Baile
Gairmthreoir ar fáil go héasca
Arna soláthar ag
CareersPortal.ie
Comhairle
Pleanáil Gairme
Obair agus Fostaíocht
| Breathnaigh Tríd
Earnálacha Fostaíochta
Gairmeacha
Suimeanna Gairme
Físeáin agus Podchraoltaí
Scileanna Gairme
Acmhainní
| Bain úsáid as do Ghaeilge
Cúrsaí CAO le Gaeilge
Deiseanna Gairme san AE
Deiseanna Gairme le Gaeilge
Gairmeacha
|
Cuardach A - Z
|
Cuardaigh de réir Earnála
|
Cuardaigh de réir Réimsí Spéise
Cuardaitheoir Gairme
Cuardaigh de réir Réimse Spéise
I ngairmeacha an
Réadaí
bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Iniúchóra
bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.
Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an
Nádúraí
go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Riarthóra
bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.
Cuardaigh >
I ngairmeacha an
Fhiontraí
bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.
Cuardaigh >
I ngairmeacha
Cruthaitheacha
bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.
Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an
duine Shóisialta
bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.
Cuardaigh >
I gcás gairmeacha
Teangeolaíochta
go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.
Cuardaigh >
Torthaí |
Teideal poist
Cur síos achomair
Gnáthriachtanais iontrála
Éileamh
Innealtóir Aerloingseoireacht
Oibríonn an tInnealtóir Aerloingseoireachta d’aerlínte. do dhéantúsóirí aerárthach. do chomhlachtaí léasúcháin aerárthaigh agus do chomhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cothabháil. deisiú agus forchóiriú aerárthaigh.
Eolaí Talmhaíochta
Bíonn i mbun gach gníomhaíocht a thagann faoi scáth an teidil Talmhaíocht agus i mbun an ghnó agus na seirbhísí a bhaineann leis an réimse sin.
Ainéistéisí
Is dochtúir cáilithe é/í Ainéistéisí le hoiliúint speisialaithe agus oibríonn sé/sí i rannóg máinliachta ospidéil. Cinntíonn an t-ainéistéisí go bhfuil othair ullmhaithe d’obráid. Go bhfuil siad compordach lena linn agus go ndéantar maoirseacht orthu ina dhiaidh.
Ceimiceoir Anailíseach
Déanann Ceimiceoirí Anailíseacha staidéar ar chomhdhéanamh beacht ábhair nádúrtha agus shaorga.
Forbróir Aipeanna - Android / iOS
Seandálaí
Cuardaíonn an Seandálaí eolas ar an am a chuaigh thart trí staidéar a dhéanamh ar dhéantáin ársa agus tochailt faoina gcoinne.
Réalteolaí
Déanann Réalteolaí staidéar ar spás agus ar an gcruinne agus déanann léarscáileanna díobh. ag úsáid eolais ó theileascóip agus shatailítí.
Speisialtóirí in Olltiomsú Sonraí
Oibríonn le bailiúcháin sonraí agus déanann anailís ar olltiomsú sonraí a fhaightear ón ríomhaire agus ó úsáideoirí an idirlín.
Bithcheimiceoir
Déanann an Bithcheimiceoir staidéar ar cheimic ainmhithe agus phlandaí agus anailís ar a gcealla agus ar a bhfíocháin.
Bitheolaí/Micribhitheolaí
Déanann an Bitheolaí/Micribhitheolaí staidéar agus anailís ar bheatha plandaí agus ainmhithe agus bailíonn siad eolas fúthu.
Eolaí Bithleighis
Déanann raon trialacha saotharlainne agus eolaíochta mar chuid den phróiseas diagnóisithe agus cóireála galar.
Innealtóir Talmhaíochta
Bíonn baint ag an Innealtóir Talmhaíochta le dearadh agus tógáil innealra talmhaíochta. córas agus foirgneamh.
Luibheolaí
Déanann staidéar ar chealla, ar éabhlóid, ar ghéin, agus ar speicis éagsúla plandaí. Déanann iniúchadh ar an gcaoi a bhfásann plandaí agus ar cá bhfásann siad agus ar an tionchar a bhíonn ag ceimiceáin agus galair ar na plandaí sin.
Anailísí Gnó
Dearann Anailísí Gnó córais ghnó agus déanann anailís orthu chun a n-éifeachtúlacht a optamú.
