Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Suiteálaithe Trealamh Tógála Seirbhísíonn an Suiteálaí Trealamh Tógála agus déanann cothabháil ar an trealamh agus innealra go léir a úsáidtear ar ghléasra tógála.
Caomhnóir Músaeim/Gailearaí Ealaíne Déanann caomhnóirí músaeim/gailearaí ealaíne míreanna a chaomhnú ionas nach lobhfaidh siad. De ghnáth déanann siad speisialú i gcineál amháin míre nó ábhair mar shampla teicstílí, troscán nó péintéireachtaí
Coincréiteoir Déanann an Coincréiteoir struchtúir agus ábhair as coincréit.
Garda Cósta Is státseirbhísigh iad na gardaí cósta a dhéanann comhordú ar chúrsaí cuardaigh agus tarrthála muirí ar fud an chósta.
Glantóir Tí/Tionsclaíoch Fostaíonn úinéirí tithe príobháideacha nó gnóthaí Glantóir Tí/Tionsclaíoch chun dualgais ghlantúcháin ghinearálta a chomhlíonadh.
Glantóir Tí Bíonn i mbun tascanna éagsúla glantacháin i dtithe príobháideacha nó i ngnóthaí tráchtála.
Innealtóirí Sibhialta/Mianadóireachta Déanann an tInnealtóir Sibhialta/Mianadóireachta anailís ar thuairiscí suirbhé. léarscáileanna. líníochtaí agus threoirphleananna. aergrianghrafadóireacht agus ar shonraí topagrafaíochta agus geolaíochta eile chun tionscadail a phleanáil.
Teicneoir Próisis i Monarcha Ceimiceáin Déanann teicneoirí próisis i monarchana ceimiceán monatóireacht ar threalamh agus ar ghléasra a bhíonn in úsáid chun táirgí ceimice a dhéanamh mar shampla dathanna a úsáidtear i ruaimeanna, péinteanna, drugaí, cógais agus leasúchán.
Feisteoir Cairpéad /Vinile Gearrann. dealbhaíonn. cuireann an Feisteoir Cairpéad/Vinile síos agus feistíonn clúdaigh urlár in aon sórt foirgnimh.
Siúinéir/ Saor Adhmaid Úsáideann an Siúinéir/Saor Adhmaid uirlisí láimhe agus innealra gearrtha chun feistis agus troscán a dhéanamh as adhmad.
Dalta - Cabhlach na gCeannaithe
Déantóir Caibinéad Speisialaíonn an Déantóir Caibindéad i ndéanamh píosaí troscán. amhail leabhragáin. cupaird agus vardrúis.
Tiománaí Bus Tiomáineann an Tiománaí seo bus ar bhealach seasta. ag bailiú paisinéirí ar an mbealach.
Teicneoir Foirgníochta
Oibrí Tógála Bíonn oibrithe tógála i mbun ábhair a bhogadh, trealamh a oibriú agus tochailt.
Innealtóir Seirbhísí Tógála Oibríonn an tInnealtóir Seirbhísí Tógála ar dhearadh. shuiteáil. chothabháil agus dhéantúsaíocht córas a bhfuil baint acu le foirgnimh agus an timpeallacht tógtha.
Innealtóir Craoltóireachta Déanann trealamh a fhorbairt agus a chothabháil a bhíonn in úsáid sa chraoltóireacht teilifíse, raidió agus gréasáin agus cuireann tacaíocht ar fáil in úsáid an trealaimh sin.
Bríceadóir Oibríonn an Brídeadóir ar láithreán tógála ag tógáil ballaí agus struchtúr eile ag úsáid brící. bloc nó ábhar eile.
Ceangaltóir Leabhar (Ceird) Bíonn baint ag an gCeangaltóir Leabhar le gach cuid den phróiseas clódóireachta tar éis priontála. ag úsáid teicnící láimhe agus uathoibríocha.
