Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Giolla turais/Ionadaí ionad saoire Soláthraíonn an Giolla Turais/tionadaí Ionaid Saoire comhairle agus cabhair do lucht saoire ar shaoire láneagraithe agus thurais.
Eagraí Cabhrach Baile
Cúntóir Baile Cuireann cúntóirí baile cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil cabhair uathu maireachtáil ina mbaile féin mar thoradh ar bhreoiteacht, ar fhadhb míchumais nó meabhairshláinte, nó a bhfuil tacaíocht fhisiceach ag teastáil uathu ar chúis éigin eile.
Hoiméapat Úsáideann an Hoiméapat leigheasann nádúrtha chun cóir leighis a thabhairt d’othair agus iad a leigheas.
Bainisteoir Gortóireachta Déanann an Bainisteoir Gortóireachta maoirsiú agus bainistiú ar ionaid gharraíodóireachta nó úlloird.
Eolaí Gairneoireachta Déanann eolaithe gairneoireachta staidéar ar an eolaíocht agus an teicneolaíocht a bhaineann le saothrú plandaí.
Póirtéir Ospidéil Tugann an Póirtéir Ospidéil cabhair d’fhoirne leighis le gnáththascanna. mar shampla othair a bhogadh ó bharda go barda srl.
Póirtéir Óstáin Láimhseálann Póirtéir Óstáin bagáiste aíonna agus déanann iarracht cabhair a thabhairt dóibh lena gceisteanna.
Bainisteoirí Acmhainní Daonna & Pearsanra Bíonn Bainisteoirí Acmhainní Daonna & Pearsanra freagrach as earcaíocht foirne. forbairt inmheánach foirne. oiliúint agus forbairt fostaithe.
Hidreolaí Déanann staidéar ar ghluaiseacht, dáileadh agus cáilíocht an uisce in aibhneacha, locha agus aigéin, ag úsáid coincheapa éagsúla mar shampla an timthriall uisce.
Maisitheoir Mínealaíontóirí iad maisitheoirí a chuireann smaointe, fíricí agus mothúcháin i láthair ag úsáid a scileanna péintéireachta, líníochta agus cruthaiteachta.
Léiritheoir Teicniúil Tarraingíonn an Léiritheoir Teicniúil léirithe teicniúla mar léaráidí do lámhleabhair treoracha agus do théacsleabhair.
Oifigeach Caidrimh Thionsclaíochta Oibríonn an tOifigeach Caidrimh Thionsclaíochta ar chaidreamh maith a chothabháil idir fostóirí agus a bhfoirne san áit oibre.
Dearthóir Tionsclaíochta Bíonn dearthóirí tionsclaíochta, nó dearthóirí tairgí mar a thugtar orthu uaireanta, i mbun beagnach gach táirge do thomhaltóirí agus gach píosa trealaimh caipitil do tháirgeadh mórscála a chruthú.
Trádálaí Boilscithe Sinsearach
Oifigeach Faisnéise Eagraíonn an tOifigeach Faisnéise agus déanann taighde ar eolas i sainleabharlann tagartha.
Oifigeach Faisnéise - Treoir d'Aosaigh Tacaíonn le gnáthfheidhmiú laethúil na seirbhíse gairmthreorach san oideachas d’aosaigh. Cuireann eolas agus comhairle chun dáta, atá éasca le tuiscint agus beacht, ar fáil do dhaoine a lorgaíonn an tseirbhís sin.
Bainisteoir Córas Faisnéise Úsáideann an Bainisteoir ar Chórais Faisnéise eolas ar chórais ríomhaire chun riachtanais TF eagraíochta a bhainistiú.
Bróicéir Árachais Socraíonn Bróicéir Árachais árachas do dhaoine agus do ghnóthaí agus cuireann comhairle orthu maidir le cúrsaí árachais.
Comhairleoir / Bainisteoir Éilimh Árachais Oibríonn an Comhairleoir/Bainisteoir Éilimh Árachais i gcomhlacht árachais ag imscrúdú éileamh. ag measúnú dliteanas agus ag déanamh socruithe deiridh.
Coigeartóir Árachais Déanann an Coigeartóir Árachais taighde ar éilimh mhóra árachais agus molann socrú cóir do gach duine i gceist.
Altra – Míchumas Meabhrach Freastalaíonn an tAltra seo ar riachtanais speisialta daoine meabhair-éislinneacha. ag obair i seirbhísí cónaithe nó seirbhísí pobail.
Dearthóir Intí Dearann an Dearthóir Intí maisiúchán intí do gach cineál foirgnimh agus déanann bainistiú ar an bpróiseas féin.
Ateangaire

Aistríonn Ateangaire focail labhartha ó theanga amháin go teanga eile.