Sainchomhairleoir Gnó
Cuireann comhairle oibiachtúil, saineolas agus scileanna speisialtóireachta ar fáil dá gcliaint, ag féachaint le luach a chruthú sa ghnó, an leas is fearr a bhaint as an bhfás nó feabhas a chur ar fheidhmíocht an ghnó.
Innealtóir Ceimiceach
Déanann taighde, dearadh agus pleanáil ar phróisis a bhíonn in úsáid chun ceimiceáin a tháirgeadh.
Ceimiceoir
Déanann an Ceimiceoir taighde agus anailís ar ábhair agus ar dhéanmhas substaintí ceimiceacha.
Teicneoir Saotharlainne Ceimice
Cuireann an teicneoir saotharlainne ceimice cúnamh ar fháil don cheimiceoir. Cuireann an trealamh i bhfearas, ullmhaíonn agus déanann siad turgnaimh agus breacann siad síos torthaí.
Teicneolaí Dathanna
Déanann teicneolaithe dathanna taighde ar úsáid ruaimeanna agus dathanna, agus déanann iad a fhorbairt agus a tháirgeadh.
Innealtóireacht Ríomhaireachta agus Bogearraí
Déanann Innealtóirí Ríomhaireachta agus Bogearraí anailís ar chórais ríomhaireachta agus ar bhogearraí. agus déanann a leithéid a dhearadh agus a chruthú chomh maith.
Gníomhaire um Athrú Sonraí
Fiaclóir
Tugann an Fiaclóir cóireáil d’othair le fadhbanna agus galair bhéil agus fiacla.
Dochtúir
Déanann an Dochtúir scrúdaí ar dhaoine. tugann cóir leighis dóibh agus cuireann comhairle ar dhaoine tinne in ospidéal nó i lialann áitiúil.
Eacnamaí
Déanann an tEacnamaí anailís ar eolas airgeadais chun réamhaisnéis a thabhairt ar threochtaí eacnamaíochta na todhchaí.
Síceolaí Oideachais
Déanann an Síceolaí Oideachais measúnú ar pháistí le difríochtaí nó deacrachtaí foghlama.
Innealtóir - Rialú Leictreach
Déanann innealtóirí rialúcháin taighde, dearadh, forbairt agus bainistiú ar an trealamh a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar raon córas agus trealaimh.
Innealtóir Leictreachais
Oibríonn an tInnealtóir Leictreachais i dtimpeallachtaí tionsclaíocha. tráchtála agus teaghlaigh ag dearadh. ag suiteáil agus ag triail crua-earraí leictreacha.
Innealtóir - Fuinneamh
Oibríonn ar bhealaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó inbhuanaithe mar shampla fuinneamh gaoithe, cumhacht ghréine nó bithbhreoslaí, nó ó fhoinsí níos traidisiúnta mar shampla ola agus gás.
Innealtóir Comhshaoil
Bíonn innealtóirí comhshaoil ag díriú ar thionscadail a bhaineann le hacmhainní nádúrtha seachas tionscadail de dhéantús an duine agus tugann tús áite do chosaint agus caomhnú an chomhshaoil i ndearadh agus i bhforbairt tionscadail.
Sainhomhairleoir Sábháilteachta Bia
Ullmhaíonn agus soláthraíonn cúrsaí oiliúna do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí maidir leis na ceisteanna is déanaí a bhaineann le Bainistiú Sábháilte Bia.
Eolaí Bia
Déanann an tEolaí Bia anailís ar bhia agus ar éifeachtaí próiseála. reoite agus stórála bia.
Teicneolaí Bia
Bíonn teicneolaithe bia fostaithe in eagraíochtaí éagsúla san earnáil phoiblí agus phríobháideach mar shampla cuideachtaí déantúsaíochta bia agus cuideachtaí miondíola, eagraíochtaí lárnacha rialtais agus cumainn/cuideachtaí sainchomhairleoireachta speisialtóireachta taighde.
Eolaí Fóiréinseach
Scrúdaíonn an tEolaí Fóiréinseach ábhar a thógann na póilíní as láthair coire ag úsáid teicnící eolaíochta.
Ríomhchláraitheoir Ríomhchluichí
Baineann ríomhchláraitheoirí ríomhchluichí leas as na smaointe do choincheapa nua a bhí ag na dearthóirí ríomhchluichíochta chun cluichí a chruthú.
Tástálaí Ríomhchluichí
Déanann trialacha arís is arís eile ar ríomhchluichí chun a chinntiú nach bhfuil aon tuislí nó fabhtanna sna bogearraí nó i ndearadh na gcluichí.
