Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Abhcóide Seasann an tAbhcóide do dhaoine i gcúirt ach a gcás a chur roimh bhreitheamh agus a gcás.
Bailitheoir Fiachais
Baincéir Corparáideach
Baincéir Infheistíochta Cuireann baincéirí infheistíochta seirbhísí airgeadais ar fáil do rialtais agus do chuideachtaí. Cuireann siad comhairle ar fáil ar shaincheisteanna dála scaireanna, tairiscintí táthcheangail, éadálacha agus cumaisc.
Bainisteoir Bainc/Airgeadais Pleanálann. stiúrann agus comhordaíonn an Bainisteoir Bainc/Airgeadais gníomhaíochtaí oibrithe i mbanc/láthair airgeadais. Bunaíonn agus déanann sé/sí cothabháil ar chaidrimh le cliaint. forbhreathnaíonn an sreabhadh airgid agus ionstraimí airgeadais.
Bainisteoir Beáir Bíonn Bainisteoir Beáir freagrach as oibriú iomlán an bheáir. stoc. airgead. earcaíocht agus oiliúint foirne san áireamh.
Bainisteoir Bialainne/Lónadóireachta Déanann an Bainisteoir Bialainne/Lónadóireachta maoirseacht ar reáchtáil bialainne. nó seirbhís lónadóireachta. agus iad a bhainistiú.
Bainisteoir Ceannaigh Déanann an Bainisteoir Ceannaigh pleanáil. stiúradh nó comhordú ar ghníomhaíochtaí ceannaitheoirí. oifigigh cheannaigh agus oibrithe bainteacha a bhfuil ról acu i gceannach ábhar. táirgí agus seirbhísí.
Bainisteoir Cistí Pinsin Déanann bainisteoirí cistí pinsin scéimeanna pinsin a bhunú agus a bhainistiú d’fhostaithe.
Bainisteoir Córas Faisnéise Úsáideann an Bainisteoir ar Chórais Faisnéise eolas ar chórais ríomhaire chun riachtanais TF eagraíochta a bhainistiú.
Bainisteoir Cumainn Foirgníochta Bíonn an fhreagracht fhoriomlán ar bhainisteoirí cumainn foirgníochta as feidhmiú éifeachtach agus as brabúsacht a mbrainse féin.
Bainisteoir Cuntas Corparáideach Bíonn an Bainisteoir Cuntas Corparáideach freagrach as bainistíocht. anailís agus forbairt punainne do chliaint chorparáideacha.
Bainisteoir Díolacháin i dTeach Ósta Díolann táirgí agus seirbhísí óstaíochta le daoine agus grúpaí, cliaint chorparáideacha san áireamh.
Bainisteoir Díolachán - Miondíol Déanann maoirseacht dhíreach ar oibrithe i siopa miondíola nó i siopa ilrannach.
Bainisteoir Fáilteachais Déanann an Bainisteoir Fáilteachais maoirsiú agus rialú ar reáchtáil óstáin nó comhlachta fóillíochta/fáilteachais agus cinntíonn go bhfuil na custaiméirí sásta.
Bainisteoir Fógraíochta/CP Déanann an Bainisteoir Fógraíochta/CP feachtais fógraíochta a chruthú do chliant. Déanann sé/sí margaíocht agus pacáistiú ar tháirgí. taighde margaíochta. taispeántais agus cuireann seirbhísí caidrimh phoiblí eile ar fáil.
Bainisteoir Fóillíochta Déanann an Bainisteoir Fóillíochta maoirsiú agus bainistíocht ar reáchtáil áiseanna caithimh aimsire éagsúla.
Bainisteoir Ginearálta Feidhmeannach gnó é an bainisteoir ginearálta a dhéanann maoirseacht ar chuideachta nó ar eagraíocht ag feidhmiú i ról margaíochta agus díolacháin, agus a bhíonn i mbun gnáthghníomhaíochtaí eile gnó.
Bainisteoir Léiriúcháin Scannán Cabhraíonn an Bainisteoir Léiriúcháin Scannán le léiritheoir. ag maoirsiú agus ag bainistiú léiriúcháin scannán. teilifíse nó stáitse.
Bainisteoir Margaíochta Táirge Bíonn an Bainisteoir Margaíochta Táirge freagrach as pleanáil gnó agus soláthar eolais ar tháirgí chomh maith le tacaíocht don fhoireann díola.
Bainisteoir Miondíola Déanann an Bainisteoir Miondíola maoirseacht agus bainistiú ar asraon miondíola nó ar shiopa.
Bainisteoir Pictiúrlainne
Bainisteoir Rannóige Bíonn an Bainisteoir Rannóige freagrach as gach cuid den rannóg - bainistíocht foirne. a chinntiú go bhfuil caighdeáin arda de sheirbhís chustaiméara á soláthar agus ag comhlíonadh buiséid.
