Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Meicneoir/Innealtóir Aerárthaí Déanann an Meicneoir/tInnealtóir Aerárthaí deisiúcháin. seiceanna sábháilteachta agus cothabháil ar aerárthaigh.
Rialathóír Aerthráchta Maor tráchta na spéartha atá sa Rialtóir Aerthráchta. atá freagrach as comhordú agus stiúradh na n-aerárthach ar bhealaí eitilte.
Dalta san Aerchór Liostálann an Dalta seo san Aerchór chun oiliúint a fháil mar phíolóta ag eitilt gnáthaerárthach agus aerárthach comhraic.
Printíseach san Aerchór Bíonn Printíseach san Aerchór fostaithe le hAerchór na hÉireann chun scil speisialaithe nó ceird bhainteach le reáchtáil éifeachtúil an Chóir a fhoghlaim.
Oibrí cabhrach/daonnúil De ghnáth bíonn oibrithe cabhrach/daonnúla ag obair i dtíortha eile, chun a chinntiú go ndéantar cúnamh daonnúil a dháileadh go héifeachtach ar dhaoine atá ina gcónaí in áiteanna ina raibh tubaiste de dhéantús an duine nó tubaiste nádúrtha.
Teicneoir Innealtóireachta Talmhaíochta Cuireann tacaíocht ar fáil d’innealtóirí i réimsí éagsúla, mar shampla táirgí nua a fhorbairt agus a thástáil do thionscal na feirmeoireachta, déanann seirbhísiú chun trealamh a chur isteach, a dheisiú agus a chothabháil.
Eolaí Talmhaíochta Bíonn i mbun gach gníomhaíocht a thagann faoi scáth an teidil Talmhaíocht agus i mbun an ghnó agus na seirbhísí a bhaineann leis an réimse sin.
Oifigeach Talmhaíochta Cabhraíonn an tOifigeach Talmhaíochta le monatóireacht ar cur i ngníomh scéimeanna éagsúla Rialtais ag baint le Talmhaíocht. Bia agus Foraoiseacht.
Cigire Talmhaíochta Oibríonn do ghníomhaireachtaí rialtais chun a chinntiú go bhfuil trádálaithe, feirmeoirí agus agraghnóthaí ag cloí leis na dlíthe agus na rialacháin chuí.
Cigire Talmhaíochta Déanann an Cigire Talmhaíochta maoirseacht ar fhoirne rannóige agus monatóireacht ar chur i ngníomh scéimeanna éagsúla rialtais ag baint le talmhaíocht. bia agus foraoiseacht.
Innealtóir Aerloingseoireacht Oibríonn an tInnealtóir Aerloingseoireachta d’aerlínte. do dhéantúsóirí aerárthach. do chomhlachtaí léasúcháin aerárthaigh agus do chomhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cothabháil. deisiú agus forchóiriú aerárthaigh.
Suiteálaithe Aeróg agus Satailítí Cuireann isteach aeróga, satailítí agus miasa digiteacha do dhaoine ina dtithe, nó i dtithe ósta agus árasáin.
Oibrithe Comhairleacha Cuireann oibrithe comhairleacha comhairle faoi rún, saor in aisce, neamhchlaonta ar fáil dá gcliaint. Oibríonn siad sa phobal, go háirithe le daoine leochaileacha a mbeadh treoir ag teastáil uathu faoina gcearta i réimsí éagsúla mar shampla dlí, airgeadas, cúrsaí sóisialta, cúrsaí fostaíochta agus ceisteanna ginearálta faoi chearta an tomhaltóra.
Cóipscríbhneoir Fógraíochta Cuireann an téacs scríofa ar fáil le haghaidh fógraí. Mar shampla sluáin nó téacs d’fhógraí clóite nó bileoga eolais, nó ceolíní don raidió nó scripteanna d’fhógraí teilifíse.
Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta Caitheann an Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta a h(am)ag tobsmaointeoireacht. ag pleanáil agus ag eagrú smaointe d’fhógraí nua.
Bainisteoir Fógraíochta/CP Déanann an Bainisteoir Fógraíochta/CP feachtais fógraíochta a chruthú do chliant. Déanann sé/sí margaíocht agus pacáistiú ar tháirgí. taighde margaíochta. taispeántais agus cuireann seirbhísí caidrimh phoiblí eile ar fáil.
Snáthaidpholladóir Tugann Snáthaidpholladóir cóir leighis do dhaoine breoite trí shnáthaidí a chur i bpáirteanna speisialta den chorp chun faoiseamh a thabhairt ó phian agus ó thinneas.
Achtúire Úsáideann Achtúire modhanna matamaitice agus staitistice chun dóchúlachtaí airgeadais a mheas i dtionscadail a fhaightear sa tionscal árachais den mhórchuid.
Aisteoir Glacann Aisteoir páirt carachtair i ndrámaí. léiriúcháin agus fógraí do scannáin. don teilifís. raidió agus don stáitse.
Ceannaire Foirne Cuntas Cabhraíonn an Ceannaire Foirne Cuntas le tosaíocht bainistíochta agus dáileadh oibre i rannóg na gcuntas.
Riarthóir Cuntas Bíonn an Riarthóir Cuntas freagrach as próiseáil laethúil sonrasc agus idirbheart airgeadais eile.
Cúntóir Cuntas Cinntíonn an Cúntóir Cuntas oibriú agus rialú réidh na gcuntas, speansais agus córais mhórleabhair ghinearálta san áireamh.
Teicneoir Cuntasaíochta Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Teicneoir Cuntasaíochta taifid airgeadais agus eolas do chuntasóirí agus do bhainisteoirí airgeadais.
Cuntasóir Déanann anailís ar fhaisnéis airgeadais agus ullmhaíonn tuarascálacha airgeadais chun taifead a choinneáil ar nithe cosúil le sócmhainní, dliteanais, brabús agus caillteanas, dliteanas cánach, nó gníomhaíochtaí airgeadais eile san eagraíocht.
Bainisteoir Lóistín Oibríonn an Bainisteoir Lóistín in óstán. déanann forbhreathnú ar an nglanadh agus na dualgais chothabhála go léir, eagraíonn fostaíocht foirne agus a sceidil oibre.

 Leathanach taispeána 7 de 7 leathanaigh