Innealtóir Géiniteach
Déanann Innealtóirí Géiniteacha mionathrú ar DNA (na móilíní is bun le hábhar géineolaioch) orgánaigh chun saintréithe an orgánaigh sin a athrú.
Géineolaí
Déanann staidéar ar oidhreachtúlacht sainairíonna fisiceacha ainmhithe agus daoine daonna a fhaigheann siad le huacht óna dteaghlaigh agus óna bpobail.
Geolaí
Déanann an Geolaí staidéar ar na carraigeacha. mianraí agus na hiontaisí a dhéanann suas screamh an domhain.
Hoiméapat
Úsáideann an Hoiméapat leigheasann nádúrtha chun cóir leighis a thabhairt d’othair agus iad a leigheas.
Hidreolaí
Déanann staidéar ar ghluaiseacht, dáileadh agus cáilíocht an uisce in aibhneacha, locha agus aigéin, ag úsáid coincheapa éagsúla mar shampla an timthriall uisce.
Bainisteoir Tionscadail TF
Bainistíonn an Bainisteoir Tionscadail TF córais ríomhaireachta in eagraíocht agus déileálann le haon fhadhb a thagann chun cinn.
Speisialtóir Innealtóireachta TF
Insamhlaíonn an Speisialtóir seo fadhbanna i gcoinníollacha saotharlainne agus oibríonn ar réiteach a aimsiú.
Bainisteoir TF
Déanann an Bainisteoir TF maoirsiú agus bainistiú ar reáchtáil na rannóige ríomhaireachta.
Ríomheolaí
Baineann an ríomheolaíocht le dearadh agus ailtireacht ríomhairí, le forbairt ríomhchlár agus le tógáil éifeachtach córas. Tá an ríomheolaíocht nua-aimseartha ina bunchuid de gach gné den tionscal agus den ghnó agus tá sí ina bonn is taca le gach gné dár saol pearsanta freisin.
Bainisteoirí Córas Ríomhaireachta
Déanann an Bainisteoir Córas Ríomhaireachta pleanáil. stiúradh nó comhordú ar ghníomhaíochtaí i réimsí amhail próiseáil sonraí leictreonacha. córais faisnéise. anailís chóras agus ríomhchlárú.
Anailísí Córas TF
Déanann Anailísí Córas TF anailís ar riachtanais úsáideoirí deiridh ríomhairí agus scríobhann tuairiscí do ríomhchláraitheoirí agus do theicneoirí.
Ríomhchláraitheoir Ríomhclár/Anailísí Ríomhaireachta
Scríobhann an Ríomhchláraitheoir Ríomhchlár Feidhmchláir Bogearraí do ríomhairí. déanann eagarthóireacht orthu agus athraíonn iad de réir mar is gá.
Oifigeach i Saotharlann Eolaíochta Leighis
Déanann an tOifigeach seo triail agus tástáil eolaíochta i saotharlann leighis.
Teicneoir / Cúntóir Saotharlainne
Oibríonn an Teicneoir/Cúintóir Saotharlainne i saotharlann ag cabhrú le foirne eolaíochta agus teicniúla le dualgais laethúla.
Tacaíocht Pleanála Baile
Déanann obair riaracháin agus theicniúil a chuidíonn múnlú a dhéanamh ar phobail áitiúla. Áiríonn seo obair ar dhearadh sráidbhaile nó forbairtí d’fhoirgnimh chathrach, leagan amach do bhóithre nua nó beartais chomhshaoil.
Eolaí Tírdhreacha
Baineann eolaithe tírdhreacha úsáid as a saineolas eolaíochta chun fadhbanna praiticiúla tírdhreacha a réiteach agus a chosc.
Eolaí Muirí
Déanann an tEolaí Muirí staidéar ar fharraigí agus ar an mbealach ina n-idirghníomhaíonn siad leis an domhan agus an atmaisféar. Úsáideann siad a n-eolas chun úsáid a bhaint as acmhainní muirí agus damáiste don chomhshaol a íoslaghdú.
Taighdeoir Margaidh
Déanann an Taighdeoir Margaidh suirbhéanna trí agallaimh a chur ar dhaoine go pearsanta agus ar an teileafón.
Matamaiticeoir
Úsáideann an Matamaiticeoir matamaitic chun fadhbanna a réiteach i dtionscail. i dtráchtáil agus i dteicneolaíocht.