Anailísí infheistíochta sinsearach
Baincéir Infheistíochta Cuireann baincéirí infheistíochta seirbhísí airgeadais ar fáil do rialtais agus do chuideachtaí. Cuireann siad comhairle ar fáil ar shaincheisteanna dála scaireanna, tairiscintí táthcheangail, éadálacha agus cumaisc.
Comhairleoir Infheistíochta
Cigire ISPCA Déanann cigirí ISPCA an dlí a fhorfheidhmiú mar a bhaineann le cúram, iompar agus leas ginearálta peataí, beostoic agus ainmhithe eile.
Sainchomhairleoir TF Oibríonn i gcomhpháirtíocht le cliaint, ag cur comhairle orthu faoin gcaoi le teicneolaíocht faisnéise a úsáid d’fhonn cuspóirí gnó a bhaint amach nó fadhbanna a shárú.
Bainisteoir Tionscadail TF Bainistíonn an Bainisteoir Tionscadail TF córais ríomhaireachta in eagraíocht agus déileálann le haon fhadhb a thagann chun cinn.
Speisialtóir Innealtóireachta TF Insamhlaíonn an Speisialtóir seo fadhbanna i gcoinníollacha saotharlainne agus oibríonn ar réiteach a aimsiú.
Bainisteoir TF Déanann an Bainisteoir TF maoirsiú agus bainistiú ar reáchtáil na rannóige ríomhaireachta.
Ríomheolaí Baineann an ríomheolaíocht le dearadh agus ailtireacht ríomhairí, le forbairt ríomhchlár agus le tógáil éifeachtach córas. Tá an ríomheolaíocht nua-aimseartha ina bunchuid de gach gné den tionscal agus den ghnó agus tá sí ina bonn is taca le gach gné dár saol pearsanta freisin.
Speisialtóir Tacaíochta Ríomhaire/TF Cuireann speisialtóirí tacaíochta ríomhaire tacaíocht ar fáil ar an teileafón nó ar an ngréasán do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le crua-earraí nó bogearraí ríomhaire.
Bainisteoirí Córas Ríomhaireachta Déanann an Bainisteoir Córas Ríomhaireachta pleanáil. stiúradh nó comhordú ar ghníomhaíochtaí i réimsí amhail próiseáil sonraí leictreonacha. córais faisnéise. anailís chóras agus ríomhchlárú.
Anailísí Córas TF Déanann Anailísí Córas TF anailís ar riachtanais úsáideoirí deiridh ríomhairí agus scríobhann tuairiscí do ríomhchláraitheoirí agus do theicneoirí.
Ríomhchláraitheoir Ríomhclár/Anailísí Ríomhaireachta Scríobhann an Ríomhchláraitheoir Ríomhchlár Feidhmchláir Bogearraí do ríomhairí. déanann eagarthóireacht orthu agus athraíonn iad de réir mar is gá.
Ceann Foirne TF Bíonn an Ceann Foirne TF freagrach as foireann daoine. á spreagadh chun spriocanna sástachta custaiméirí a chomhlíonadh.
Traenálaí Ríomhaireachta / Teagascóir
Seodóir Díolann. dearann agus deisíonn Seodóir gach cineál seodra. uaireadóirí agus gréithe airgid.
Oibrí Club Poist
Iriseoir Craolacháin Déanann an tIriseoir Cralacháin anailís. ateangaireacht agus craoladh ar nuacht a fhaightear ó fhoinsí éagsúla.
Iriseoir / Tuairisceoir

Tuairiscíonn Iriseoir/Tuairisceoir nuacht do pháipéir nuachta. don teilifís agus ar stáisiúin raidió.

Breitheamh Bíonn an breitheamh i gceannas na cúirte dlí agus déanann breithiúnais bunaithe ar an bhfianaise a chuirtear i láthair agus ar an reachtaíocht reatha, ábhartha.
Cúntóir Cistine Oibríonn an Cúntóir Cistine i gcistin ag cabhrú le cócaire nó príomhchócaire leis na dualgais laethúla ghlantóireachta agus ullmhúcháin.
Oifigeach i Saotharlann Eolaíochta Leighis Déanann an tOifigeach seo triail agus tástáil eolaíochta i saotharlann leighis.
Teicneoir / Cúntóir Saotharlainne Oibríonn an Teicneoir/Cúintóir Saotharlainne i saotharlann ag cabhrú le foirne eolaíochta agus teicniúla le dualgais laethúla.
Tacaíocht Pleanála Baile Déanann obair riaracháin agus theicniúil a chuidíonn múnlú a dhéanamh ar phobail áitiúla. Áiríonn seo obair ar dhearadh sráidbhaile nó forbairtí d’fhoirgnimh chathrach, leagan amach do bhóithre nua nó beartais chomhshaoil.
Eolaí Tírdhreacha Baineann eolaithe tírdhreacha úsáid as a saineolas eolaíochta chun fadhbanna praiticiúla tírdhreacha a réiteach agus a chosc.