Bainisteoir Seirbhísí do Chustaiméirí
Bainisteoir Seirbhísí do Custaiméirí Déanann an Bainisteoir seo maoirseacht agus bainistíocht ar an rannóg seirbhísí do chustaiméirí i gcuideachta nó in eagraíocht.
Bainisteoir Siamsaíochta/Spóirt Déanann an Bainisteoir Siamsaíochta/Spóirt eagrú. bainistíocht agus riarachán ar gach ócáid a bhaineann le siamsaíocht agus spórt.
Bainisteoir Sócmhainní
Bainisteoir Sóisearach Oifige Tosaigh Déanann an Bainisteoir Sóisearach Oifige Tosaigh maoirsiú ar obair fostaithe riaracháin oifige nó seirbhíse chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí le caighdeáin cháilíochta. le spriocdhátaí agus le nósanna imeachta cearta.
Bainisteoir Spá Déanann pleanáil, stiúradh nó comhordú ar ghníomhaíochtaí Spá /Ionad Sláinte. Déanann comhordú ar chláir, ar sceidil agus déanann stiúradh ar fhoireann agus maoirseacht ar ghníomhaíochtaí airgeadais.
Bainisteoir Stáitse Déanann an Bainisteoir Stáitse maoirseacht agus bainistiú ar reáchtáil an stáitse le linn taibhiú amharclannach.
Bainisteoir Stórais Déanann an Bainisteoir Stórais pleanáil. stiúradh agus comhordú ar oibríochtaí stórais agus ar dháileacháin laistigh d’eagraíocht.
Bainisteoir Stórais Freagrach as bainistiú agus reáchtáil laethúil trádstórais.
Bainisteoir Suíomh - Teilifís / Scannán
Bainisteoir Tionscadail Comhordaíonn an Bainisteoir Tionscadail gach gné de thionscadal agus cinntíonn sé/sí go gcríochnaíonn sé de réir an sceidil.
Bainisteoir Tionscadail Ilmheáin Go bunúsach, is éard atá i gceist le bainistiú tionscadail ná comhordú a dhéanamh ar acmhainní leis an sprioc tionscadail a chur i gcrích.
Bainisteoir Tionscadail. Dearadh Bogearraí Comhordaíonn an Bainisteoir Tionscadail - Dearadh Bogearraí forbairt agus dearadh bogearraí mar chuid d’fhoireann. Forbraíonn. cruthaíonn agus mionathraíonn sé/sí bogearraí feidhmchláir ríomhaire ginearálta nó sainchláir áirge.
Bainistíocht Gnó
Bleachtaire Siopa Bíonn bleachtaire siopa fostaithe chun gadaíocht a thabhairt faoi deara agus a chosc i siopaí.
Breitheamh Bíonn an breitheamh i gceannas na cúirte dlí agus déanann breithiúnais bunaithe ar an bhfianaise a chuirtear i láthair agus ar an reachtaíocht reatha, ábhartha.
Bróicéir Árachais Socraíonn Bróicéir Árachais árachas do dhaoine agus do ghnóthaí agus cuireann comhairle orthu maidir le cúrsaí árachais.
Bróicéir Long
Bróicéir Tráchtearraí
Ceann Acmhainní Daonna - Seirbhísí airgeadais
Ceannaí Éisc Ceannaíonn éisc ar bhonn mórdhíola agus ullmhaíonn iad chun iad a dhíol ar bhonn miondíola.
Ceannaí/Oifigeach Ceannacháin Ceannaíonn an Ceannaí/an tOifigeach Ceannacháin táirgí agus stoc do shiopa nó do chuideachta mhiondíola.
Ceannaire Foirne Earcaíochta Déanann bainistiú ar fhoireann earcaíochta in eagraíocht mhór. Bíonn i mbun pleanáil agus eagrú a dhéanamh ar fheachtais earcaíochta.
Ceantálaí Luachálann Ceantálaí réadmhaoin agus eagraíonn díolacháin trí cheant.
Cigire Oideachais Déanann meastóireacht ar scoileanna chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis na caighdeáin chuí ó thaobh na foghlama, an teagaisc agus an bhainistithe airgeadais de.
Cigire Talmhaíochta Déanann an Cigire Talmhaíochta maoirseacht ar fhoirne rannóige agus monatóireacht ar chur i ngníomh scéimeanna éagsúla rialtais ag baint le talmhaíocht. bia agus foraoiseacht.
Cléireach Árachais Oibríonn an Cléireach Árachais do chomhlacht árachais ag déileáil le cliaint agus ag freastal ar a n-éilimh.
Cóipscríbhneoir Fógraíochta Cuireann an téacs scríofa ar fáil le haghaidh fógraí. Mar shampla sluáin nó téacs d’fhógraí clóite nó bileoga eolais, nó ceolíní don raidió nó scripteanna d’fhógraí teilifíse.
