán-Ghaeilge. Leagtar béim faoi leith ar obair ghrúpa, ceardlanna gníomhacha agus an teagasc praiticiúil. Chuige sin, bíonn mórchuid den ionchur teagaisc ar champas mura b’ionann cúrsaí eile in oideachas tosaigh múinteoirí a leanann múnla na cianfhoghlama. Córas bloc scaoilte atá i bhfeidhm ar an gclár. Bliain 1 Trí bhloc ionchur ar champas (Luan-Déardaoin). Dhá bhloc socrúchán scoile. Bloc 1 san Fhómhair (4 seachtaine) Bloc 2 san Earrach (9 seachtaine) Bliain 2 Bloc amháin ionchur ar champas (9 seachtaine) Dhá bhloc socrúchán scoile. Bloc 1 ag tús na scoil-bhliana san Fhómhair (5 seachtaine) Bloc 2 san Earrach (11 seachtaine) Dréacht Fhéilire ar fáil anseo. Aidhm Agus an clár seo críochnaithe agat, beidh tú in ann: Anailís chriticiúil a dhéanamh ar theoiricí, ar choincheapa agus ar mhodhanna teagaisc, foghlama agus measúnaithe Straitéisí teagaisc atá éifeachtach, gníomhach, cruthaitheach agus samhlaíoch a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm sa seomra ranga Saineolas ar theagasc na Gaeilge agus an teagasc trí Ghaeilge a léiriú chomh maith le straitéisí a chur i gcrích le litearthacht na mac léinn a fhorbairt i ngach ábhar Forbairt i nGaeilge scríofa agus labhartha a léiriú Teicneolaíocht Leagann an MGO an-bhéim ar theicneolaíocht, ar dhearadh áiseanna agus ar úsáid iPad i dteagasc, foghlaim agus measúnú. Bronnadh gradam Apple Distinguished Programme ar an MGO i 2015 mar chlár le barr feabhais san nuálaíocht, sa cheannródaíocht agus mar eiseamláir oideachais maidir le húsáid na teicneolaíochta. Ba é an chéad chlár tríú leibhéal lasmuigh de Mheiriceá a ghnóthaigh an gradam seo agus bronnadh ar an MGO (gach bliain ó shin). Ábhar an chúrsa Déantar na modúil seo a leanas ar an gclár: Eolaíochtaí Oideachais Léann Gairmiúil Socrúchán Scoile Taighde Feidhmeach Ábhair theagaisc Roghnaíonn mic léinn dhá shainréimse modheolaíochta, go hiondúil in ábha(i)r atá déanta go leibhéal céime, agus déantar an socrúchán scoile i scoileanna lán-Ghaeilge. Sonraí Iomlána
Comórtas Scileanna Gairme 2025- Deis iontach do Scoláirí na Scoileanna Gaeltachta agus GaelscolaíochtaOctober 9, 2024
Gairmeacha le Gaeilge: COGG ag an gCeathrú Ghaeltachta, Higher Options, 25-27 Meán FómhairSeptember 23, 2024