Innealtóir Meicniúil
Comhlíonann an tInnealtóir Meicniúil dualgais innealtóireachta i bpleanáil agus i ndearadh uirlisí. innill. meaisíní agus trealaimh mheicniúil eile. Déanann sé/sí maoirsiú ar shuiteáil. oibriú. ar chothabháil agus ar dheisiú trealaimh amhail córas láraithe teasa. gáis. uisce agus gaile.
Taighdeoir Meán
Meitéareolaí
Déanann an Meitéaraolaí an aimsir agus córais aimsire a staidéar chun réamhaisnéis a thabhairt ar choinníollacha aimsire sa todhchaí.
Micribhitheolaí
Déanann Micribheitheolaí staidéar agus taighde ar mhicrea-orgánaigh amhail baictéir agus algaí.
Bitheolaí Móilíneach
Déanann taighde ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn roinnt córas sa chill, mar shampla idirghníomhaíocht idir DNA, RNA agus bithshintéis próitéin.
Nádúrapat
Cuireann cineálacha malartacha cúraim sláinte ar fáil don phobal.
Néareolaí
Déanann staidéar ar an néarchóras, agus cleachtann diagnóis agus cóireáil na ngalar bainteach.
Gínéiceolaí
Sainfheidhmíonn an Gínéiceolaí i gcóir leighis agus comhairle a thabhairt do mhná maidir le ceisteanna faoi shláinte. faoi thoircheas agus faoi bhreith linbh.
Aigéaneolaí
Déanann Aigéaneolaí staidéar ar aigéin agus fharraigí an domhain. ar an gcaoi a n-oibríonn siad agus ar a ndéanann siad.
Oftailmeolaí
Dochtúir láncháilithe leighis le speisialtóireacht i gceartú radhairc agus a oibríonn ar gach cineáil máchail, galar agus neamhrod súl.
Ortódóntóir
Cuireann cóireáil fiaclóireachta ar othair le fiacla atá mí-ailínithe trí úsáid a bhaint as coinneálaithe fiacla.
Ortoptach
Déanann diagnóisiú agus cóireáil ar dheacrachtaí le gluaiseacht súl.
Oistéapat
Tugann Oistéapat cóireáil do dhaoine le gortuithe ag baint leis an droim. muineál nó le géag. ag úsáid suathaireachta.
Péidiatraí
Is Dochtúir é/í an Péidiatraí a speisialaíonn i gcóir leighis do pháistí agus leanaí nuabheirthe.
Paiteolaí
Déanann an Paiteolaí scrúdú agus staidéar ar na cúiseanna le galair agus tinnis éagsúla. agus a n-éifeachtaí.
Cógaiseoir
Oibríonn an Cógaiseoir i gcógaslann ag ullmhú cógas agus ag tabhairt comhairle do dhaoine maidir leis an gcóir leighis is oiriúnaí.
Cógaseolaí
Déanann an Cógaseolaí staidéar ar na héifeachtaí ag ceimicí agus cóireálacha leighis ar ainmhithe agus ar dhaoine.
Fisiceoir
Déanann an Fisiceoir staidéar ar cháilíochtaí ábhar agus déanann anailís ar fhoirmeacha fuinnimh agus a n-éifeachtaí ar an domhan.
Pleanálaí Baile agus Tuaithe
Déanann an Pleanála Baile /Tuaithe taighde ar fhorbairt bailte agus ceantair tuaithe sa todhchaí agus cabhraíonn lena bplenáil
Coslia
Speisialaíonn an Coslia i gcúram agus i gcóireáil ionfhabhtuithe agus ghalair na gcos.
Taighdeoir Polaitíochta
Déanann taighdeoirí polaitíochta taighde do Bhaill den Dáil (Teachtaí Dála), do pháirtithe polaitíochta nó d’institiúidí taighde.
Innealtóireacht Cheimiceach & Phróiseas
Tá innealtóirí próiseála gléasra ceimiceach freagrach as córais ard-uathoibríocha a rialaíonn gléasra ceimiceach.
Síciatraí
Oibríonn an Síciatraí le daoine a bhfuil tinneas nó easláinte shíceolaíoch acu agus cuireann cóireáil ar fáil dóibh.
Tástálaí Rialú Cáilíochta
Seiceálann an Tástálaí seo caighdeán táirgí nuadhéanta ag déanamh measúnaithe orthu ó thaobh fabhtanna agus lochtanna de.
Raideolaí - Diagnóiseach
Is dochtúirí iad raideolaithe. Déanann siad scrúdú agus diagnóisiú ar neamhoird agus ar ghalair ag úsáid x-ghathanna agus ábhair radaighníomhacha agus féadfaidh siad cóireáil a chur ar othair.
