Baile     

Cuardaitheoir Gairme

Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le ábhair fhíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.Cuardaigh >
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíonn gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.  Cuardaigh >
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is b'fhéidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.  Cuardaigh >
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.  Cuardaigh >
I gcás ghairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  Cuardaigh >
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.  Cuardaigh >
Torthaí |
 Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Éileamh

Máistir Gréasáin Dearann agus cruthaíonn an Máistir Gréasáin leathanaigh ghréasáin agus suímh ghréasáin do ghnóthaí agus do dhaoine aonair.
Amharcmharsantóir Déanann taispeántais miondíola a dhearadh agus a chruthú d’fhuinneoga agus ranna na siopaí miondíola.
Clóghrafóir Déanann formáidiú agus léamh profaí ar théacs agus ar íomhánna a chuireann dearthóirí agus cliaint ar fáil, ag féachaint le leathanaigh chríochnaithe a fháil ar ais ar féidir iad a chur i gcló.
Ealaíontóir Tatúnna Baineann leas as snáthaidí agus as dathanna chun dearadh buan a chur ar chraiceann an chliaint, trí dhúch a chur isteach trí instealladh faoi bhun an chraicinn.
Dearthóir Amharclainne/Teilifíse Déanann dearthóirí amharclainne/teilifíse na radharcanna seachtracha agus inmheánacha a chruthú nó a roghnú do léiriúcháin teilifíse/scannáin.
Teicneoir/Innealtóir Fuaime Cuireann an Teicneoir seo le chéile. oibríonn agus rialaíonn an trealamh fuaime a úsáidtear i stiúideonna taifeadta. teilifíse agus scannáin agus ag ócáidí beo.
Amhránaí Canann Amhránaí le grúpa. le cór nó leis/léi féin. ag taifeadadh amhrán agus ag cur siamsaíochta ar fáil do dhaoine le taibhiú beo.
Dealbhóir Dearann agus déanann Dealbhóir dealbha. oibiachtaí agus figiúirí ealaíonta ach ábhair éagsúla a mhúnlú.
Scríbhneoir scáileáin
Clódóir Scáileáin Baineann clódóirí scáileáin úsáid as scáileán fabraice chun clódóireacht a dhéanamh. Déanann siad dearthaí, pictiúir agus íomhánna eile a phriontáil ar ábhair éagsúla.
Piriteicneolaí
Dearthóir Léiriúcháin - Teilifís/Scannánaíocht Tá an fhreagracht ar an Dearthóir Léiriúcháin sa tionscal scannánaíochta agus teilifíse as stíl an léiriúcháin a chruthú agus dearadh físeach a bhunú agus a phleanáil.
Léiritheoir Déanann Léiritheoir maoirseacht ar reáchtáil léirithe don teilifís. raidió. scannán nó an stáitse. agus déanann é a bhainistiú.
Criadóir Dearann agus déanann Criadóir uirlisí agus ornáidí as cré agus uisce.
Grianghrafadóir - Faisean, Preas & Spórt Bíonn grianghrafadóirí faisin ag obair ar sheisiúin ghrianghrafadóireachta, agus clúdaíonn grianghrafadóirí preasa agus spóirt imeachtaí ar díol spéise iad sa nuacht.
Grianghrafadóir Úsáideann an Grianghrafadóir ceamara chun íomhánna de dhaoine. d'áiteanna. de tharluithe agus d’ócáidí a thaifeadadh.
Taibh-ealaíontóir Déanann an Taibh-ealaíontóir traenáil agus gleacaíocht agus freastalaíonn siad ar ranganna damhsa. amhránaíochta agus ceoil chun leibhéil ard d’inniúlacht theicniúil. d’ábaltacht fhisiceach agus d’fholláine fhisiceach a chothabháil.
Eagarthóir Nuachtán – Irisleabhar Déanann an tEagarthóir Nuachtán/Irisleabhar foilsiú rialta páipéir nuachtáin nó irise a chomhordú agus a bhainistiú.