Comhairleoir Airgeadais Cuireann an Comhairleoir Airgeadais comhairle ar dhaoine maidir le conas an t-uasmhéid a fháil as an airgead a thuilleann siad agus a gcoigiltis airgeadais.
Comhairleoir Bainistíochta Soláthraíonn an Comhairleoir Bainistíochta comhairle agus treoir ghairmiúil bainistíochta do ghnóthais agus do chumainn.
Comhairleoir Earcaíochta Bíonn Comhairleoir Earcaíochta fostaithe ag cliant chun próiseas roghnúcháin a eagrú agus a chur i ngníomh le haghaidh earcaíocht foirne.
Comhairleoir Gnó Oibríonn le cliantchuideachtaí chun meastóireacht a dhéanamh ar a bpleananna gnó agus chun optamú a dhéanamh ar chostais fhadtéarmacha agus ar tháirgiúlacht.
Comhairleoir inbhuanaitheachta comhlach
Comhairleoir Infheistíochta
Comhairleoir Margaíochta Cuireann an Comhairleoir Margaíochta comhairle ghairmiúil ar fáil maidir le margaíocht ar sheirbhísí cuideachta.
Comhordaitheoir Imeachtaí Comhdhála/Cóisire Déanann pleanáil agus reáchtáil ar imeachtaí speisialta in ionad do chliaint – mar shampla cruinnithe beaga, comhdhálacha nó seimineáir mhóra seachtaine, bainisí, cóisirí corparáideacha nó ócáidí teaghlaigh.
Cúntóir Díolacháin Oibríonn an Cúntóir Díolacháin i siopa miondíola ag díol táirgí le custaiméirí agus ag cabhrú le cothabháil ghinearálta an tsiopa.
Cúntóir Léiriúcháin Craolacháin
Cúntóir Marglainne Cabhraíonn an Cúntóir Marglainne i reáchtáil marglainne. Is féidir tascanna éagsúla a bheith i gceist. idir chúram ainmhithe agus ghníomhaíochtaí díolacháin ainmhithe. Bíonn obair le hainmhithe agus feirmeoirí i gceist.
Dearadh org fórsa oibre agus forbairt straitéise
Déileálaí Airgeadais Bíonn an Déileálaí Airgeadais freagrach as seiceáil margaidh airgid a dhéanamh gach lá agus teagmháil a dhéanamh le custaiméirí maidir le gluaiseachtaí sa mhargadh.
Déileálaí Seandachtaí Bíonn Déileálaithe Seandachtaí i mbun míreanna bailitheora a cheannach agus a dhíol, ar míreanna iad a bhfuil luach ealaíne ag baint leo, nó luach mar gheall ar cé chomh maith a caomhnaíodh iad, cé chomh gann is atá siad nó mar gheall ar a n-aois.
Díoltóir Gluaisteán Oibríonn an Díoltóir Gluaistán i ngaráiste nó i seomra taispeána gluaisteán ag díol gluaisteán leis an bpobal.
Dlíodóir - abhcóide Tugann Dlíodóir sainchomhairle maidir le ceisteanna coimpléascacha dlí agus seasann sé/sí do dhaoine sa chúirt.
Dlíodóir -aturnae Tugann comhairle do dhaoine maidir le cúrsaí dlí agus déanann teagmháil le habhcóide le linn cásanna cúirte.
Eolaí Trialacha Cliniciúla Bíonn i mbun drugaí a dháileadh agus monatóireacht a dhéanamh ar shiomptóim, ar fho-iarmhairtí, agus ar thorthaí le linn na dtrialacha cliniciúla a dhéantar le drugaí nua.
Feidhmeannach Margaíochta Déanann an Feidhmeannach Margaíochta maoirsiú ar straitéis mhargaíochta do tháirge nó do sheirbhís chuideachta.
Fiontraí Sóisialta
Foireann i mBeár Déanann an Fhoireann i mBeár freastal ar riaradh deochanna i dtithe leanna. i dtolglanna. in óstáin agus in ionaid fóillíochta.
Freastalaithe eitilte/taistil Tugann Freastalaithe eitilte/taistil aire do chúram compoird agus sábháilteachta na bpaisinéirí ar aerlíne. Taispeánann siad nósanna imeachta sábháilteachta. ullmhaíonn bia. seirbheálann béilí agus deochanna chomh maith le hearraí a dhíol le linn na heitilte.
Garda- Bleachtaire is Cigire Déanann imscrúduithe chun coireanna a chosc agus chun cásanna coiriúla a réiteach.
Gníomhaire - Tacaíocht do Chustaiméirí Déanann an Gnoimhaire seo bainistíocht ar chaidrimh theileafóin custaiméirí. ag úsáid próiseas. uirlisí agus córas cuí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na gcustaiméirí.
