Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Clódóir Oibríonn an Clódóir le trealamh clódóireachta ag forbairt teicnící agus próisis chlódóireachta.
Oifigeach Príosúin Soláthraíonn an tOifigeach Príosúin sábháilteacht i bpríosún nó ionad coinneála agus déanann maoirseacht ar áitritheoirí.
Radagrafaí - Diagnóiseach Baineann radagrafaithe diagnóiseacha úsáid as trealamh raideolaíoch, X-ghathú nó ultrafhuaim san áireamh. Glacann siad ghrianghraif de chodanna den chorp áit a meastar ar tharla tinneas nó gortú.
Radagrafaí Leighis Déanann an Radagrafaí Leighis athbhreithniú agus luacháil ar x-ghathanna leighis. ar fhístéipeanna nó ar eolas ríomhghinte chun dearbhú cé acu an bhfuil na híomhánna sásúil le haghaidh úsáide i ndiagnóis nó nach bhfuil.
Ceardaí Cuisniúcháin Suiteálann agus deisíonn an Ceardaí Cuisniúcháin córais chuisniúcháin agus aerchóiriúcháin i bhfoirgnimh tís agus tráchtála.
Oibrithe Bóthair/Pábhála/Asfailt Bíonn i bhfeighil trealaimh a úsáidtear chun coincréit, asfalt nó ábhair eile a chur ar bhóithre, ar dhromchla carrchlóis, ar rúidbhealaí aerfoirt nó i mbun an trealaimh chun sacadh a dhéanamh ar ghairbhéal, ar shalachar nó ar ábhair eile.
Fámaire Feidhmíonn mar bhall d’fhoireann oibrithe ar shaoráidí amuigh ón gcósta – mar shampla ar rige ola nó ar ardán druileála.
Scafallóir Tógann Scafallóir struchtúir scafaill ar shuímh thógála agus ag ócáidí amuigh faoin aer ag úsáid píopaí miotail agus cuaillí.
Garda Slándála Cuidíonn an Garda Slándala a chinntiú go bhfuil áitribh agus gnóthaí ina n-áiteanna sábháilte.
Oibrí innill fuála Oibríonn an tOibrí Innill Fuála le táilliúir nó i monarcha éadaigh ag fuáil éadach réamhghearrtha le chéile chun baill éadaigh de gach cineál a dhéanamh.
Oibrí Leathánmhiotail/Plátóir Gearrann an tOibrí Leathánmhiotail/Plátóir painéil mhiotail. cuireann cruth orthu agus feistíonn gluaisteáin agus innealra ag úsáid leathán miotail.
Scríbhneoir Comharthaí/Déantóir Comharthaí Déanann scríbhneoirí comharthaí dearadh agus táirgeadh ar chomharthaí d’úsáidí éagsúla mar shampla gnó tionsclaíocha agus tráchtála chomh maith le feithiclí agus comharthaí bóthair.
Teicneoir Suímh Cabhraíonn an Teicneoir Suímh le reáchtáil suímh thógála trí mhonatóireacht a dhéanamh ar chonraitheoirí. comhairle a thabhairt maidir le húsáid teicneolaíochta. agus tuairisciú leis an ngníomhaire suímh.
Slinneadóir/Tíleoir Dín Suiteálann. feistíonn agus deisíonn an Slinneadóir/Tíleoir Dín díonta ag úsáid tíleanna adhmaid. feilte agus slinne.
Gairmí Spóirt Iomaíocht i spórt mar Peil Ghaelach. Rugbaí. Leadóg. nó Galf
Cruachfhosaitheoir Oibríonn an Cruachfhosaitheoir le barraí agus stíoróipí cruacha a bhíonn de dhíth in ullmhúchán cruaiche a úsáidtear le haghaidh coincréit threisithe.
Saor Cloiche Bíonn ag obair le cloch chun ballaí, urláir, cosáin agus struchtúir chloiche eile a dhéanamh.