Ceoltóir Gairmiúil Seinneann agus taifeadann Ceoltóir Gairmiúil le grúpaí ceoil. le healaíontóirí agus ceolfhoirne ag seinm ar uirlis cheoil.
Bainisteoir Teicniúil Ilmheáin Bíonn an Bainisteoir Teicniúil Ilmheáin freagrach as comhordú teicniúil na gcodanna éagsúla den tionscadal ilmheáin.
Léiritheoir Ilmheáin Bíonn baint ag an Léiritheoir Ilmheáin le gach páirt den tionscadal ilmheáin. Déanann teagmháil leis an bhfoireann táirgiúlachta agus an cliant chun a chinntiú go gcomhlíontar spriocanna.
Dearthóir Ilmheáin Dearann an Dearthóir Ilmheáin grafaicí agus láithreoireachtaí amhairc d’fheidhmchláir ilmheáin ar an ríomhaire.
Ealaíontóir Smididh Úsáideann an tEalaíontóir Smididh smideadh chun tréithe duine a fheabhsú nó a charachtarú don stáitse. do scannáin nó don teilifís.
Teicneoir Solais Cuireann an Teicneoir seo le chéile. rigeáileann agus rialaíonn trealamh soilsithe do sheónna agus d’ócáidí ar stáitse. i scannán nó ar an teilifís.
Dearthóir Intí Dearann an Dearthóir Intí maisiúchán intí do gach cineál foirgnimh agus déanann bainistiú ar an bpróiseas féin.
Dearthóir Tionsclaíochta Bíonn dearthóirí tionsclaíochta, nó dearthóirí tairgí mar a thugtar orthu uaireanta, i mbun beagnach gach táirge do thomhaltóirí agus gach píosa trealaimh caipitil do tháirgeadh mórscála a chruthú.
Léiritheoir Teicniúil Tarraingíonn an Léiritheoir Teicniúil léirithe teicniúla mar léaráidí do lámhleabhair treoracha agus do théacsleabhair.
Maisitheoir Mínealaíontóirí iad maisitheoirí a chuireann smaointe, fíricí agus mothúcháin i láthair ag úsáid a scileanna péintéireachta, líníochta agus cruthaiteachta.
Gruaigeadóir Oibríonn an Gruaigeadóir i siopa gruagaire. ag ní. ag gearradh agus ag stíleáil gruaige.
Ealaíontóir Grafach Dearann an tEalaíontóir Grafach grafaicí le húsáid sna meáin agus i dtáirgí ilmheáin amhail irisí. lipéid. CD-ROManna. fógraí agus comharthaí.
Dearthóir Ríomhchluichí Smaoineann ar choincheapa nua le haghaidh ríomhchluichí, agus déanann roghanna maidir le dearadh i bhforbairt na gcluichí sin chun feabhas a chur ar thaithí an imreora.
Dearthóir/Déantóir Troscáin Cruthaíonn coincheapa agus dearthaí do throscán spéisiúil, aestéitiúil agus feidhmiúil agus na táirgí bainteacha chun iad a dhíol le siopaí miondíola troscán.
Bláthadóir Eagraíonn agus dearann an Bláthadóir taispeántais agus crobhaingí bláthanna ag úsáid bláthanna agus plandaí.
Ealaiontóir Cruthaíonn ealaíontóir saothair ealaíne, mar shampla péintéireachtaí, dealbha, mósáic nó grianghraif.
Eagarthóir Scannán/Fístéipe Cuireann an tEagarthóir Scannán/Fístéipe eagar ar agus phíosaí scannáin réamhthaifeadta agus ullmhaíonn iad le haghaidh scannáin nó físe.
Teicneolaí Faisean
Stílí Faisin Oibríonn stílithe faisin do dhaoine aonair, do chomhlachtaí faisin nó do bhrandaí éadaí.