Gníomhaire ealaíon / Tionscnóir
Gníomhaire Eastáit Eagraíonn an Gníomhaire Eastáit díolachán nó cíos réadmhaoine cónaithe agus tráchtála.
Ionadaí Díolacháin Díolann an tIonadaí Díolacháin táirgí agus seirbhísí cuideachta le cuideachtaí agus cumainn eile agus leis an bpobal i gcoitinne.
Ionadaí Díolacháin Idirnáisiúnta Téann an tIonadaí Díolacháin Idirnáisiúnta i dteagmháil le custaiméirí nua agus iad siúd atá ina gcustaiméirí cheana chun a riachtanais a phlé. Ainmníonn siad táirgí agus seirbhísí bunaithe ar a n-eolas ar riachtanais chustaiméirí.
Ionadaí Díolacháin Theicniúil - Teileachumarsáid Is saineolaithe teicniúla na hionadaithe seo a thugann comhairle maidir le díolachán trealaimh ardteicneolaíochta le cliaint.
Mórdhíoltóir
Oibrí Faiche Aonaigh Déanann oibrithe faiche aonaigh maoirseacht ar mharcaíochtaí, ar sheónna agus ar mheaisíní cluichí. Bíonn siad i mbun an trealamh a bhaint as a chéile agus a chur in airde ag aonaigh éagsúla de réir mar a bhogtar ó áit go háit.
Oibrí Forbartha Pobail Oibríonn le daoine aonair, le teaghlaigh nó le pobail iomlána chun cuidiú leo seilbh a ghlacadh ar a saol féin agus fheabhas a chur ar a saol.
Oibrí Teilidhíola Díolann earraí nó seirbhísí le gnóthaí nó daoine aonair ar an teileafón.
Oibrí Tógála Déanann an tOibrí Tógála tionscadail tógála. innealtóireacht shibhialta. innealtóireachta agus ailtireachta a mhaoirsiú. a rialú agus a chomhordú ar an láthair.
Oifigeach Baincéireachta Tráchtála Bíonn an tOifigeach Baincéireachta Tráchtála freagrach as monatóireacht agus rialú iasachtaí trádála.
Oifigeach Caidrimh Thionsclaíochta Oibríonn an tOifigeach Caidrimh Thionsclaíochta ar chaidreamh maith a chothabháil idir fostóirí agus a bhfoirne san áit oibre.
Oifigeach Ceardchumainn Gníomhaíonn an tOifigeach Ceardchumainn mar ionadaí d’oibrithe in idirbheartaíocht maidir le fostaíocht le fostóirí.
Oifigeach Talmhaíochta Cabhraíonn an tOifigeach Talmhaíochta le monatóireacht ar cur i ngníomh scéimeanna éagsúla Rialtais ag baint le Talmhaíocht. Bia agus Foraoiseacht.
Óstán - Bainisteoir Ginearálta Bíonn an Bainisteoir Ginearálta freagrach as feidhmiú an óstáin. comhordú iarrachtaí foirne. tuilleadh gnó a fháil agus costais a rialú.
Pleanálaí Léiriúcháin Pleanálann agus ullmhaíonn an Pleanálaí Léiriúcháin an sceideal le haghaidh táirgeachta i gcuideachta dhéantúsaíochta.
Pleanálaí Loighistice Eagraíonn agus pleanálann an Pleanálaí Loighistice bogadh táirgí agus ábhar ó sholáthraithe go custaiméirí.
Polaiteoir Déanann an pobal é/í a thoghadh go daonlathach chun ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí, cúiseanna imní agus smaointe bhaill a ndáilcheantair.
Preasoifigeach
Príomhoide Scoile Déanann príomhoide scoile pleanáil, eagrú, stiúradh agus meastóireacht ar ghníomhaíochtaí múinteoirí nó ball foirne eile ina scoil.
Radharceolaí Scrúdaíonn Radharceolaí radharc daoine agus ordaíonn lionsaí agus spéaclaí chun fadhbanna radhairc a cheartú.
Radharceolaí Dáiliúcháin Oibríonn an Radharceolaí Dáiliúcháin i siopa spéaclaí ag cur lionsaí agus spéaclaí cearta ar fáil do chustaiméirí.
Rialathóír Aerthráchta Maor tráchta na spéartha atá sa Rialtóir Aerthráchta. atá freagrach as comhordú agus stiúradh na n-aerárthach ar bhealaí eitilte.
Sainchomhairleoir TF Oibríonn i gcomhpháirtíocht le cliaint, ag cur comhairle orthu faoin gcaoi le teicneolaíocht faisnéise a úsáid d’fhonn cuspóirí gnó a bhaint amach nó fadhbanna a shárú.
Speisialtóir Gruaige & Scalp

 Leathanach taispeána 1 de 2 leathanaigh