Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag CareersPortal.ie
EALAÍONA
Eagraíonn Foras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon i dtuaisceart agus i ndeisceart Éireann le heagraíochtaí ealaíon ach maoiniú a dhéanamh ar thionscadail, chomh maith le sparánachtaí agus tréimhsí cónaithe a chur ar fáil d'ealaíontóirí indibhidiúla.
Download 'Aistriúchán agus Ateangaireacht' [pdf file]
Download 'Gairm in Earnáil na Gaeltachta' [pdf file]
Féach freisin Irish Voices: EU Careers anseo
Cur chun cinn agus forbairt teanga Bíonn oifigigh Ghaeilge fostaithe ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon. Bíonn an ról seo ag a lán eagraíochtaí poiblí agus neamhbhrabúis.
Bíonn páirt ag grúpaí pobail agus ag comharchumainn ar fud na Gaeltachta in Éirinn go háirithe ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt.
Is leathan iad téarmaí tagtha na n-eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Fostaíonn siad daoine ó raon leathan disciplíní lena n-áirítear margaíocht, oideachas, airgeadas, bainistiú imeachtaí, foilsiú agus caidrimh phoiblí. Áirítear i measc na ndeiseanna aistriú, proifléitheoireacht, logánú bogearraí, fotheidliú, bainistiú tionscadal, comhordú teanga agus bainistiú cáilíochta.
Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil le haghaidh aistritheoirí ar fud na n-eagraíochtaí poiblí, na gcomhlachtaí rialtais, na n-institiúidí Eorpacha agus in eagraíochtaí poiblí.
CULTÚR AGUS OIDHREAHCT
OIDHREACHT Áirítear i measc na ndeiseanna poist i réimse na hoidhreachta róil mar seo a leanas: coimeádaithe, foireann oideachais, treoraithe/bainisteoirí turasóireachta agus riarthóirí a bhfuil scileanna Gaeilge acu le haghaidh músaem agus láithreáin oidhreachta ar fud na tíre.
Bíonn deiseanna ar fáil do Ghaeilgeoirí i réimse na turasóireachta cultúrtha, go háirithe sa Ghaeltacht. Is minic a fhostaíonn údaráis áitiúla oifigigh oidhreachta.
Mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tá éileamh níos mó ann anois ar rúnaithe agus riarthóirí arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais.
Sa mhéid gur leathan sainfhreagracht na n-eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn in Éirinn, fostaíonn siad daoine ó raon leathan disciplíní.
Bíonn deiseanna fostaíochta ann le haghaidh riarthóirí i músaeim agus i láithreáin oidhreachta ar fud na tíre.
Is iomaí deis ghairme atá ann dóibhsean a bhfuil Gaeilge líofa acu, mar sampla róil san earnáil phobail agus dheonach. Tá an Ghaeilge lárnach do shainmheon na n-eagraíochtaí náisiúnta deonacha, leithéidí Chumann Lúthchleas Gael (CLG) agus Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.