Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Dréachtóir Déanann an Dréachtóir líníochtaí sonraithe de réir scála d’fhoirgnimh bheartaithe.
Maintín Déanann Maintín gach cineál gúnaí agus sciortaí trí éadach a thomhas. a ghearradh agus a fhuáil.
Teagascóir Tiomána Múineann an Teagascóir Tiomána do dhaoine conas tiomáint go sábháilte agus de réir rialacha an bhóthair.
Bainisteoir Glantacháin Tirim
Múinteoirí Oideachais Bunscoile & Naíonra Teagascann Múinteoirí Oideachais Bunscoile agus Naíonra scileanna bunúsacha acadúla agus sóisialta do mhic léinn i scoileanna poiblí nó príobháideacha ag an leibhéal bunscoile. chomh maith le scileanna múnlaitheacha eile.
Eacnamaí Déanann an tEacnamaí anailís ar eolas airgeadais chun réamhaisnéis a thabhairt ar threochtaí eacnamaíochta na todhchaí.
Síceolaí Oideachais Déanann an Síceolaí Oideachais measúnú ar pháistí le difríochtaí nó deacrachtaí foghlama.
Innealtóir - Rialú Leictreach Déanann innealtóirí rialúcháin taighde, dearadh, forbairt agus bainistiú ar an trealamh a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar raon córas agus trealaimh.
Innealtóir Leictreachais Oibríonn an tInnealtóir Leictreachais i dtimpeallachtaí tionsclaíocha. tráchtála agus teaghlaigh ag dearadh. ag suiteáil agus ag triail crua-earraí leictreacha.
Leictreoir Suiteálann agus deisíonn sreangú leictreach agus ceanglaíonn é le cumhacht i ngach cineál foirgneamh.
Cóimeálaithe Trealaimh Leictreonaice Oibríonn Cóimeálaithe Trealaimh ar líne tháirgthe i monarcha ag cur trealamh leictreonach le chéile de láimh.
Innealtóir Seirbhíse Leictreonaice Déanann innealtóirí seirbhíse teilifíse trealamh teilifíse, raidió agus físeáin a dheisiú.
Innealtóir - Fuinneamh Oibríonn ar bhealaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó inbhuanaithe mar shampla fuinneamh gaoithe, cumhacht ghréine nó bithbhreoslaí, nó ó fhoinsí níos traidisiúnta mar shampla ola agus gás.
Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta Cabhraíonn an Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta le hinnealtóirí agus le hailtirí tógáil struchtúr amhail droichid. bóithre agus iarnróid a eagrú.
Teicneoir Innealtóireachta Aimsíonn an Teicneoir Innealtóireachta agus réitíonn mífheidhmeanna trealaimh. ag obair le déantúsóirí agus le hionadaithe réimse nuair is gá chun páirteanna nua a fháil.
Teicneoir Innealtóireachta - Leictreonaic Cuireann teicneoirí innealtóireachta leictreonaice tacaíocht ar fáil d’innealtóirí sa taighde, dearadh, forbairt agus cothabháil a dhéantar ar raon táirgí leictreonacha.
Bainisteoir Siamsaíochta/Spóirt Déanann an Bainisteoir Siamsaíochta/Spóirt eagrú. bainistíocht agus riarachán ar gach ócáid a bhaineann le siamsaíocht agus spórt.
Innealtóir Comhshaoil Bíonn innealtóirí comhshaoil ag díriú ar thionscadail a bhaineann le hacmhainní nádúrtha seachas tionscadail de dhéantús an duine agus tugann tús áite do chosaint agus caomhnú an chomhshaoil i ndearadh agus i bhforbairt tionscadail.
Oifigeach Sláinte Comhshaoil Déanann an tOifigeach Sláinte Comhshaoil imscrúdú ar ar chaighdeáin sláinte agus sláinteachais sa phobal.
Oifigeach Comhshaoil Déanann monatóireacht ar an tionchar ar an gcomhshaol a bheadh ag táirgí agus próisis éagsúla eagraíochta. D’fhéadfadh bheith ag plé go díreach le córas bainistithe comhshaoil a rith.
Eolaí Comhshaoil Déanann staidéar ar thionchar gníomhaíochtaí daonna ar an gcomhshaol trí thástálacha a dhéanamh agus trí anailís a dhéanamh ar shonraí.
Teicneolaí Comhshaoil Déanann an Teicneolaí Comhshaoil obair cháilíochta chomhshaoil i suíomh oifige agus lasmuigh den oifig.
Gníomhaire Eastáit Eagraíonn an Gníomhaire Eastáit díolachán nó cíos réadmhaoine cónaithe agus tráchtála.
