Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Achtúire Úsáideann Achtúire modhanna matamaitice agus staitistice chun dóchúlachtaí airgeadais a mheas i dtionscadail a fhaightear sa tionscal árachais den mhórchuid.
Achtúire Praghsála
An Chéad Stiúrthóir Cúnta - Teilifís / Scannán
Anailísí infheistíochta sinsearach
Bainisteoir Sláinte agus Sábháilteachta Bíonn an Bainisteoir Sláinte agus Sábháilteachta freagrach as measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tionscadail agus cásanna a aithint ina bhfuil seans nach gcomhlíonfaidh an dearadh na cóid chleachtais riachtanacha.
Bainisteoir Táirge Sinsearach Digiteach
Bainistíocht Rialála & Scrúdaithe Anailísí Sinsearach
Cartlannaí Eagraíonn an Cartlannaí taifid chartlainne agus forbraíonn córais aicmithe ionas go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar ábhar cartlainne.
Ceannaire Foirne Cuntas Cabhraíonn an Ceannaire Foirne Cuntas le tosaíocht bainistíochta agus dáileadh oibre i rannóg na gcuntas.
Cigire Cánach Déanann an Cigire Cánach measúnú ar cháin agus bailíonn cáin ó ghnóthaí agus ó dhaoine gairmiúla.
Cléireach (Ginearálta) Oibríonn an Cléireach Ginearálta in oifig riaracháin i ngnó. ag tabhairt faoi dhualgais oifige laethúla.
Cléireach Comhdúcháin/Taifead Coinníonn an Cléireach Comhdúcháin/Taifead taifid d’ábhar a comhdaíodh nó a baineadh amach ag úsáid logleabhar nó ríomhairí agus cruthaíonn taifid nua nuair is gá.
Cléireach Cúirte Déanann an Cléireach Cúirte tascanna éagsúla riaracháin a bhaineann le reáchtáil laethúil na gcúirteanna a chur i gcrích, mar shampla cásanna a ghlaoch, finnéithe a chur faoi mhionn agus barántais a ullmhú.
Cléireach Dlí Oibríonn an Cléireach Dlí go dlúth le dlíodóirí ag déileáil le doiciméid dlí.
Cléireach Trádstórais
Coigeartóir Árachais Déanann an Coigeartóir Árachais taighde ar éilimh mhóra árachais agus molann socrú cóir do gach duine i gceist.
Comhairleoir / Bainisteoir Éilimh Árachais Oibríonn an Comhairleoir/Bainisteoir Éilimh Árachais i gcomhlacht árachais ag imscrúdú éileamh. ag measúnú dliteanas agus ag déanamh socruithe deiridh.
Comhairleoir Cánach Tugann an Comhairleoir Cánach comhairle do ghnóthaí agus do dhaoine maidir le ceisteanna faoi cháin.
Comhordaitheoir Léiriúcháin - Teilifís / Scannán
Comhordaitheoir Táirgeachta Bogearraí Comhordaíonn an Comhordaitheoir Táirgeachta Bogearraí taighde agus dearann. forbraíonn agus tástálann bogearraí ag leibhéal córais oibriúcháin agus feidhmchláir ghinearálta ríomhaire.
Cuntais Chomhlachaithe
Cuntasóir Déanann anailís ar fhaisnéis airgeadais agus ullmhaíonn tuarascálacha airgeadais chun taifead a choinneáil ar nithe cosúil le sócmhainní, dliteanais, brabús agus caillteanas, dliteanas cánach, nó gníomhaíochtaí airgeadais eile san eagraíocht.
Cuntasóir Ciste Ullmhaíonn an Cuntasóir Ciste imréiteach cuntais bhainc. déileálann le haistriú airgid. bannaí agus socruithe gnathscaire.
Cuntóir Cléireachais Bíonn cúntóirí cléireachais freagrach as comhdú a dhéanamh, déileáil le comhfhreagras, sonraí a chothabháil ag úsáid ríomhaire nó córais láimhe, agus dualgais ghinearálta eile san oifig.
Cúntóir Cuntas Cinntíonn an Cúntóir Cuntas oibriú agus rialú réidh na gcuntas, speansais agus córais mhórleabhair ghinearálta san áireamh.
Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise Oibríonn an Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise i leabharlann faoi mhaoirsiú an Leabharlannaí.
Cúntóir Léiriúcháin - Scannáin Cabhraíonn an Cúntóir Léiriúcháin le léiritheoir. ag maoirsiú agus ag bainistiú léiriúcháin scannáin. teilifíse nó stáitse.