Mainicín Oibríonn an Mainicín sna tionscail faisin agus fógraíochta ag mainicíneacht éadaigh. cosmaidí agus táirgí eile.
Dearthóir Faisin Dearann agus cruthaíonn an Déarthóir Faisin gach cineál éadaigh agus gabhálais faisin.
Maintín Déanann Maintín gach cineál gúnaí agus sciortaí trí éadach a thomhas. a ghearradh agus a fhuáil.
DJ Meascann DJ dioscaí agus rianta le haghaidh siamsaíochta i láithreáin éagsúla - dioscónna. clubanna. bainiseacha. cóisirí príobháideacha srl.
Stiúrthóir - Teilifís / Scannán
Foilsitheoir Deisce Úsáideann an Foilsitheoir Deisce ríomhaire agus sainbhogearraí chun leabhair. páipéir nuachta agus irisí a dhearadh agus an leagan amach a chruthú dóibh.
Damhsóir Baineann damhsóirí leas as an ngluaiseacht chun scéal a chur i láthair. Mar shampla, d’fhéadfadh léiriú carachtair a bheith i gceist nó léirmhíniú ar ról áirithe, i mbailé damhsa nó taibhiú ceoil.
Damhsóir/Múinteoir Damhsa Bíonn an Damhsóir/Múinteoir Damhsa ag rince agus ag teagasc rince do dhaoine.
Stiúrthóir Cruthaitheach Cruthaíonn agus forbhreathnaíonn an Stiúrthóir Cruthaitheach dearadh cruthaitheach tionscadail.
Dearthóir Ceardaíochta Cruthaíonn dearthóirí ceardaíochta dearthaí do mhíreanna déthoiseacha agus tríthoiseacha. D’fhéadfaidís a bheith ag obair do dhéantúsóirí móra nó bheith féinfhostaithe.
Dearthóir Feistis/Seite Dearann an Dearthóir Feistis/Seite feistis agus láithreáin stáitse do léiriúcháin teilifíse. scannáin agus stáitse.
Cumadóir (Ceoil) Scríobhann agus cóiríonn saothair cheoil le go ndéanfaí iad a fhoilsiú, a úsáid i rianta fuaime nó i meáin eile, nó i léiriú beo ceoil.
Cartúnaí
Oibrí Ceamara Oibríonn an tOibrí Ceamara an trealaimh ceamara atá ag teastail chun scannáin. fístéipeanna agus cláir theilifíse a dhéanamh.
Teicneoir DRC Úsáideann an Teicneoir DRC ríomhaire agus bogearraí speisialta chun líníochtaí agus dearthaí sonraithe a tháirgeadh.
Gobha
Teiripeoir Scéimhe Cuireann cóireáil chosmaide ar fáil chomh maith le comhairle chun feabhas a chur ar chuma agus ar fholláine ghinearálta an chliaint.
Comhairleoir Scéimhe
Sciamheolaí Tairgeann Sciamheolaí cóireáil scéimhe don aghaidh agus don chorp do chliaint agus tugann comhairle dóibh maidir le cúram scéimhe.
Teicneoir Ailtireachta Bíonn ról ag an Teicneoir Ailtireachta sa dearadh teicniúil comhordaitheach atá mar chuid den phróiseas tógála.
Ailtire Déanann Ailtire foirgnimh a dhearadh agus a phleanáil agus stiúrann sé/sí tógáil na bhfoirgneamh sin.
Beochantaóir Tugann an Beochantóir beatha do bheochan agus chartúin i scannáin agus fístéipeanna ach clár scéalta réamhphleanáilte a leanúint.
Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta Caitheann an Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta a h(am)ag tobsmaointeoireacht. ag pleanáil agus ag eagrú smaointe d’fhógraí nua.
Aisteoir Glacann Aisteoir páirt carachtair i ndrámaí. léiriúcháin agus fógraí do scannáin. don teilifís. raidió agus don stáitse.