Comhordaitheoir Imeachtaí Comhdhála/Cóisire Déanann pleanáil agus reáchtáil ar imeachtaí speisialta in ionad do chliaint – mar shampla cruinnithe beaga, comhdhálacha nó seimineáir mhóra seachtaine, bainisí, cóisirí corparáideacha nó ócáidí teaghlaigh.
Príomhchócaire Oibríonn an Príomhchócaire i gcistin ag ullmhú bia. ag eagrú soláthair agus ag maoirseacht foirne.
Teagascóir Gleacaíochta agus Sláinte Traenálann an Teagascóir seo agus cuireann comhairle ar dhaoine maidir le sláinte agus folláine ag úsáid teicnící éagsúla traenála.
Oibrí Faiche Aonaigh Déanann oibrithe faiche aonaigh maoirseacht ar mharcaíochtaí, ar sheónna agus ar mheaisíní cluichí. Bíonn siad i mbun an trealamh a bhaint as a chéile agus a chur in airde ag aonaigh éagsúla de réir mar a bhogtar ó áit go háit.
Bainisteoir Feirme Déanann an Bainisteoir Feirme maoirsiú agus bainistiú ar fheidhmiú na feirme.
Oibrí Feirme Bíonn oibrithe feirme i mbun dualgais ghinearálta a bhaineann le feirm a rith.
Feirmeoir Oibríonn ar fheirm ag tabhairt cabhrach don fheirmeoir nó do bhainisteoir na feirme lena an gcaoi a reáchtáiltear an fheirm.
Feirmeoir - Stoc Tirim
Crúdóir Sainfheidhmíonn an Crúdóir i ndéanamh agus feistis crúite capaill.
Dearthóir Faisin Dearann agus cruthaíonn an Déarthóir Faisin gach cineál éadaigh agus gabhálais faisin.
Mainicín Oibríonn an Mainicín sna tionscail faisin agus fógraíochta ag mainicíneacht éadaigh. cosmaidí agus táirgí eile.
Stílí Faisin Oibríonn stílithe faisin do dhaoine aonair, do chomhlachtaí faisin nó do bhrandaí éadaí.
Teicneolaí Faisean
Cléireach Comhdúcháin/Taifead Coinníonn an Cléireach Comhdúcháin/Taifead taifid d’ábhar a comhdaíodh nó a baineadh amach ag úsáid logleabhar nó ríomhairí agus cruthaíonn taifid nua nuair is gá.
Eagarthóir Scannán/Fístéipe Cuireann an tEagarthóir Scannán/Fístéipe eagar ar agus phíosaí scannáin réamhthaifeadta agus ullmhaíonn iad le haghaidh scannáin nó físe.
Bainisteoir Léiriúcháin Scannán Cabhraíonn an Bainisteoir Léiriúcháin Scannán le léiritheoir. ag maoirsiú agus ag bainistiú léiriúcháin scannán. teilifíse nó stáitse.
Comhairleoir Airgeadais Cuireann an Comhairleoir Airgeadais comhairle ar dhaoine maidir le conas an t-uasmhéid a fháil as an airgead a thuilleann siad agus a gcoigiltis airgeadais.
Déileálaí Airgeadais Bíonn an Déileálaí Airgeadais freagrach as seiceáil margaidh airgid a dhéanamh gach lá agus teagmháil a dhéanamh le custaiméirí maidir le gluaiseachtaí sa mhargadh.
Ealaiontóir Cruthaíonn ealaíontóir saothair ealaíne, mar shampla péintéireachtaí, dealbha, mósáic nó grianghraif.
Oifigeach Dóiteáin Bíonn an tOifigeach Dóiteáin freagrach as bainistiú laethúil na seirbhíse dóiteáin.
Comhraiceoir Dóiteáin Freagraíonn an Comhraiceoir Dóiteáin glaonna éigeandála do gach cineál timpiste agus tubaiste. tinte san áireamh.
An Chéad Stiúrthóir Cúnta - Teilifís / Scannán
Bainisteoir Feirme Éisc Déanann an Bainisteoir Feirme Éisc maoirsiú agus bainistiú ar fheidhmiú feirme éisc.
Iascaire Oibríonn Iascaire ar thrálaer ar an bhfarraige. ag gabháil gach cineáil éisc agus sliogéisc agus á dtabhairt i dtír.
Ceannaí Éisc Ceannaíonn éisc ar bhonn mórdhíola agus ullmhaíonn iad chun iad a dhíol ar bhonn miondíola.
Teagascóir Aeraclaíochta Teagascann an Teagascóiir seo modhanna corpacmhainne aeróbacha agus anaeróbacha le ceol. chomh maith le hoiliúint a thabhairt iontu agus iad a thaispeáint.
