Baile     
Scileanna Gairme

Scileanna Gairme

Seans go mbeadh ionadh ort ach d'fhéadfadh go leor de na scileanna a bheith agat cheana féin a bhfuil gá leo chun obair i láthair oibre na linne seo.

Ní scileanna eolas-bhunaithe ar leith na scileanna sin, a bheadh le foghlaim le linn tréimhse phrintíseachta, sa choláiste nó ag an obair, ach 'scileanna inaistrithe' a mbíonn gá ag gach duine leo agus muid ag obair le daoine eile, ar thionscadail nó fiú as ár stuaim féin. Forbraítear na scileanna sin trí bheith i mbun gnáthghníomhaíochtaí laethúla. Ní scileanna iad a ‘múintear’ go foirmiúil ar scoil, ach d'fhéadfaí iad a fhorbairt ann, sa bhaile, nó d'fhéadfaí iad a ghnóthú trí chaitheamh aimsire nó trí chairdeas.

Na scileanna seo is gnáthscileanna iad, sin an chúis nach dtugaimid iad faoi deara. Glacaimid leis go bhfuil na scileanna seo againn agus dá bhrí sin ní dhéanaimid aon iarracht feabhas a chur orthu ná iad a fhorbairt. I measc na scileanna sin a fhorbraímid gan fiú é a thabhairt faoi deara tá 'scileanna cumarsáide', 'scileanna idirphearsanta' agus 'scileanna eagrúcháin'

Cén fáth a bhfuil siad tábhachtach?

Cuir i gcás go raibh beirt ag cur isteach ar an bpost céanna mar eolaí. Cuirtear an cheist chéanna ar an mbeirt san agallamh - an dóigh leat go mbeifeá go maith ag an bpost seo? An freagra a thugann an chéad iarrthóir ná 'is dóigh liom', gan tada eile a rá. An freagra a thugann an dara hiarrthóir ná seo: 'is dóigh liom' agus ansin cuireann sé/sí síos ar na cúiseanna. Cé go bhfuil an bheirt cáilithe don phost tá 'scileanna cumarsáide' níos fearr ag an dara hiarrthóir i.e. níos fearr ag cur eolais in iúl do dhaoine eile. Cé go bhfuil céim onóracha ag an mbeirt, tá buntáiste láithreach ag an iarrthóir a bhfuil forbairt déanta aige/aici ar na 'gnáthscileanna'.

Seans maith go raibh an chéad iarrthóir den tuairim gur leor an cháilíocht cheart a bheith aige/aici. Ach Ní Fíor! D'fhéadfá glacadh leis go mbeidh cúpla iarrthóir eile láncháilithe ag cur isteach ar an bpost céanna leatsa - is é sin go mbeidh na cáilíochtaí céanna acu leat, nó fiú cáilíochtaí níos fearr. Mar sin, ní ar bhonn na gcáilíochtaí amháin a bhronnfar an post nó an conradh ort! Bíonn sé an-tábhachtach go léiríonn tú go ndearna tú forbairt ar na ‘gnáthscileanna’.

Picture of skill prizes

Conas na Scileanna sin a Fhorbairt?

Is bealach iontach é taithí oibre chun do scileanna gairme a fhorbairt. Mar sin, cuir isteach ar an gComórtas Scileanna Gairme (sonraí thíos) agus déan taifead ar na scileanna atá forbartha agat chun an chuid is fearr a bhaint as do thaithí oibre!

 

 

Comórtas Scilenna Gairme