Baile     


Torthaí -

 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh
Oifig an Phoist - Seirbhís do Chustaiméirí Cuireann raon leathan de sheirbhísí postais ar fáil do chustaiméirí, mar shampla íoc billí, seirbhísí baincéireachta agus iarratais ar phasanna.
Oibriú ag an gCuntar Amach Oibríonn an tOibrí seo ag pointe díolacháin airgid i siopa nó in ollmhargadh ach airgead a ghearradh ar chustaiméirí do na hearraí ba mhaith leo a cheannach.
Oibrithe Comhairleacha Cuireann oibrithe comhairleacha comhairle faoi rún, saor in aisce, neamhchlaonta ar fáil dá gcliaint. Oibríonn siad sa phobal, go háirithe le daoine leochaileacha a mbeadh treoir ag teastáil uathu faoina gcearta i réimsí éagsúla mar shampla dlí, airgeadas, cúrsaí sóisialta, cúrsaí fostaíochta agus ceisteanna ginearálta faoi chearta an tomhaltóra.
Oibrithe Bóthair/Pábhála/Asfailt Bíonn i bhfeighil trealaimh a úsáidtear chun coincréit, asfalt nó ábhair eile a chur ar bhóithre, ar dhromchla carrchlóis, ar rúidbhealaí aerfoirt nó i mbun an trealaimh chun sacadh a dhéanamh ar ghairbhéal, ar shalachar nó ar ábhair eile.
Oibrí/Úinéir Feithicilí Earraí Troma Baineann gnó iompair leis an Úinéir Feithiclí Earraí Troma agus oibríonn siad é.
Oibrí treorach pobail
Oibrí Treorach don Aos Óg
Oibrí Treorach Cumais
Oibrí Treorach Comhpháirtíochta
Oibrí Trealamh Ullmhaíonn an tOibrí Trealamh suímh thógála trí ithir nó ábhair eile a thochailt. a bhogadh. a chur in áit agus a mhúnlú.
Oibrí Toghcheantair Oibríonn an tOibrí Toghcheantair thar ceann ionadaí polaitiúil. ag déanamh teagmhála idir ionadaithe agus toghthóirí agus a bpobail ar cheisteanna laethúla.
Oibrí Tógála Ginearálta Oibríonn an tOibrí Tógála Ginearálta ar shuímh thógála agus oibríonn trealamh gléasra amhail dumpairí agus tochaltóirí.
Oibrí Tógála Déanann an tOibrí Tógála tionscadail tógála. innealtóireacht shibhialta. innealtóireachta agus ailtireachta a mhaoirsiú. a rialú agus a chomhordú ar an láthair.
Oibrí Tógála Bíonn oibrithe tógála i mbun ábhair a bhogadh, trealamh a oibriú agus tochailt.
Oibrí Teilidhíola Díolann earraí nó seirbhísí le gnóthaí nó daoine aonair ar an teileafón.
Oibrí Sóisialta - Cúram Sláinte Cabhraíonn an tOibrí Sóisialta le daoine a bhfuil fadhbanna sóisialta acu de thairbhe tinnis nó míchumais.
Oibrí Poist Seachadann an tOibrí Poist post go tithe príobháideacha agus go hoifigí poiblí agus príobháideacha.
Oibrí Óige Tacaíonn le forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga trí mheán a rannpháirtíocht dheonach.
Oibrí Miotail / Táthaire Déanann an tOibrí Miotail cearchaillí cruacha agus struchtúir mhiotail le húsáid i dtógáil foirgnimh agus trealamh tromshaothar eile.
Oibrí Leathánmhiotail/Plátóir Gearrann an tOibrí Leathánmhiotail/Plátóir painéil mhiotail. cuireann cruth orthu agus feistíonn gluaisteáin agus innealra ag úsáid leathán miotail.
Oibrí innill fuála Oibríonn an tOibrí Innill Fuála le táilliúir nó i monarcha éadaigh ag fuáil éadach réamhghearrtha le chéile chun baill éadaigh de gach cineál a dhéanamh.
