Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Abhcóide treorach
Altra - Leanaí Déanann altraí leanaí cúram de naíonáin, leanaí agus déagóirí. Baineann siad leas as a sainaithí chun freastal ar riachtanais ar leith na leanaí agus a dteaghlaigh agus chun fadhbanna a réiteach.
Altra - Oideasóir Déanann oideasú ar tháirgí leighis – seo ról nua d’altraí agus do chnáimhsigh in Éirinn.
Altra - Sláinte Phoiblí Is altra cláraithe cáilithe é/í an tAltra Sláinte Poiblí a chuireann raon seirbhísí cúraim sláinte ar fáil sa phobal.
Altra Déadach/Cúntóir Lialainne Oibríonn an tAltra Déadach/Cúntóir Lialainne mar chúntóir le fiaclóir in ospidéil dhéadacha agus i saotharlanna déadacha.
Altra Obrádlainne Comhordaíonn an tAltra Obrádlainne soláthar seirbhísí cúraim othair agus tacaíochta laistigh d’aonad máinliachta.
Altra Síciatrachta Cabhraíonn an tAltra Síciatrachta le daoine a meabhairshláinte a fheabhsú agus a chothabháil agus is féidir ról oideachais a bheith aige/aici maidir le cosc ar thinneas síciatrach.
Altra – Ginearálta Oibríonn an tAltra Ginearálta in ospidéal nó i gclinic ag déanamh cúraim d’othair agus ag cabhrú le dochtúirí agus máinlianna.
Altra – Míchumas Meabhrach Freastalaíonn an tAltra seo ar riachtanais speisialta daoine meabhair-éislinneacha. ag obair i seirbhísí cónaithe nó seirbhísí pobail.
Bainisteoirí Acmhainní Daonna & Pearsanra Bíonn Bainisteoirí Acmhainní Daonna & Pearsanra freagrach as earcaíocht foirne. forbairt inmheánach foirne. oiliúint agus forbairt fostaithe.
Ceann Foirne TF Bíonn an Ceann Foirne TF freagrach as foireann daoine. á spreagadh chun spriocanna sástachta custaiméirí a chomhlíonadh.
Ceannaire Foghlama & Forbartha
Círichleachtóir Déanann an Círichleachtóir cúram d’othair le fadhbanna sa mhuineál. sa droim agus ailt eile gan leigheas nó máinliacht a úsáid.
Cléir / Ministir Reiligiúnach Freastalaíonn an Sagart/Bhean Rialta ar a bpobal creidimh trí cheannasaíocht a dhéanamh ar ghníomhartha adhartha agus a gcreidimh a chraobhscaoileadh.
Cnáimhsí Déanann Cnáimhsí cúram de mhná ag iompar linbh le linn an toirchis agus na breithe.
Cóitseálaí saoil
Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt Traenálann agus cóitseálann an Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt lúthchleasaithe agus lucht spóirt. ag cabhrú leo a dteicnící agus a bhfeidhmíocht a fheabhsú.
Comhairleoir Éisteann Comhairleoir le daoine agus iad ag réiteach a bhfadhbanna pearsanta. chomh maith le tacaíocht a thabhairt dóibh agus iarracht a dhéanamh cabhrú leo.
Comhairleoir Foghlama & Forbartha
Comhairleoir Gairme Oibríonn i gcoláistí 3ú leibhéal agus in ollscoileanna ag soláthar eolais agus treorach do mhic léinn maidir le dul chun cinn san oideachas nó post a fháil.
Comhairleoir Treorach Príobháideach
Cúltaca an Gharda Is é feidhm Chúltaca an Gharda Síochána tacú le hacmhainní na nGardaí.
Cumhartheiripeoir
Cúntóir Altranais/Cúraim Sláinte Oibríonn cúntóirí cúraim sláinte in ospidéal nó sa phobal faoi threoir gairmí cháilithe cúraim sláinte.
Cúntóir Baile Cuireann cúntóirí baile cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil cabhair uathu maireachtáil ina mbaile féin mar thoradh ar bhreoiteacht, ar fhadhb míchumais nó meabhairshláinte, nó a bhfuil tacaíocht fhisiceach ag teastáil uathu ar chúis éigin eile.
Cúntóir Creise Soláthraíonn an Cúntóir Creise seirbhís cúraim lae do thuismitheoirí le páistí óga.
Cúntóir Cúraim Leanaí Cabhraíonn an Cúntóir Cúraim Leanaí le cúram leanaí i láithreáin chúraim leanaí éagsúla. cabhraíonn chomh maith le heagrú gníomhaíochtaí caithimh aimsire agus le monatóireacht ar leas ginearálta an linbh.
Cúntóir Cúram Leanaí
Cúntóir in Ionad Fóillíochta Cabhraíonn an Cúntóir in Ionad Fóillíochta le hoibríochtaí laethúla d’áis chaithimh aimsire. cinntíonn sábháilteacht. spreagann rannpháirtíocht agus dáileann garchabhair nuair is gá.