Feisteoir Deisíonn. seirbhísíonn agus déanann an Feisteoir cothabháil ar innealra tionsclaíochta.
Bainisteoir Urlár - Teilifís / Scannán
Bláthadóir Eagraíonn agus dearann an Bláthadóir taispeántais agus crobhaingí bláthanna ag úsáid bláthanna agus plandaí.
Ullmhaitheoir Bia Cabhraíonn an tUllmhaitheoir Bia in ullmhú bia i gcistin. i mbialann. in óstán srl.
Sainhomhairleoir Sábháilteachta Bia Ullmhaíonn agus soláthraíonn cúrsaí oiliúna do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí maidir leis na ceisteanna is déanaí a bhaineann le Bainistiú Sábháilte Bia.
Eolaí Bia Déanann an tEolaí Bia anailís ar bhia agus ar éifeachtaí próiseála. reoite agus stórála bia.
Teicneolaí Bia Bíonn teicneolaithe bia fostaithe in eagraíochtaí éagsúla san earnáil phoiblí agus phríobháideach mar shampla cuideachtaí déantúsaíochta bia agus cuideachtaí miondíola, eagraíochtaí lárnacha rialtais agus cumainn/cuideachtaí sainchomhairleoireachta speisialtóireachta taighde.
Eolaí Fóiréinseach Scrúdaíonn an tEolaí Fóiréinseach ábhar a thógann na póilíní as láthair coire ag úsáid teicnící eolaíochta.
Foraoiseoir - Gairmiúil Bíonn i bhfeighil fáschoillte foraoise a bhainistiú, a chothabháil agus a chur.
Oibrí Foraoise Oibríonn an tOibrí Foraoise i bhforaois ag cabhrú leis an Oifigeach Foraoise i gcothabháil na foraoise.
Oibrí Forcardaitheora Oibríonn i bhfeithicil forcardaitheora chun earraí troma a bhogadh thart.
Seoltóir Lastais / Gníomhaire Loingseoireachta
Bainisteoir Sóisearach Oifige Tosaigh Déanann an Bainisteoir Sóisearach Oifige Tosaigh maoirsiú ar obair fostaithe riaracháin oifige nó seirbhíse chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí le caighdeáin cháilíochta. le spriocdhátaí agus le nósanna imeachta cearta.
Cuntasóir Ciste Ullmhaíonn an Cuntasóir Ciste imréiteach cuntais bhainc. déileálann le haistriú airgid. bannaí agus socruithe gnathscaire.
Riarthóir Ciste Bainistíonn Riarthóir Ciste praghsanna cistí agus freagraíonn do phraghsanna margaidh go laethúil.
Dearthóir/Déantóir Troscáin Cruthaíonn coincheapa agus dearthaí do throscán spéisiúil, aestéitiúil agus feidhmiúil agus na táirgí bainteacha chun iad a dhíol le siopaí miondíola troscán.
Dearthóir Ríomhchluichí Smaoineann ar choincheapa nua le haghaidh ríomhchluichí, agus déanann roghanna maidir le dearadh i bhforbairt na gcluichí sin chun feabhas a chur ar thaithí an imreora.
Ríomhchláraitheoir Ríomhchluichí Baineann ríomhchláraitheoirí ríomhchluichí leas as na smaointe do choincheapa nua a bhí ag na dearthóirí ríomhchluichíochta chun cluichí a chruthú.
Tástálaí Ríomhchluichí Déanann trialacha arís is arís eile ar ríomhchluichí chun a chinntiú nach bhfuil aon tuislí nó fabhtanna sna bogearraí nó i ndearadh na gcluichí.
Garda Coinníonn an Garda riail agus reacht mar bhall den Garda Síochána i bPoblacht na hÉireann.
Garda- Bleachtaire is Cigire Déanann imscrúduithe chun coireanna a chosc agus chun cásanna coiriúla a réiteach.
Cúltaca an Gharda Is é feidhm Chúltaca an Gharda Síochána tacú le hacmhainní na nGardaí.
Comhairleoir in Ionad Garraíodóireachta Soláthraíonn an Comhairleoir in ionad Garraíodóireachta comhairle bhunúsach ghortóireachta agus gharraíodóireachta do chustaiméirí miondíola.
Garraíodóir Oibrínn an Garraíodóir i ngairdín ag fás agus ag déanamh cúraim de phlandaí. de chrainn agus de thorthaí.
Bainisteoir Ginearálta Feidhmeannach gnó é an bainisteoir ginearálta a dhéanann maoirseacht ar chuideachta nó ar eagraíocht ag feidhmiú i ról margaíochta agus díolacháin, agus a bhíonn i mbun gnáthghníomhaíochtaí eile gnó.