Oibrí i Siopa Peataí Déanann cúram d’ainmhithe i siopa peataí, agus cuireann comhairle ar fáil do chustaiméirí faoin gcaoi aire a thabhairt do na hainmhithe a cheannaíonn siad.
Oibrí Grúdlainne Oibríonn sa phróiseas táirgthe beorach i ngrúdlann, ag ullmhú na gcomhábhar agus an trealaimh a bhíonn in úsáid sa phróiseas.
Oibrí Gairneoireachta Tráchtála Déanann oibrithe gairneoireachta tráchtála stoc plandaí a fhás, tugann air dóibh agus ansin baineann iad chun iad a dhíol. D’fhéadfaidís a bheith ag spraeáil, ag mótú, ag prúnáil, ag piocadh nó ag grádú.
Oibrí Gairneoireachta Fóillíochta Bíonn i bhfeighil oibriú innealra éagsúil a úsáidtear sa timpeallacht gairneoireachta fóillíochta e.g. slacht a choinneáil ar thailte spóirt.
Oibrí Forcardaitheora Oibríonn i bhfeithicil forcardaitheora chun earraí troma a bhogadh thart.
Oibrí Forbartha Pobail Oibríonn le daoine aonair, le teaghlaigh nó le pobail iomlána chun cuidiú leo seilbh a ghlacadh ar a saol féin agus fheabhas a chur ar a saol.
Oibrí Foraoise Oibríonn an tOibrí Foraoise i bhforaois ag cabhrú leis an Oifigeach Foraoise i gcothabháil na foraoise.
Oibrí Feirme Bíonn oibrithe feirme i mbun dualgais ghinearálta a bhaineann le feirm a rith.
Oibrí Faiche Aonaigh Déanann oibrithe faiche aonaigh maoirseacht ar mharcaíochtaí, ar sheónna agus ar mheaisíní cluichí. Bíonn siad i mbun an trealamh a bhaint as a chéile agus a chur in airde ag aonaigh éagsúla de réir mar a bhogtar ó áit go háit.
Oibrí Deirice Cuidíonn leis an druileálaí i gcuideachta mianadóireachta nó ola. Oibríonn mar chuid den chriú druileála ar rigí ola amuigh ón gcósta a bhíonn ag druileáil suas le 85 troigh faoi bhun talún.
Oibrí Cúraim Shóisialta Cuireann oibrithe cúraim shóisialta cabhair agus tacaíocht ar fáil do dhaoine, a mbíonn cúnamh sa teach ag teastáil uathu mar gheall ar a n-aois, ar fhadhb fhisiceach nó fadhb mheabhairshláinte nó toisc go bhfuil siad faoi dhian-mhíchumas foghlama.
Oibrí Crann Tógála Oibríonn an tOibrí Crann Tógála craein chun lóid throma a thógáil ar shuíomh tógála nó i monarcha.
Oibrí Club Poist
Oibrí Ceamara Oibríonn an tOibrí Ceamara an trealaimh ceamara atá ag teastail chun scannáin. fístéipeanna agus cláir theilifíse a dhéanamh.
Oibrí cabhrach/daonnúil De ghnáth bíonn oibrithe cabhrach/daonnúla ag obair i dtíortha eile, chun a chinntiú go ndéantar cúnamh daonnúil a dháileadh go héifeachtach ar dhaoine atá ina gcónaí in áiteanna ina raibh tubaiste de dhéantús an duine nó tubaiste nádúrtha.
Oftailmeolaí Dochtúir láncháilithe leighis le speisialtóireacht i gceartú radhairc agus a oibríonn ar gach cineáil máchail, galar agus neamhrod súl.
Néareolaí Déanann staidéar ar an néarchóras, agus cleachtann diagnóis agus cóireáil na ngalar bainteach.
Nádúrapat Cuireann cineálacha malartacha cúraim sláinte ar fáil don phobal.
Múinteoirí Oideachais Bunscoile & Naíonra Teagascann Múinteoirí Oideachais Bunscoile agus Naíonra scileanna bunúsacha acadúla agus sóisialta do mhic léinn i scoileanna poiblí nó príobháideacha ag an leibhéal bunscoile. chomh maith le scileanna múnlaitheacha eile.