Éachtóir Seasann an tÉachtóir isteach mar leathchúpla d’aisteoir chun éachtaí dainséaracha a dhéanamh i scannán nó i gclár teilifíse.
Suirbhéir Déanann Suirbhéir suirbhé ar gach cineál réadmhaoine agus acmhainn nádúrtha amhail foirgnimh. talamh agus an fharraige.
Suirbhéir. Tógála/Mianadóireachta Déanann an Suirbhéir Tógála/Mianadóireachta measúnú ar na deisiúcháin agus athruithe atá ag teastáil ar gach cineál foirgneamh agus struchtúr.
Suirbhéir Árachais Déanann an Suirbhéir Árachais suirbhéireacht ar fhoirgnimh nó ar struchtúir chun a rioscaí árachais a mheasúnú agus molann réamhchúraimí sábháilteachta.
Suibhéir - Mianraí/Mianadóireacht Déanann suirbhéirí mianraí/mianadóireachta mapáil ar mhianraí fosaithe. I measc na ndualgas atá orthu déanann siad meas ar an luach a d’fhéadfadh baint leis an bhfosú mianraí, agus déanann bainistiú agus forbairt ar mhianaigh.
Táilliúir Dearann. tomhaiseann agus gearrann an Táilliúr éadach do bhaill éadaigh amhail cultacha. léinte agus cótaí móra.
Tiománaí Tacsaí Bailíonn custaiméirí agus tugann iad chuig a gceann scríbe i bhfeithicil.
Gníomhaire Seirbhíse Teicniúla Soláthraíonn an Gníomhaire seo tacaíocht theicniúil agus traenáil do chustaiméirí a cheannaíonn táirgí teicniúla.
Tuíodóir Clúdaíonn tuíodóirí díonta tí, tithe tábhairne, sciobóil etc. le giolcacha nó tuí ionas go mbeidh na díonta uice-dhíonach.
Giolla Stáitse Ullmhaíonn an giolla stáitse an stáitse don léiriú/taibhiú, cuidíonn frapaí a bhogadh timpeall agus nithe a bhaint den stáitse i ndiaidh an léirithe.
Tíleoir/Feisteoir Urláir/Balla Leagan an Tíleoir/Feisteoir Urláir/Balla amach tíleanna. déanann marcáil ar línte greille agus leibhéalann línte tagartha agus bataí tíleála. Bíonn feistiú tíleanna ceirmeacha ar bhallaí. urláir agus ar chéimeanna i gceist chomh maith.
Uirliseoir Déanann an tUirliseoir uirlisí speisialta le húsáid i monarchana agus i gceardlanna ag úsáid innealra beacht.
Maor Tráchta Cuireann an Maor Tráchta dlíthe maidir le trácht agus páirceáil i bhfeidhm agus déanann seiceanna le haghaidh sonraí cánach agus árachais.
Tiománaí Traenach Bíonn an Tiománaí Traenach fostaithe le cuideachtaí iompair chun traenacha paisinéirí nó lastais a thiomáint.
Cumhdaitheoir Clúdaíonn. deisíonn agus athnuachan an Cumhdaitheoir troscán ag úsáid spriongaí. ábhar stuála agus fabraicí.
Tiománaí Veain Déanann trealamh, postas nó earraí a iompar agus cuidíonn le lastú agus dílastú feithiclí.
Deisitheoir Creatlach Feithicle/Buailteoir Painéil Déanann an Deisitheoir Creatlach Feithicle/Buailteoir Painéil obair dheisiúcháin agus athnuachana ar cháblaí gluaisteáin damáistithe i dtimpistí.
Stórthóirí Cabhraíonn Stórthóirí i ngníomhaíochtaí laethúla trádstórais.
Táthú
Déantóir wig
Meaisíneoir Adhmaid Úsáideann an Meaisíneoir Adhmaid meaisíní speisialta chun píosaí adhmaid a ghearradh agus cruth a chur orthu le húsáid i ndéanamh troscáin. doirse agus fuinneog.

 Leathanach taispeána 2 de 2 leathanaigh