Baile
Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag
CareersPortal.ie
Comhairle
Pleanáil Gairme
Obair agus Fostaíocht
| Breathnaigh Tríd
Earnálacha Fostaíochta
Gairmeacha
Suimeanna Gairme
Físeáin agus Podchraoltaí
Scileanna Gairme
Acmhainní
| Bain úsáid as do Ghaeilge
Cúrsaí CAO le Gaeilge
Deiseanna Gairme san AE
Deiseanna Gairme le Gaeilge
Gairmeacha
|
Cuardach A - Z
|
Cuardaigh de réir Earnála
|
Cuardaigh de réir Réimsí Spéise
Cuardaitheoir Gairme
Cuardaigh de réir Réimse Spéise
I ngairmeacha an
Réadaí
bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Iniúchóra
bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.
Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an
Nádúraí
go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Riarthóra
bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Fhiontraí
bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.
Cuardaigh >
I ngairmeacha
Cruthaitheacha
bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.
Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an
duine Shóisialta
bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.
Cuardaigh >
I gcás gairmeacha
Teangeolaíochta
go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.
Cuardaigh >
Torthaí |
Teideal poist
Cur síos achomair
Gnáthriachtanais iontrála
Éileamh
Teicneoir Innealtóireachta Talmhaíochta
Cuireann tacaíocht ar fáil d’innealtóirí i réimsí éagsúla, mar shampla táirgí nua a fhorbairt agus a thástáil do thionscal na feirmeoireachta, déanann seirbhísiú chun trealamh a chur isteach, a dheisiú agus a chothabháil.
Oibrí Gairneoireachta Fóillíochta
Bíonn i bhfeighil oibriú innealra éagsúil a úsáidtear sa timpeallacht gairneoireachta fóillíochta e.g. slacht a choinneáil ar thailte spóirt.
Teicneoir Paiteolaíochta Anatamaíoch
Teicneoir Saotharlainne Ainmhithe
Tugann aire d’ainmhithe saotharlainne nó déanann iad a phórú, ar ainmhithe iad a úsáidtear i dtaighde leighis, tréidliachta agus fiaclóireachta.
Beachlannóir/Coinneálaí Tráchtála Beach
Ar fheirm thráchtála mealla cothaítear coirceoga beach áit a ndéantar mill, bailítear an mhill agus ansin déantar an mhill sin a dhíol.
Báicéir/Milseogaire
Bácálann an Baicéir/Milseogaire arán agus milseogra de gach sórt agus déanann iad a mhaisiú.
Gníomhaire Stoic Fola
Oibrí Grúdlainne
Oibríonn sa phróiseas táirgthe beorach i ngrúdlann, ag ullmhú na gcomhábhar agus an trealaimh a bhíonn in úsáid sa phróiseas.
Búistéir
Oibríonn Búistéir i siopa búistéara ag ullmhú feola le díol leis an bpobal.
Búistéir - Mórdhíol
Oibríonn an búistéir mórdhíola le mairteoil, uaineoil agus muiceoil le go mbeadh siad ullamh le díol le búistéirí miondíoltóra, bialanna, tithe ósta agus lónadóirí.
Teicneoir Cardashoithíoch
Bíonn i mbun oibriú an trealaimh a bhíonn in úsáid sa mháinliacht croí chun a chinntiú go mbeidh an trealaimh sin sábháilte agus go n-éireodh le hobráidí.
Oibrí Gairneoireachta Tráchtála
Déanann oibrithe gairneoireachta tráchtála stoc plandaí a fhás, tugann air dóibh agus ansin baineann iad chun iad a dhíol. D’fhéadfaidís a bheith ag spraeáil, ag mótú, ag prúnáil, ag piocadh nó ag grádú.
Cócaire faoi Oiliúint
Cabhraíonn an Cócaire faoi Oiliúint le hullmhú. cócaireacht agus cur i láthair bia agus i reáchtáil na bialainne.
Eolaí sa Tionscal Déiríochta
Oibríonn an tEolaí sa Tionscal Déiríochta ag leibhéil éagsúla sa tionscal déiríochta i bpoist mhaoirseachta agus bhainistíochta.
Diaitéiteach
Is duine an Diaitéiteach ar cás leo cad a itheann tú. cén fáth a n-itheann tú é agus cathain a itheann tú é.
Grúmaire Madraí
Cuireann grúmairí madraí comhairle ar fáil d’úinéirí maidir le cén chaoi cúram a dhéanamh dá madraí. Déanann siad madraí a ghrúmáil agus a bhearradh. Chomh maith leis sin, déanann siad crúba madraí a ghearradh nó a bhfiacla agus a gcluasa a ghlanadh.
Oifigeach Sláinte Comhshaoil
Déanann an tOifigeach Sláinte Comhshaoil imscrúdú ar ar chaighdeáin sláinte agus sláinteachais sa phobal.
Oifigeach Comhshaoil
Déanann monatóireacht ar an tionchar ar an gcomhshaol a bheadh ag táirgí agus próisis éagsúla eagraíochta. D’fhéadfadh bheith ag plé go díreach le córas bainistithe comhshaoil a rith.
Eolaí Comhshaoil
Déanann staidéar ar thionchar gníomhaíochtaí daonna ar an gcomhshaol trí thástálacha a dhéanamh agus trí anailís a dhéanamh ar shonraí.