Múinteoir Montessori Oibríonn an Múinteoir Montessori le forbairt réamhscoile páistí ag úsáid teoiricí agus cleachtas an Dr. Maria Montessori.
Múinteoir Iar-bhunscoile

Ullmhaíonn an Múinteoir Iar-bhunscoile ceachtanna agus teagascann déagóirí i rang iar-bhunscoile nó coláiste.

Múinteoir Bunscoile Ullmhaíonn an Múinteoir Bunscoile ceachtanna agus teagascann páistí óga sna chéad bhlianta ar scoil.
Múinteoir - Ealaín agus Dearadh Múineann siad scileanna ealaíne, dearaidh agus ceardaíochta do mhic léinn.
Múinteoir - Corpoideachas Oibríonn an Múinteoir Corpoideachais le forbairt mac léinn trí mheán na gleacaíochta agus an oideachais sláinte.
Mórdhíoltóir
Miotaleolaí Déanann an Mioteolaí staidéar ar mhianadóireacht. úsáid agus cóir mhiotail agus cóimhiotail.
Micribhitheolaí Déanann Micribheitheolaí staidéar agus taighde ar mhicrea-orgánaigh amhail baictéir agus algaí.
Meitéareolaí Déanann an Meitéaraolaí an aimsir agus córais aimsire a staidéar chun réamhaisnéis a thabhairt ar choinníollacha aimsire sa todhchaí.
Meicneoir/Innealtóir Aerárthaí Déanann an Meicneoir/tInnealtóir Aerárthaí deisiúcháin. seiceanna sábháilteachta agus cothabháil ar aerárthaigh.
Meicneoir Trealamh Tógála Deisíonn agus déanann an Meicneoir Trealamh Tógála cothabháil ar innealra tógála.
Meicneoir Mótair Déanann an Meicneoir Mótair deisiúcháin agus cothabháil ar fheithiclí baile agus trádála.
Meaisíneoir Adhmaid Úsáideann an Meaisíneoir Adhmaid meaisíní speisialta chun píosaí adhmaid a ghearradh agus cruth a chur orthu le húsáid i ndéanamh troscáin. doirse agus fuinneog.
Matamaiticeoir Úsáideann an Matamaiticeoir matamaitic chun fadhbanna a réiteach i dtionscail. i dtráchtáil agus i dteicneolaíocht.
Marcach Imeachtaí Capall Déanann capaill a thraenáil agus a ullmhú do chomórtais ghairmiúla agus bíonn ag marcaíocht ar chapaill sna comórtais sin.
Marcach Tugann an Marcach gleacaíocht do chapaill agus déanann marcaíocht orthu i rásaí iomaíocha d’úinéir an chapaill rása.
Maor Tráchta Cuireann an Maor Tráchta dlíthe maidir le trácht agus páirceáil i bhfeidhm agus déanann seiceanna le haghaidh sonraí cánach agus árachais.
Maoirseoir Script - Teilifís/Scannáin Freastalaíonn an Maoirseoir Scripte ar chleachtaí chun sonraí a bhreacadh síos faoi chur i láthair aisteora agus chun an léiritheoir a chur ar an eolas mura bhfuil an t-uainiú ama ag teacht lena raibh sonraithe sa script.
Maoir Sonraí / Bainisteoir Sonraí
Máistir Gréasáin Dearann agus cruthaíonn an Máistir Gréasáin leathanaigh ghréasáin agus suímh ghréasáin do ghnóthaí agus do dhaoine aonair.
Máistir an Chuain Tá sé/sí freagrach as sábháilteacht, timpeallacht, slándáil agus seoladh slán earraí trína gcalafoirt. Déanann maoirseacht ar líon mór árthach a thagann isteach sa chalafort.
Maisitheoir Mínealaíontóirí iad maisitheoirí a chuireann smaointe, fíricí agus mothúcháin i láthair ag úsáid a scileanna péintéireachta, líníochta agus cruthaiteachta.
Mairnéalach sa Chabhlach Trádála Cuidíonn Mairnéalaigh sa Chabhlach Trádála le hoifigigh deice i reáchtáil fheidhmiú na loinge.