Cúntóir Ranga Bíonn cúntóirí ranga ag obair faoi mhaoirseacht an mhúinteora cháilithe agus cuidíonn siad leis na gníomhaíochtaí ranga agus ar chláir foghlama.
Cúntóir Riachtanas Speisialta Cuireann cúntóirí riachtanas speisialta cúnamh ar fáil le leanaí a bhfuil deacrachtaí foghlama, fisiceacha nó iompraíochta acu.
Eagraí Cabhrach Baile
Fisiteiripeoir Déanann an Fisiteiripeoir cúram de dhaoine atá ag bisiú tar éis tinnis nó gortaithe. Úsáidtear gleacaíocht agus suathaireacht mar chuid den chóireáil.
Freastalaí Amharclainne/Pictiúrlainne Bíonn an freastalaí amharclainne/pictiúrlainne i mbun roinnt tascanna éagsúla, mar shampla ticéid a dhíol agus a sheiceáil, an pobal a threorú chuig an suíochán cuí agus pasáistí agus bealaí amach a choinneáil saor ó chonstaic.
Freastalaí Músaeim/Gailearaí Ealaíne Oibríonn freastalaithe músaeim i ngailearaí nó i músaem chun cuidiú le cuairteoirí agus a chinntiú nach ndéantar damáiste do na saothair ealaíne/míreanna atá ar taispeáint.
Freastalaithe Oibríonn Freastalaí in óstán. i siopa caife. i mbialann nó aon áit eile a sheirbheálann bia agus deoch. Réitíonn siad boird. tógann siad orduithe. seirbheálann siad bia agus deoch. agus glanann siad boird.
Gairmthreoraí Tugann an Gairmthreoraí treoir agus comhairle do dhaoine óga agus iad ag roghnú slí bheatha.
Gairmthreoraí - Oideachas d'Aosaigh Cuireann eolas agus treoir ar fáil maidir le deiseanna oideachais, oiliúna agus oibre do ghrúpaí imeallaithe mar shampla daoine dífhostaithe nó daoine faoi mhíchumas agus rannpháirtithe ar chúrsaí VTOS, ar chláir litearthachta do dhaoine fásta agus ar chláir oideachais pobail.
Garda Coinníonn an Garda riail agus reacht mar bhall den Garda Síochána i bPoblacht na hÉireann.
Giolla turais/Ionadaí ionad saoire Soláthraíonn an Giolla Turais/tionadaí Ionaid Saoire comhairle agus cabhair do lucht saoire ar shaoire láneagraithe agus thurais.
Léachtóir - Breisoideachas Déanann léachtóirí in earnáil an bhreisoideachais ábhair acadúla nó gairme a theagasc do mhic léinn.
Léachtóir. 3ú Leibhéal Ullmhaíonn agus tugann Léachtóir 3ú Leibhéal léachtaí do mhic léinn bunchéime nó iarchéime ar ábhair speisialaithe.
Múinteoir - Corpoideachas Oibríonn an Múinteoir Corpoideachais le forbairt mac léinn trí mheán na gleacaíochta agus an oideachais sláinte.
Múinteoir - Ealaín agus Dearadh Múineann siad scileanna ealaíne, dearaidh agus ceardaíochta do mhic léinn.
Múinteoir Bunscoile Ullmhaíonn an Múinteoir Bunscoile ceachtanna agus teagascann páistí óga sna chéad bhlianta ar scoil.
Múinteoir Iar-bhunscoile

Ullmhaíonn an Múinteoir Iar-bhunscoile ceachtanna agus teagascann déagóirí i rang iar-bhunscoile nó coláiste.

Múinteoir Montessori Oibríonn an Múinteoir Montessori le forbairt réamhscoile páistí ag úsáid teoiricí agus cleachtas an Dr. Maria Montessori.
Múinteoirí Oideachais Bunscoile & Naíonra Teagascann Múinteoirí Oideachais Bunscoile agus Naíonra scileanna bunúsacha acadúla agus sóisialta do mhic léinn i scoileanna poiblí nó príobháideacha ag an leibhéal bunscoile. chomh maith le scileanna múnlaitheacha eile.
Oibrí cabhrach/daonnúil De ghnáth bíonn oibrithe cabhrach/daonnúla ag obair i dtíortha eile, chun a chinntiú go ndéantar cúnamh daonnúil a dháileadh go héifeachtach ar dhaoine atá ina gcónaí in áiteanna ina raibh tubaiste de dhéantús an duine nó tubaiste nádúrtha.
Oibrí Club Poist
Oibrí Cúraim Shóisialta Cuireann oibrithe cúraim shóisialta cabhair agus tacaíocht ar fáil do dhaoine, a mbíonn cúnamh sa teach ag teastáil uathu mar gheall ar a n-aois, ar fhadhb fhisiceach nó fadhb mheabhairshláinte nó toisc go bhfuil siad faoi dhian-mhíchumas foghlama.
Oibrí Óige Tacaíonn le forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga trí mheán a rannpháirtíocht dheonach.