Fáilteoir Oibríonn an Fáilteoir in oifig thosaigh cuideachta nó eagraíochta ag cur fáilte roimh chliaint agus ag cabhrú leo.
Feidhmeannach Dlí Gairmí é/í an feidhmeannach dlí atá ina bhall den Irish Institute of Legal Executives. Oibríonn an té seo le haturnaetha agus le habhcóidí, i gCúirteanna na hÉireann, agus laistigh de réimse tráchtála eile den chleachtas dlí. Cuidíonn siad leo i réimsí ginearálta agus speisialtóireachta dlí.
Forbróir Gréasáin Oibríonn ar dhearadh, ar leagan amach agus ar chódú chun suíomh gréasáin a thógáil agus a chothabháil.
Frithgheallaí Árachais Scrúdaíonn an Frithghealalí Árachais tuairisc an tSuirbhéara Árachais agus leagann amach sonraí an pholasaí chun riachtanais árachais na gcliant a chomhlíonadh.
Gníomhaire ag Seiceáil Isteach an Aerfoirt Forbhreathnaíonn an Gníomhaire seo paisinéirí ar a sroicheadh ag deasc ‘seiceáil isteach’ aerlíne.
Iniúchóir Is é is Iniúchóir é ná Cuntasóir Gairmiúil a fuair oiliúint sa bhreis tar éis cáiliúcháin.
Ionchuradóir Sonraí Oibríonn an tIonchuradóir Sonraí le heochairchlár chun faisnéis téacs agus uimhreach a chur isteach i ríomhaire.
Leabharchoimeádaí / Cléireach Uimhríochta Láimhseálann an Leabharchoimeádaí/Cléireach Uimhríochta idirbhearta laethúla airgeadais an ghnó nó na heagraíochta.
Leabharlannaí / Cartlannaí / Coimeádaí Déanann an Leabharlannaí/Cartlannaí/Coimeádaí maoirsiú agus bainistíocht ar reáchtáil agus eagrú leabharlainne. iarsmalainne nó bailiúcháin de dhoiciméid nó meáin eile.
Lóndadóir Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Lónadóir bia. deoch agus siamsaíocht d’ócáidí speisialta.
Maoir Sonraí / Bainisteoir Sonraí
Maoirseoir Script - Teilifís/Scannáin Freastalaíonn an Maoirseoir Scripte ar chleachtaí chun sonraí a bhreacadh síos faoi chur i láthair aisteora agus chun an léiritheoir a chur ar an eolas mura bhfuil an t-uainiú ama ag teacht lena raibh sonraithe sa script.
Oibrithe Comhairleacha Cuireann oibrithe comhairleacha comhairle faoi rún, saor in aisce, neamhchlaonta ar fáil dá gcliaint. Oibríonn siad sa phobal, go háirithe le daoine leochaileacha a mbeadh treoir ag teastáil uathu faoina gcearta i réimsí éagsúla mar shampla dlí, airgeadas, cúrsaí sóisialta, cúrsaí fostaíochta agus ceisteanna ginearálta faoi chearta an tomhaltóra.
Oibriú ag an gCuntar Amach Oibríonn an tOibrí seo ag pointe díolacháin airgid i siopa nó in ollmhargadh ach airgead a ghearradh ar chustaiméirí do na hearraí ba mhaith leo a cheannach.
Oifig an Phoist - Seirbhís do Chustaiméirí Cuireann raon leathan de sheirbhísí postais ar fáil do chustaiméirí, mar shampla íoc billí, seirbhísí baincéireachta agus iarratais ar phasanna.
Oifigeach Bainc Oibríonn an tOifigeach Bainc ar chúl cuntair i mbrainse bainc ag cur i bhfeidhm dhualgais ghinearálta an bhainc.
Oifigeach Cúnta Foirne – Pleanáil Próiseálann an tOifigeach Cúnta Foirne sa Phleanáil iarratais phleanála agus gach ábhar bainteach. taifeadann dul chun cinn agus déileálann le fiosrúcháin.
Oifigeach Faisnéise Eagraíonn an tOifigeach Faisnéise agus déanann taighde ar eolas i sainleabharlann tagartha.
Póirtéir Ospidéil Tugann an Póirtéir Ospidéil cabhair d’fhoirne leighis le gnáththascanna. mar shampla othair a bhogadh ó bharda go barda srl.
Rialtóirí Creidmheasa Déanann rialtóirí Creidmheasa maoirseacht agus bainistíocht ar iasachtaí airgeadais agus déanann iarratasóirí iasachtaí a mheasúnú.
Riarthóir Bunachair Shonraí Déanann an Riarthóir Bunachair Shonraí cruthú agus cothabháil bunachair shonraí agus córais chomhdaithe taifid a mhaoirsiú agus a rialú.
