Scrúdú TEG B1 d’iarrthóirí ar an MGO – Foirm iarratais ar fáil ANOIS November 10, 2023 An bhfuil sé i gceist agat cur isteach ar an MGO (Bunmhúinteoireacht) in 2024 nó 2025? Mar chuid den phróiseas iontrála, ní mór d’iarrthóirí scrúdú a dhéanamh chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas ag Meánleibhéal 1 (B1) de chuid Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Beidh ar iarrthóirí 65% a ghnóthú sa scrúdú cainte mar choinníoll iontrála. Beidh scrúduithe cainte ag leibhéal B1 ar siúl i mí Eanáir/Feabhra 2024 in ionaid ar fud na tíre. Dátaí Scrúdaithe: 26/27 Eanáir; 9/10 Feabhra 2024 Foirm iarratais: Ar fáil anseo ANOIS Dáta deiridh d’iarratais: 8 Eanáir 2024 Eisiúint torthaí: lár mhí an Mhárta 2024 Tá tuilleadh eolais agus scrúduithe samplacha ar fáil anseo. Sonraí Iomlána
Comórtas Scileanna Gairme 2025- Deis iontach do Scoláirí na Scoileanna Gaeltachta agus GaelscolaíochtaOctober 9, 2024
Gairmeacha le Gaeilge: COGG ag an gCeathrú Ghaeltachta, Higher Options, 25-27 Meán FómhairSeptember 23, 2024