Óstán - Bainisteoir Ginearálta Bíonn an Bainisteoir Ginearálta freagrach as feidhmiú an óstáin. comhordú iarrachtaí foirne. tuilleadh gnó a fháil agus costais a rialú.
Altra – Ginearálta Oibríonn an tAltra Ginearálta in ospidéal nó i gclinic ag déanamh cúraim d’othair agus ag cabhrú le dochtúirí agus máinlianna.
Oibrí Tógála Ginearálta Oibríonn an tOibrí Tógála Ginearálta ar shuímh thógála agus oibríonn trealamh gléasra amhail dumpairí agus tochaltóirí.
Innealtóir Géiniteach Déanann Innealtóirí Géiniteacha mionathrú ar DNA (na móilíní is bun le hábhar géineolaioch) orgánaigh chun saintréithe an orgánaigh sin a athrú.
Géineolaí Déanann staidéar ar oidhreachtúlacht sainairíonna fisiceacha ainmhithe agus daoine daonna a fhaigheann siad le huacht óna dteaghlaigh agus óna bpobail.
Geolaí Déanann an Geolaí staidéar ar na carraigeacha. mianraí agus na hiontaisí a dhéanann suas screamh an domhain.
Déantóir Gloine Déanann an Déantóir Gloine gach cineál gloine le haghaidh fuinneog. buidéal. maisiúchán agus soithigh óil.
Gloineadóir / Snoíodóir Cloiche Gearrann agus feistíonn an Gloineadóir/Sníodóir Cloiche gloine. Tomhaiseann siad an t-achar atá le glónrú. gearrann siad an ghloine agus ansin cuireann siad an ghloine in áit.
Ealaíontóir Grafach Dearann an tEalaíontóir Grafach grafaicí le húsáid sna meáin agus i dtáirgí ilmheáin amhail irisí. lipéid. CD-ROManna. fógraí agus comharthaí.
Coimeádaí Páirce Déanann an Coimeádaí Páirce cúram de pháirceanna spóirt agus d’airéiní amuigh faoin aer amhail galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige.
Abhcóide treorach
Gairmthreoraí - Oideachas d'Aosaigh Cuireann eolas agus treoir ar fáil maidir le deiseanna oideachais, oiliúna agus oibre do ghrúpaí imeallaithe mar shampla daoine dífhostaithe nó daoine faoi mhíchumas agus rannpháirtithe ar chúrsaí VTOS, ar chláir litearthachta do dhaoine fásta agus ar chláir oideachais pobail.
Gairmthreoraí Tugann an Gairmthreoraí treoir agus comhairle do dhaoine óga agus iad ag roghnú slí bheatha.
Comhairleoir Treorach Príobháideach
Speisialtóir Gruaige & Scalp
Gruaigeadóir Oibríonn an Gruaigeadóir i siopa gruagaire. ag ní. ag gearradh agus ag stíleáil gruaige.
Máistir an Chuain Tá sé/sí freagrach as sábháilteacht, timpeallacht, slándáil agus seoladh slán earraí trína gcalafoirt. Déanann maoirseacht ar líon mór árthach a thagann isteach sa chalafort.
Speisialtóir Dramhaíola Guaisí Sainfheidhmíonn an Speisialtóir seo i ndearadh. i gcóireáil agus i ndiúscairt ábhair ghuaiseacha a úsáidtear i dtionscail.
Grúdaire Comhordaíonn. pleanálann agus reáchtálann Grúdaire an próiseas iomlán i ndéanamh beorach.
Baincéir Corparáideach
Ceann Acmhainní Daonna - Seirbhísí airgeadais
Bainisteoir Sláinte agus Sábháilteachta Bíonn an Bainisteoir Sláinte agus Sábháilteachta freagrach as measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tionscadail agus cásanna a aithint ina bhfuil seans nach gcomhlíonfaidh an dearadh na cóid chleachtais riachtanacha.
Cúntóir Cúram Leanaí
Cúntóir Altranais/Cúraim Sláinte Oibríonn cúntóirí cúraim sláinte in ospidéal nó sa phobal faoi threoir gairmí cháilithe cúraim sláinte.
Oibrí/Úinéir Feithicilí Earraí Troma Baineann gnó iompair leis an Úinéir Feithiclí Earraí Troma agus oibríonn siad é.
Tiománaí Feithiclí Earraí Troma Bíonn na tiománaí seo freagrach as seachadadh agus bailiúchán earraí ar fud na hÉireann. na Ríochtat Aonaithe agus ar an mór-roinn.

 Leathanach taispeána 3 de 7 leathanaigh