Oibrí Sóisialta - Cúram Sláinte Cabhraíonn an tOibrí Sóisialta le daoine a bhfuil fadhbanna sóisialta acu de thairbhe tinnis nó míchumais.
Oibrí Toghcheantair Oibríonn an tOibrí Toghcheantair thar ceann ionadaí polaitiúil. ag déanamh teagmhála idir ionadaithe agus toghthóirí agus a bpobail ar cheisteanna laethúla.
Oibrí Treorach Comhpháirtíochta
Oibrí Treorach Cumais
Oibrí Treorach don Aos Óg
Oibrí treorach pobail
Oifigeach caidrimh foirne Soláthraíonn an tOifigeach Caidrimh Foirne tacaíocht taighde. riarachán. agus idirbheartaíocht do na Bainisteoirí Caidrimh Foirne.
Oifigeach cáis / cóitseálaí poist
Oifigeach Faisnéise - Treoir d'Aosaigh Tacaíonn le gnáthfheidhmiú laethúil na seirbhíse gairmthreorach san oideachas d’aosaigh. Cuireann eolas agus comhairle chun dáta, atá éasca le tuiscint agus beacht, ar fáil do dhaoine a lorgaíonn an tseirbhís sin.
Oifigeach Leasa Pobail Cuidíonn le daoine na sochair leasa shóisialaigh a bhfuil siad ina dteideal a fháil.
Oifigeach Oideachais Pobail Bíonn tionscadail oideachais pobail dírithe ar an bhfoghlaim a chur chun cinn agus ar thacaíocht oideachais a sholáthar i bpobail áitiúla chun idir dhaoine agus phobail a spreagadh ó thaobh na forbartha oideachais de.
Oifigeach Pearsanra Earcaíonn. traenálann agus forbraíonn an tOifigeach Pearsanra foirne. déanann maoirseacht ar scéimeanna foirne agus eagraíonn ócáidí sóisialta na cuideachta.
Oifigeach Promhaidh Feidhmíonn an tOifigeach Promhaidh mar oibrí sóisialta d’áitritheoirí agus do dhaoine a scaoileadh as an bpríosún le gairid.
Oiliúnóir Foirne Déanann oifigigh oiliúna riachtanais oiliúna na foirne a aithint, agus déanann pleanáil agus eagrú ar chláir oiriúnacha oiliúna.
Paraimhíochaineoir Tugann an Paraimhíochaneoir cóireail gharchabhrach do dhaoine tinne nó gortaithe i láthair réamhospidéil.
Seirbhís Fostaíochta Áitiúil - Idirghabhálaí
Síciteiripeoir Tá síciteiripeoirí oilte le bheith in ann cuidiú le daoine anásta, chun go bhfaighidís faoiseamh ón bhfulaingt phearsanta agus cuidiú leo athruithe a dhéanamh ina saol.
Sláinteolaí Déadach Soláthraíonn an Sláinteolaí Déadach cúram fiacla agus cóir agus comhairle sláinteachas béil d’othair fiaclóireachta.
Snáthaidpholladóir Tugann Snáthaidpholladóir cóir leighis do dhaoine breoite trí shnáthaidí a chur i bpáirteanna speisialta den chorp chun faoiseamh a thabhairt ó phian agus ó thinneas.
Teagascóir Aeraclaíochta Teagascann an Teagascóiir seo modhanna corpacmhainne aeróbacha agus anaeróbacha le ceol. chomh maith le hoiliúint a thabhairt iontu agus iad a thaispeáint.
Teiripeoir Ealaíne Is comhairleoir an Teiripeoir seo a speisialaíonn in ealaíona amhail na meáin sloinnte.
Teiripeoir Saothair Déanann an Teiripeoir Saothair measúnú ar riachtanais athinmheacháin fhisiceacha agus mheabhracha an othair agus déanann clár a phleanáil chun cabhrú leis an othar sin.
Teiripeoir Spóirt
Teiripeoir Suathaireachta Baineann úsáid as na lámha agus na géaga chun fíocháin an choirp a bhrú agus a láimhseáil chun feabhas a chur ar shláinte mheabhrach agus fhisiceach an chliaint.
Teiripeoir Urlabhra & Teanga Déanann an Teiripeoir Urlabhra agus Teanga cóireáil ar dhaoine a bhfuil bac sa chaint acu nó deacracht acu ag foghlaim teanga agus oibríonn leo.
Tionscnóir Turais Déanann tionscnóirí turas saoirí pacáiste a eagrú, agus déantar iadsan a dhíol trí bhróisiúir an ghníomhaire taistil nó déantar margaíocht orthu go díreach leis an bpobal.
Traenálaí Ríomhaireachta / Teagascóir
Treoraí Gníomhaíochtaí Allamuigh Oibríonn le daoine ar sheisiúin gníomhaíochta lasmuigh agus ar thurais, nó múineann scileanna dóibh i raon gníomhaíochtaí lasmuigh, mar shampla dreapadóireacht, treodóireacht, rópadóireacht, agus curachóireacht nó cnocadóireacht.