Cléireach Dlí Oibríonn an Cléireach Dlí go dlúth le dlíodóirí ag déileáil le doiciméid dlí.
Dlíodóir - abhcóide Tugann Dlíodóir sainchomhairle maidir le ceisteanna coimpléascacha dlí agus seasann sé/sí do dhaoine sa chúirt.
Comhairleoir Foghlama & Forbartha
Ceannaire Foghlama & Forbartha
Léachtóir. 3ú Leibhéal Ullmhaíonn agus tugann Léachtóir 3ú Leibhéal léachtaí do mhic léinn bunchéime nó iarchéime ar ábhair speisialaithe.
Léachtóir - Breisoideachas Déanann léachtóirí in earnáil an bhreisoideachais ábhair acadúla nó gairme a theagasc do mhic léinn.
Feidhmeannach Dlí Gairmí é/í an feidhmeannach dlí atá ina bhall den Irish Institute of Legal Executives. Oibríonn an té seo le haturnaetha agus le habhcóidí, i gCúirteanna na hÉireann, agus laistigh de réimse tráchtála eile den chleachtas dlí. Cuidíonn siad leo i réimsí ginearálta agus speisialtóireachta dlí.
Rúnaí Dlí Oibríonn an Rúnaí Dlí in oifigí cuideachta dlí ag déileáil le doiciméid dlí agus dualgais ghinearálta oifige.
Cúntóir in Ionad Fóillíochta Cabhraíonn an Cúntóir in Ionad Fóillíochta le hoibríochtaí laethúla d’áis chaithimh aimsire. cinntíonn sábháilteacht. spreagann rannpháirtíocht agus dáileann garchabhair nuair is gá.
Bainisteoir Fóillíochta Déanann an Bainisteoir Fóillíochta maoirsiú agus bainistíocht ar reáchtáil áiseanna caithimh aimsire éagsúla.
Leabharlannaí / Cartlannaí / Coimeádaí Déanann an Leabharlannaí/Cartlannaí/Coimeádaí maoirsiú agus bainistíocht ar reáchtáil agus eagrú leabharlainne. iarsmalainne nó bailiúcháin de dhoiciméid nó meáin eile.
Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise Oibríonn an Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise i leabharlann faoi mhaoirsiú an Leabharlannaí.
Cóitseálaí saoil
Garda Tarrthála Déanann an Garda Tarrthála maoirsiú ar shábháilteacht ag áiteanna snámha. tránna. linnte snámha agus locha san áireamh.
Cóimeálaí sa Tionscal Éadrom Oibríonn siad chun comhpháirteanna a shuiteáil le chéile chun táirgí a chruthú i dtionscail éagsúla, mar shampla déantús troscán, leictreonaic, nó soláthairtí uathghluaisneacha.
Teicneoir Solais Cuireann an Teicneoir seo le chéile. rigeáileann agus rialaíonn trealamh soilsithe do sheónna agus d’ócáidí ar stáitse. i scannán nó ar an teilifís.
Teangeolaí Déanann an Teangeolaí staidéar agus anailís ar eolaíocht na cumarsáide briathartha.
Gníomhaire Liteartha
Bainisteoir Suíomh - Teilifís / Scannán
Glasaire Déanann dearadh, suiteáil, cothabháil agus deisiú ar ghlais agus ar thaisceadáin.
Pleanálaí Loighistice Eagraíonn agus pleanálann an Pleanálaí Loighistice bogadh táirgí agus ábhar ó sholáthraithe go custaiméirí.
Ealaíontóir Smididh Úsáideann an tEalaíontóir Smididh smideadh chun tréithe duine a fheabhsú nó a charachtarú don stáitse. do scannáin nó don teilifís.
Comhairleoir Bainistíochta Soláthraíonn an Comhairleoir Bainistíochta comhairle agus treoir ghairmiúil bainistíochta do ghnóthais agus do chumainn.
Stiúrthóir Bainistíochta Bíonn an Stiúrthóir Bainistíochta freagrach as feidhmiú forleathan gnó i gcuideachta.
Innealtóir Déantúsaíochta Bíonn saineolas ag innealtóirí déantúsaíochta i raon leathan teicneolaíochtaí déantúsaíochta agus córas bainistithe ríomhaire agus rialaithe.
Díolamóir/Oibrí Líne i Monarcha Comhordaíonn agus cuireann an Díolamóir/tOibrí Líne i Monarcha le chéile táirgí/earraí líne de réir nósanna imeachta réamhshocraithe.
Bitheolaí Muirí Déanann staidéar ar ainmhithe, ar phlandaí agus ar orgánaigh mhicreascópacha sna farraigí.