Raideolaí Cliniciúil/Oineolaíocht
Déanann speisialú i gcóireáil a chur ar othair le hailse ag úsáid teiripe radaíochta (x-ghathanna ard-fhuinnimh a úsáid chun cealla ailse a mharú).
Reifléacseolaí
Baineann reifléacseolaí úsáid as teicnící brúphointí sa chos a chomhfhreagraíonn do gach orgán agus córas sa chorp, chun cuidiú le hothair teacht aniar ó ghortuithe agus tinnis fhisiceacha agus ar mhaithe le folláine ghinearálta an othair.
Síceolaí
Cabhraíonn an Síceolaí le daoine a bhfuil mearbhall meabhair nó mothúchánach orthu feabhas a chur ar a meabhairshláinte.
Eolaí (fisicí)
Déanann an tEolaí (fisicí) taighde ar fheiniméin fhisiceacha. forbraíonn teoiricí agus dlíthe ar bhunús breathnaithe agus tástála. agus ceapann modhanna chun dlíthe agus teoiricí a chur i bhfeidhm i dtionscal agus réimsí eile.
Socheolaí/Taighdeoir Socheolaíochta
Déanann staidéar ar an tsochaí dhaonna agus ar iompraíocht shóisialta trí scrúdú a dhéanamh ar ghrúpaí agus ar institiúidí sóisialta, chomh maith le heagraíochtaí éagsúla sóisialta, reiligiúnda, polaitiúla agus gnó.
Innealtóir bogearraí
Forbraíonn. cruthaíonn agus déanann an tInnealtóir Bogearraí mionathruithe ar bhogearraí feidhmchláir ríomhaire ginearálta nó ar shainchláir áirge.
Síceolaí Spóirt
Cuireann i bhfeidhm a bhfuil ar eolas faoi chúrsaí síceolaíochta, i suíomh spóirt, chun cabhrú le lúthchleasaithe, cóitseálaithe agus foirne spóirt barr a gcumais a bhaint amach.
Eolaí Spóirt
Oibríonn le cliaint chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht spóirt agus a sláinte ghinearálta ag úsáid an eolais atá acu ar fhiseolaíocht, ar bhithmheicnic agus ar shíceolaíocht.
Innealtóir Foirgníochta
Dearann an tInnealtóir Foirgníochta agus déanann maoirseacht ar thógáil sábháilte struchtúr amhail droichid. staidiamaí agus foirgnimh mhóra.
Anailísí Slabhra Soláthair
Oibríonn chun feabhas a chur ar phróisis an tslabhra soláthair i réimsí amhail déantúsaíocht, miondíol agus lóistíocht.
Máinlia
Dochtúir cáilithe leighis le speisialtóireacht sa mháinliacht d’othair le galar nó riocht meathlúcháin.
Máinlia Béil
Cuireann cúram máinliachta ar fáil d’fhiacla, don ghiall agus do chnámha na haghaidhe.
Innealtóir Teileachumarsáide
Oibríonn an tInnealtóir Teileachumarsáide ar na cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí a chuireann ar ár gcumas cumarsáid a dhéanamh thar achar fada. córais satailíte agus chábla. fóin phóca. radathonnta. an tIdirlíon agus ríomhphost san áireamh.
Eagarthóir Tarchurtha
Innealtóir Pleanála
Bíonn an tInnealtóir Pleanála freagrach as na roghanna do bhealach nua a chur chun tosaigh ó thaobh teicniúlachta agus praiticiúlachta de. agus téann i gcomhairle agus buaileann le grúpaí a bhfuil suim acu ann.
Tréidlia
Déanann an Tréidlia scrúdú ar gach cineál ainmhí tinn agus gortaithe. déanann cóireáil orthu agus tugann comhairle maidir le sláinte agus leas ainmhithe.
Innealtóir - Uisce
Oibríonn innealtóirí uisce ar thionscadail amhail scéimeanna cosanta tuillte agus cláir feabhsúcháin séarachais ag gach céim dá bhforbairt agus dá gcur i bhfeidhm.
Síceolaí Gairme
Cuireann i bhfeidhm prionsabail na síceolaíochta i réimsí na n-acmhainní daonna, an riaracháin, na bainistíochta, agus na margaíochta in eagraíocht.
Zú-eolaí
Déanann staidéar ar iompraíocht, ar fhiseolaíocht, ar éabhlóid agus ar aicmiú ainmhithe.