Riarthóir Ciste Bainistíonn Riarthóir Ciste praghsanna cistí agus freagraíonn do phraghsanna margaidh go laethúil.
Riarthóir Cuntas Bíonn an Riarthóir Cuntas freagrach as próiseáil laethúil sonrasc agus idirbheart airgeadais eile.
Riarthóir Ealaíon
Riarthóir Iompair Bíonn an riarthóir iompair i mbun tascanna éagsúla riaracháin do chuideachtaí bus, cóistí nó iompair bhóthair.
Riarthóir Líonraí Déanann córais líonraí ríomhairí a dhearadh, a shuiteáil agus a chothabháil agus cuireann tacaíocht ar fáil le haghaidh na líonraí sin. Ar an gcaoi sin bíonn fostaithe agus eagraíochtaí in ann cumarsáid a dhéanamh lena chéile, comhaid a roinnt agus acmhainní agus seirbhísí a sholáthar.
Rúnaí Cuireann rúnaithe tacaíocht riaracháin ar fáil do bhainisteoirí agus do ghairmithe eile.
Rúnaí Dátheangach nó Trítheangach Aistríonn. scríobhann agus déanann an Rúndaí Dátheangach nó Trítheangach ateangaireacht ar dhoiciméid i dteanga iasachta i dtimpeallacht oifige.
Rúnaí Dlí Oibríonn an Rúnaí Dlí in oifigí cuideachta dlí ag déileáil le doiciméid dlí agus dualgais ghinearálta oifige.
Rúnaí Leighis Oibríonn an Rúnaí Leighis i rannóg riaracháin ospidéil. i lialann áitiúil nó i gclinic.
Rúnaí Oifige Oibríonn an Rúnaí Oifige trealamh oifige agus úsáideann ríomhaire le haghaidh bainistíocht scarbhileoige. próiseáil focal agus bunachar sonraí. Freagraíonn an teileafón agus tugann eolas do ghlaoiteoirí. glacann teachtaireachtaí. nó cuireann an scairt ghutháin ar aghaidh chuig na daoine cuí.
Saineolaithe Cuntasaíochta & Cánach Déanann an Saineolaí Cuntasaíochta agus Cánach cothabháil ar eolas maidir le hathruithe sa chód cánachais agus nósanna imeachta agus teoiric chuntasaíochta chun luacháil cheart a dhéanamh ar fhaisnéis airgeadais. Déanann sé/sí tuairisceáin chánach a ullmhú thar ceann na gcliant.
Seoltóir Lastais / Gníomhaire Loingseoireachta
Staitisteoir Bailíonn an Staitisteoir agus déanann anailís ar eolas do shuirbhéanna agus d’fhoirmeacha eile taighde.
Státseirbhís – Ardoifigeach Feidhmiúcháin Ról meánbhainistíochta atá anseo. ag tuairisciú don Leas-Phríomhoifigeach. Bainistíonn an duine seo tionscadail agus buiséid agus cabhraíonn i bhforbairt polasaithe rialtais.
Státseirbhís – Oifigeach Cléireachais Cabhraíonn an tOifigeach Cléireachais le hOifigigh Shinsearacha lena n-obair chléireach i roinn rialtais.
Státseirbhís – Tríú Rúnaí Baineann an ról seo le comhairle a thabhairt don rialtas maidir le caidrimh sheachtracha na hÉireann agus bheith ar an gcainéal oifigiúil cumarsáide do rialtais eachtracha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Suirbhéir Réadmhaoine Tugann an Suirbhéir Réadmhaoine comhairle do chliaint maidir le luach agus cumas tuillimh a réadmhaoine.
Suirbhéirí Cainníochta Ríomhann Suirbhéir Cainníochta costas na dtionscadal tógála. ag cur san áireamh obair. ábhair. cáin agus costais chothabhála.
Taidhleoir Déanann an taidhleoir ionadaíocht thar ceann a dtíre féin le rialtais thar lear, agus cuireann comhairle ar fáil maidir le saincheisteanna idirnáisiúnta.
Teicneoir Cógaisíochta Cuidíonn le heolaithe atá ag obair sa tionscal cógaisíochta. Oibríonn formhór na dteicneoirí cógaisíochta do chuideachtaí príobháideacha a dhéanann drugaí, mar shampla piollairí vitimín, antaibheathaigh, agus cóir leighis tréidliachta.
Teicneoir Cuntasaíochta Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Teicneoir Cuntasaíochta taifid airgeadais agus eolas do chuntasóirí agus do bhainisteoirí airgeadais.
Uiséir Cúirte