Innealtóir Muirí Bíonn baint ag an Innealtóir Muirí le dearadh/cothabháil innealra agus trealamh a úsáidtear ar an bhfarraige.
Eolaí Muirí Déanann an tEolaí Muirí staidéar ar fharraigí agus ar an mbealach ina n-idirghníomhaíonn siad leis an domhan agus an atmaisféar. Úsáideann siad a n-eolas chun úsáid a bhaint as acmhainní muirí agus damáiste don chomhshaol a íoslaghdú.
Taighdeoir Margaidh Déanann an Taighdeoir Margaidh suirbhéanna trí agallaimh a chur ar dhaoine go pearsanta agus ar an teileafón.
Bainisteoir Margaíochta / Cumarsáide Bíonn an Bainisteoir Margaíochta/Cumarsáide freagrach as feachtais mhargaíochta a reáchtáil chomh maith le fógraíocht nua a fhorbairt do chuideachta.
Comhairleoir Margaíochta Cuireann an Comhairleoir Margaíochta comhairle ghairmiúil ar fáil maidir le margaíocht ar sheirbhísí cuideachta.
Feidhmeannach Margaíochta Déanann an Feidhmeannach Margaíochta maoirsiú ar straitéis mhargaíochta do tháirge nó do sheirbhís chuideachta.
Cúntóir Marglainne Cabhraíonn an Cúntóir Marglainne i reáchtáil marglainne. Is féidir tascanna éagsúla a bheith i gceist. idir chúram ainmhithe agus ghníomhaíochtaí díolacháin ainmhithe. Bíonn obair le hainmhithe agus feirmeoirí i gceist.
Teiripeoir Suathaireachta Baineann úsáid as na lámha agus na géaga chun fíocháin an choirp a bhrú agus a láimhseáil chun feabhas a chur ar shláinte mheabhrach agus fhisiceach an chliaint.
Matamaiticeoir Úsáideann an Matamaiticeoir matamaitic chun fadhbanna a réiteach i dtionscail. i dtráchtáil agus i dteicneolaíocht.
Meicneoir Mótair Déanann an Meicneoir Mótair deisiúcháin agus cothabháil ar fheithiclí baile agus trádála.
Innealtóir Meicniúil Comhlíonann an tInnealtóir Meicniúil dualgais innealtóireachta i bpleanáil agus i ndearadh uirlisí. innill. meaisíní agus trealaimh mheicniúil eile. Déanann sé/sí maoirsiú ar shuiteáil. oibriú. ar chothabháil agus ar dheisiú trealaimh amhail córas láraithe teasa. gáis. uisce agus gaile.
Taighdeoir Meán
Seirbhís Fostaíochta Áitiúil - Idirghabhálaí
Cúntóir Saotharlainne Leighis Oibríonn cúntóir saotharlainne leighis i saotharlanna ospidéil. Déanann siad substaintí a ullmhú agus déanann anailís orthu, cuireann tástálacha fola agus fíochán i gcrích agus cuireann torthaí na dtástálacha sin ar aghaidh chuig na dochtúirí.
Rúnaí Leighis Oibríonn an Rúnaí Leighis i rannóg riaracháin ospidéil. i lialann áitiúil nó i gclinic.
Altra Síciatrachta Cabhraíonn an tAltra Síciatrachta le daoine a meabhairshláinte a fheabhsú agus a chothabháil agus is féidir ról oideachais a bheith aige/aici maidir le cosc ar thinneas síciatrach.
Mairnéalach sa Chabhlach Trádála Cuidíonn Mairnéalaigh sa Chabhlach Trádála le hoifigigh deice i reáchtáil fheidhmiú na loinge.
Oibrí Miotail / Táthaire Déanann an tOibrí Miotail cearchaillí cruacha agus struchtúir mhiotail le húsáid i dtógáil foirgnimh agus trealamh tromshaothar eile.
Miotaleolaí Déanann an Mioteolaí staidéar ar mhianadóireacht. úsáid agus cóir mhiotail agus cóimhiotail.
Meitéareolaí Déanann an Meitéaraolaí an aimsir agus córais aimsire a staidéar chun réamhaisnéis a thabhairt ar choinníollacha aimsire sa todhchaí.
Micribhitheolaí Déanann Micribheitheolaí staidéar agus taighde ar mhicrea-orgánaigh amhail baictéir agus algaí.
Cnáimhsí Déanann Cnáimhsí cúram de mhná ag iompar linbh le linn an toirchis agus na breithe.
Déantóir Samhlacha Déanann leagan mhionnghainní d’fhoirgnimh. siopaí agus dearaí forbartha nó tógála eile.
Bitheolaí Móilíneach Déanann taighde ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn roinnt córas sa chill, mar shampla idirghníomhaíocht idir DNA, RNA agus bithshintéis próitéin.

 Leathanach taispeána 4 de 7 leathanaigh