Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Bainisteoir Fáilteachais Déanann an Bainisteoir Fáilteachais maoirsiú agus rialú ar reáchtáil óstáin nó comhlachta fóillíochta/fáilteachais agus cinntíonn go bhfuil na custaiméirí sásta.
Bainisteoir Sócmhainní
Gníomhaire ealaíon / Tionscnóir
Freastalaithe eitilte/taistil Tugann Freastalaithe eitilte/taistil aire do chúram compoird agus sábháilteachta na bpaisinéirí ar aerlíne. Taispeánann siad nósanna imeachta sábháilteachta. ullmhaíonn bia. seirbheálann béilí agus deochanna chomh maith le hearraí a dhíol le linn na heitilte.
Rialathóír Aerthráchta Maor tráchta na spéartha atá sa Rialtóir Aerthráchta. atá freagrach as comhordú agus stiúradh na n-aerárthach ar bhealaí eitilte.
Oifigeach Talmhaíochta Cabhraíonn an tOifigeach Talmhaíochta le monatóireacht ar cur i ngníomh scéimeanna éagsúla Rialtais ag baint le Talmhaíocht. Bia agus Foraoiseacht.
Cigire Talmhaíochta Déanann an Cigire Talmhaíochta maoirseacht ar fhoirne rannóige agus monatóireacht ar chur i ngníomh scéimeanna éagsúla rialtais ag baint le talmhaíocht. bia agus foraoiseacht.
Cóipscríbhneoir Fógraíochta Cuireann an téacs scríofa ar fáil le haghaidh fógraí. Mar shampla sluáin nó téacs d’fhógraí clóite nó bileoga eolais, nó ceolíní don raidió nó scripteanna d’fhógraí teilifíse.
Bainisteoir Fógraíochta/CP Déanann an Bainisteoir Fógraíochta/CP feachtais fógraíochta a chruthú do chliant. Déanann sé/sí margaíocht agus pacáistiú ar tháirgí. taighde margaíochta. taispeántais agus cuireann seirbhísí caidrimh phoiblí eile ar fáil.

 Leathanach taispeána 2 de 2 leathanaigh