Maintín Déanann Maintín gach cineál gúnaí agus sciortaí trí éadach a thomhas. a ghearradh agus a fhuáil.
Máinlia Béil Cuireann cúram máinliachta ar fáil d’fhiacla, don ghiall agus do chnámha na haghaidhe.
Máinlia Dochtúir cáilithe leighis le speisialtóireacht sa mháinliacht d’othair le galar nó riocht meathlúcháin.
Mainicín Oibríonn an Mainicín sna tionscail faisin agus fógraíochta ag mainicíneacht éadaigh. cosmaidí agus táirgí eile.
Luibheolaí Déanann staidéar ar chealla, ar éabhlóid, ar ghéin, agus ar speicis éagsúla plandaí. Déanann iniúchadh ar an gcaoi a bhfásann plandaí agus ar cá bhfásann siad agus ar an tionchar a bhíonn ag ceimiceáin agus galair ar na plandaí sin.
Lóndadóir Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Lónadóir bia. deoch agus siamsaíocht d’ócáidí speisialta.
Léiritheoir Teicniúil Tarraingíonn an Léiritheoir Teicniúil léirithe teicniúla mar léaráidí do lámhleabhair treoracha agus do théacsleabhair.
Léiritheoir Ilmheáin Bíonn baint ag an Léiritheoir Ilmheáin le gach páirt den tionscadal ilmheáin. Déanann teagmháil leis an bhfoireann táirgiúlachta agus an cliant chun a chinntiú go gcomhlíontar spriocanna.
Léiritheoir Déanann Léiritheoir maoirseacht ar reáchtáil léirithe don teilifís. raidió. scannán nó an stáitse. agus déanann é a bhainistiú.
Leictreoir Auto
Leictreoir Suiteálann agus deisíonn sreangú leictreach agus ceanglaíonn é le cumhacht i ngach cineál foirgneamh.
Léachtóir. 3ú Leibhéal Ullmhaíonn agus tugann Léachtóir 3ú Leibhéal léachtaí do mhic léinn bunchéime nó iarchéime ar ábhair speisialaithe.
Léachtóir - Breisoideachas Déanann léachtóirí in earnáil an bhreisoideachais ábhair acadúla nó gairme a theagasc do mhic léinn.
Leabharlannaí / Cartlannaí / Coimeádaí Déanann an Leabharlannaí/Cartlannaí/Coimeádaí maoirsiú agus bainistíocht ar reáchtáil agus eagrú leabharlainne. iarsmalainne nó bailiúcháin de dhoiciméid nó meáin eile.
Leabharchoimeádaí / Cléireach Uimhríochta Láimhseálann an Leabharchoimeádaí/Cléireach Uimhríochta idirbhearta laethúla airgeadais an ghnó nó na heagraíochta.
Láithreoir Teilifíse/Raidió Cuireann an Láithreoir Teilifíse/Raidió seónna agus cláir raidió agus theilifíse i láthair agus óstálann iad.
Láimhseálaí Bagáiste san Aerfort Bíonn na daoine seo freagrach as bagáiste a sheiceáil i gcoinne liostaí eitilte agus an bagáiste a thabhairt chuig an aerárthach nó chuig an gcrios iompair bgáiste.
Iriseoir Craolacháin Déanann an tIriseoir Cralacháin anailís. ateangaireacht agus craoladh ar nuacht a fhaightear ó fhoinsí éagsúla.
Iriseoir / Tuairisceoir

Tuairiscíonn Iriseoir/Tuairisceoir nuacht do pháipéir nuachta. don teilifís agus ar stáisiúin raidió.

Ionchuradóir Sonraí Oibríonn an tIonchuradóir Sonraí le heochairchlár chun faisnéis téacs agus uimhreach a chur isteach i ríomhaire.
Ionadaí Díolacháin Theicniúil - Teileachumarsáid Is saineolaithe teicniúla na hionadaithe seo a thugann comhairle maidir le díolachán trealaimh ardteicneolaíochta le cliaint.