Teicneolaí Comhshaoil
Déanann an Teicneolaí Comhshaoil obair cháilíochta chomhshaoil i suíomh oifige agus lasmuigh den oifig.
Príomhchócaire
Oibríonn an Príomhchócaire i gcistin ag ullmhú bia. ag eagrú soláthair agus ag maoirseacht foirne.
Bainisteoir Feirme
Déanann an Bainisteoir Feirme maoirsiú agus bainistiú ar fheidhmiú na feirme.
Oibrí Feirme
Bíonn oibrithe feirme i mbun dualgais ghinearálta a bhaineann le feirm a rith.
Feirmeoir
Oibríonn ar fheirm ag tabhairt cabhrach don fheirmeoir nó do bhainisteoir na feirme lena an gcaoi a reáchtáiltear an fheirm.
Feirmeoir - Stoc Tirim
Crúdóir
Sainfheidhmíonn an Crúdóir i ndéanamh agus feistis crúite capaill.
Bainisteoir Feirme Éisc
Déanann an Bainisteoir Feirme Éisc maoirsiú agus bainistiú ar fheidhmiú feirme éisc.
Ullmhaitheoir Bia
Cabhraíonn an tUllmhaitheoir Bia in ullmhú bia i gcistin. i mbialann. in óstán srl.
Foraoiseoir - Gairmiúil
Bíonn i bhfeighil fáschoillte foraoise a bhainistiú, a chothabháil agus a chur.
Oibrí Foraoise
Oibríonn an tOibrí Foraoise i bhforaois ag cabhrú leis an Oifigeach Foraoise i gcothabháil na foraoise.
Comhairleoir in Ionad Garraíodóireachta
Soláthraíonn an Comhairleoir in ionad Garraíodóireachta comhairle bhunúsach ghortóireachta agus gharraíodóireachta do chustaiméirí miondíola.
Garraíodóir
Oibrínn an Garraíodóir i ngairdín ag fás agus ag déanamh cúraim de phlandaí. de chrainn agus de thorthaí.
Coimeádaí Páirce
Déanann an Coimeádaí Páirce cúram de pháirceanna spóirt agus d’airéiní amuigh faoin aer amhail galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige.
Grúdaire
Comhordaíonn. pleanálann agus reáchtálann Grúdaire an próiseas iomlán i ndéanamh beorach.
Bainisteoir Gortóireachta
Déanann an Bainisteoir Gortóireachta maoirsiú agus bainistiú ar ionaid gharraíodóireachta nó úlloird.
Eolaí Gairneoireachta
Déanann eolaithe gairneoireachta staidéar ar an eolaíocht agus an teicneolaíocht a bhaineann le saothrú plandaí.
Cigire ISPCA
Déanann cigirí ISPCA an dlí a fhorfheidhmiú mar a bhaineann le cúram, iompar agus leas ginearálta peataí, beostoic agus ainmhithe eile.
Bitheolaí Muirí
Déanann staidéar ar ainmhithe, ar phlandaí agus ar orgánaigh mhicreascópacha sna farraigí.
Saineolaí Cothúcháin
Tugann an Saineolaí Cothúcháin comhairle faoi ghnéithe cothaíocha agus diatéiteacha táirgí bia agus is féidir baint a bheith acu le pleanáil agus cur i ngníomh aistí bia teiripeacha.
Cócaire Taosráin
Déanann arán agus milseogra, mar shampla cístí agus brioscaí.
Oibrí i Siopa Peataí
Déanann cúram d’ainmhithe i siopa peataí, agus cuireann comhairle ar fáil do chustaiméirí faoin gcaoi aire a thabhairt do na hainmhithe a cheannaíonn siad.
Marcach Imeachtaí Capall
Déanann capaill a thraenáil agus a ullmhú do chomórtais ghairmiúla agus bíonn ag marcaíocht ar chapaill sna comórtais sin.
Marcach
Tugann an Marcach gleacaíocht do chapaill agus déanann marcaíocht orthu i rásaí iomaíocha d’úinéir an chapaill rása.
Teagascóir Marcaíochta
Tugann an Teagascóir Marcaíochtat traenáil agus treoir do dhaoine maidir le marcaíocht ar ghearrchapaill nó ar chapaill agus conas cúram a thabhairt dóibh i stáblaí.
Oifigeach Longa
Scipéir
Bíonn Scipéir freagrach as gach gné de reáchtáil agus chothabháil soithigh iascaireachta. chomh maith lena gcriú. Déanann siad na cinntí maidir le cá háit agus cathain le hiascaireacht. agus conas an t-iasc a dhíol.
Altra Tréidliachta
Cabhraíonn an tAltra Tréidliachta le Tréidlia i gcóireáil ainmhithe breoite agus gortaithe.
Cúntóir Stáblaí/Grúmaeir
Déanann an Cúntóir Stáblaí/Grúmaeir cúram de chapaill agus de ghearrchapaill i stáblaí. ag tabhairt bia dóibh. á gcóireáil agus ag cinntiú go ndéanann na hainmhithe gleacaíocht.
Coimeádaí Zú
Cuireann bia, cúram sláinte agus fothain ar fáil do na hainmhithe sa zú.