Garda Cosanta Cuireann seirbhís chosanta ar fáil do dhaoine cáiliúla/mór le rá.
Tógála Bád Tógann, deisíonn agus athchóiríonn cabhlacha agus feisteas i gcineálacha éagsúla bád, mar shampla luamha, báidíní agus caolbháid.
Teicneoir Saotharlainne Bitheolaíochta Oibríonn faoi mhaoirseacht an phríomheolaí, agus bíonn siad ina speisialtóirí ar ghnáth-thascanna praiticiúla riachtanacha sa taighde agus forbairt i réimsí amhail géineolaíocht, micribhitheolaíocht agus ceimic.
Greamaitheoir/Deisitheoir Póstaer Deisíonn fógraí agus póstaeir ar chláir fógraí, ar chlárlaigh agus ar aonaid taispeántais agus deisíonn taispeántais dhigiteacha agus fógraí níos lú i spásanna poiblí agus ar scáthláin bhus
Bearbóir
Cúntóir Grúpaí Ceoil ar Thuras Cabhraíonn an Cúntóir seo le leagan amach teicniúil grúpa rac-cheoil nó popcheoil agus iad ar thuras.
Leictreoir Auto
Earcach san Arm Liostálann an tEarcach le hÓglaigh na hÉireann chun oiliúint a fháil mar shaighdiúir.
Dalta. Fórsaí Cosanta Faigheann Dalta Airm oiliúint chun dul sna céimeanna coimisiúnta mar oifigeach Airm. atá ina cheannaire laistigh de na Buan-óglaigh. Soláthraíonn siad ceannasaíocht agus bainistíocht sa champa.
Printíseach Airm
Cúntóir Cúraim Otharchairr Bionn Pearsanra Cúraim Otharchairr i mbun othair a thabhairt chuig an ospidéal agus ón ospidéal faoi ghnáthchúisí, nó faoi chúinsí éigeandála. Is minic a bhíonn na hothair sin ina ndaoine scothaosta nó ina ndaoine faoi mhíbhuntáiste.
Láimhseálaí Bagáiste san Aerfort Bíonn na daoine seo freagrach as bagáiste a sheiceáil i gcoinne liostaí eitilte agus an bagáiste a thabhairt chuig an aerárthach nó chuig an gcrios iompair bgáiste.
Píolóta (Eitlíocht Sibhialta) Eitlíonn Píolóta aerárthach paisinéirí. ag déanamh maoirseachta ar chriú. ag oibriú agus monatóireacht rialtáin eitlíochta.
Meicneoir/Innealtóir Aerárthaí Déanann an Meicneoir/tInnealtóir Aerárthaí deisiúcháin. seiceanna sábháilteachta agus cothabháil ar aerárthaigh.
Dalta san Aerchór Liostálann an Dalta seo san Aerchór chun oiliúint a fháil mar phíolóta ag eitilt gnáthaerárthach agus aerárthach comhraic.
Printíseach san Aerchór Bíonn Printíseach san Aerchór fostaithe le hAerchór na hÉireann chun scil speisialaithe nó ceird bhainteach le reáchtáil éifeachtúil an Chóir a fhoghlaim.
Cigire Talmhaíochta Oibríonn do ghníomhaireachtaí rialtais chun a chinntiú go bhfuil trádálaithe, feirmeoirí agus agraghnóthaí ag cloí leis na dlíthe agus na rialacháin chuí.
Suiteálaithe Aeróg agus Satailítí Cuireann isteach aeróga, satailítí agus miasa digiteacha do dhaoine ina dtithe, nó i dtithe ósta agus árasáin.
Bainisteoir Lóistín Oibríonn an Bainisteoir Lóistín in óstán. déanann forbhreathnú ar an nglanadh agus na dualgais chothabhála go léir, eagraíonn fostaíocht foirne agus a sceidil oibre.

 Leathanach taispeána 2 de 2 leathanaigh