Ionadaí Díolacháin Idirnáisiúnta Téann an tIonadaí Díolacháin Idirnáisiúnta i dteagmháil le custaiméirí nua agus iad siúd atá ina gcustaiméirí cheana chun a riachtanais a phlé. Ainmníonn siad táirgí agus seirbhísí bunaithe ar a n-eolas ar riachtanais chustaiméirí.
Ionadaí Díolacháin Díolann an tIonadaí Díolacháin táirgí agus seirbhísí cuideachta le cuideachtaí agus cumainn eile agus leis an bpobal i gcoitinne.
Innealtóirí Sibhialta/Mianadóireachta Déanann an tInnealtóir Sibhialta/Mianadóireachta anailís ar thuairiscí suirbhé. léarscáileanna. líníochtaí agus threoirphleananna. aergrianghrafadóireacht agus ar shonraí topagrafaíochta agus geolaíochta eile chun tionscadail a phleanáil.
Innealtóireacht Ríomhaireachta agus Bogearraí Déanann Innealtóirí Ríomhaireachta agus Bogearraí anailís ar chórais ríomhaireachta agus ar bhogearraí. agus déanann a leithéid a dhearadh agus a chruthú chomh maith.
Innealtóireacht Cheimiceach & Phróiseas Tá innealtóirí próiseála gléasra ceimiceach freagrach as córais ard-uathoibríocha a rialaíonn gléasra ceimiceach.
Innealtóir Teileachumarsáide Oibríonn an tInnealtóir Teileachumarsáide ar na cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí a chuireann ar ár gcumas cumarsáid a dhéanamh thar achar fada. córais satailíte agus chábla. fóin phóca. radathonnta. an tIdirlíon agus ríomhphost san áireamh.
Innealtóir Talmhaíochta Bíonn baint ag an Innealtóir Talmhaíochta le dearadh agus tógáil innealra talmhaíochta. córas agus foirgneamh.
Innealtóir Seirbhísí Tógála Oibríonn an tInnealtóir Seirbhísí Tógála ar dhearadh. shuiteáil. chothabháil agus dhéantúsaíocht córas a bhfuil baint acu le foirgnimh agus an timpeallacht tógtha.
Innealtóir Seirbhísí Fearais Tí Deisíonn agus déanann an tInnealtóir Seirbhísí Fearais Tí cothabháil ar fhearais leictreacha a úsáidtear sa teach.
Innealtóir Seirbhíse Leictreonaice Déanann innealtóirí seirbhíse teilifíse trealamh teilifíse, raidió agus físeáin a dheisiú.
Innealtóir Pleanála Bíonn an tInnealtóir Pleanála freagrach as na roghanna do bhealach nua a chur chun tosaigh ó thaobh teicniúlachta agus praiticiúlachta de. agus téann i gcomhairle agus buaileann le grúpaí a bhfuil suim acu ann.
Innealtóir Muirí Bíonn baint ag an Innealtóir Muirí le dearadh/cothabháil innealra agus trealamh a úsáidtear ar an bhfarraige.
Innealtóir Meicniúil Comhlíonann an tInnealtóir Meicniúil dualgais innealtóireachta i bpleanáil agus i ndearadh uirlisí. innill. meaisíní agus trealaimh mheicniúil eile. Déanann sé/sí maoirsiú ar shuiteáil. oibriú. ar chothabháil agus ar dheisiú trealaimh amhail córas láraithe teasa. gáis. uisce agus gaile.
Innealtóir Leictreachais Oibríonn an tInnealtóir Leictreachais i dtimpeallachtaí tionsclaíocha. tráchtála agus teaghlaigh ag dearadh. ag suiteáil agus ag triail crua-earraí leictreacha.
Innealtóir Géiniteach Déanann Innealtóirí Géiniteacha mionathrú ar DNA (na móilíní is bun le hábhar géineolaioch) orgánaigh chun saintréithe an orgánaigh sin a athrú.
Innealtóir Foirgníochta Dearann an tInnealtóir Foirgníochta agus déanann maoirseacht ar thógáil sábháilte struchtúr amhail droichid. staidiamaí agus foirgnimh mhóra.
 Leathanach taispeána 3 de 7 leathanaigh